I ndeireadh an 19ú haois bhí sean-Ghaeilgeoirí líonmhar go maith sna bailte móra ar bhruach na Gaeltachta. Bhí duine díobh anseo is ansiúd a chuir spéis in obair na hathbheochana. Sampla is ea Aindrias Ó Marcaigh. I mBaile na gCléireach, Co. Ard Mhacha, a rugadh é agus is aint leis san áit sin a thóg é agus is uaithi a fuair sé an saibhreas Gaeilge agus seanchais. In A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003 deir Pádraigín Ní Uallacháin gurbh in Áth na gCasán, Co. Lú, a rugadh é. Chuaigh sé le ceird an bhúistéara agus ar feadh breis agus trí scór bliain bhí ag obair i siopa búistéara mhuintir Mhic Aodha i bPlás Roden, Dún Dealgan.

Bhí meas seanduine air ag na fir óga a bhíodh ag freastal ar ranganna Phroinsiais Mhic Uinseannáin i gCraobh Dhún Dealgan de Chonradh na Gaeilge timpeall 1899–1901. Chloiseadh siad Aindrias agus Proinsias ag comhrá le chéile go pléisiúrtha nádúrtha i nGaeilge agus b’fhada leo go mbeidis réidh le leabhair Uí Ghramhna. Chuir siad aithne ar Aindrias agus thugadh ‘Daidí’ air. Ba ghairid go raibh ‘craobh’ nó ‘scoil cois sráide’ ar siúl aige. ‘Gaeilge na leabhar a bhí ar siúl ag an múinteoir ach Gaeilge bheo aibidh sheandaoine na comharsanachta seo a bhíodh againn ar thaobh na sráide’. (Stair na Craoibhe: Dún Dealgan 1899–1939, 1940).

Deir Peadar Ó Dubhda sa chuntas sin gur ‘fear a bhí beagán thar an mheánaois ab ea é an t-am sin’. ‘Agus sna blianta fada ina dhiaidh sin b’é Aindrias an máistir ab fhearr a bhíodh againn. Ba doiligh do dhuine ar bith anois a chreidiúint an dúil mhór a bhí ag duine mar é sa Ghaeilge agus an dúil a chuir sé sna gasúir óga a bhíodh ag stracadh len í a fhoghlaim. Dhéanadh sé rud ar bith dúinne le cuidiú linn agus nuair a tháinig an t-am go rabhamar ábalta beagán cainte a dhéanamh agus focail agus ráite a scríobh síos ba ghnách leis sinn a thabhairt ar charr amach faoin tuaith ar cuairt chuig seanduine éigin a raibh ceolta nó scéalta aige. Ba mhinic a d’fheictí é ina sheasamh oíche ar thaobh na sráide agus cúigear nó seisear de na hógánaigh sin thart air agus é ag insint scéalta nó ag miniú seanfhocal nó ag cur síos ar fhilíocht Airt Mhic Chumhaigh, an Daill Mhic Chuarta nó Pheadair Uí Dhoirnín ... trí nó ceithre oíche sa tseachtain ag siúl thart nó ina seasamh ag geata nó ag doras faoi fhoscadh ón doineann. Ní raibh halla ná seomra a dtiocfadh leo dul isteach ann ach ar oíche Chéadaoin, an oíche a mbíodh an rang ar siúl.... Chluintí na gáirí arda acu go minic nuair a bhíodh scéal grinn éigin á insint ag Aindrias ...’.

Aindrias a sholáthraigh an chuid is mo de na scéalta a chuir Énrí Ó Muirgheasa i gcló in Greann na Gaeilge, 1901–7. Tá ábhar a thóg Séamus Ó Searcaigh uaidh in Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt, 1926. Is ar a chuid cainte a bhunaigh Alf Sommerfelt a bhfuil le rá aige san aiste ‘South Armagh Irish’ in Norsk Tidsskr. For Sprogvidenskap II, 1929.

D’éag sé ar 22 Meitheamh 1924 agus cuireadh é i Reilig Naomh Pádraig, Dún Dealgan. Na fir óga úd a bhí ag foghlaim na teanga uaidh a d’iompair a chónra. Scríobh Peadar Ó Dubhda cuntas moltach air in An tUltach, Uimhir 7, Mí na Féil’ Mlinne 1924: ‘Le cúig bliana is fiche anuas bhí Aindrias ag síorbhronnadh ar Ghaeilgeoirí óga na Maighe seo na seoda luachmhara do-cheannaithe sin a bronnadh air féin. Agus chan suarach an méid díobh a bhí aige. Cha creidtear go raibh a chomhshamhail de Ghael ar an seanbhunadh lenár linn’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú