Ba iad Seosamh Ó Dálaigh (d’éag 1992) agus an Dubhdach seo a bhailigh trom an bhéaloidis i gCorca Dhuibhne, dar le Bo Almquist (‘Seán Ó Dubhda, bailitheoir béaloidis’ in Iris na hOidhreachta 3: Ár bhFilí, 1991 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta).

Saolaíodh é i mbaile fearainn na Coille Móire i bparóiste an Bhaile Dhuibh 22 Márta 1878. Feirmeoir ba ea a athair Seán (John Dowd) agus ba í Ellen Egan a mháthair. Ba é Seán Ó Domhnaill, athair Phádraig Uí Dhomhnaill, a bhí mar mhúinteoir aige i scoil Fhearann na Coille. Ceapadh ina mhonatóir ansiúd é agus chaith dhá bhliain ar ball sa choláiste oiliúna i Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath. Thosaigh sé ag múineadh i Scoil na Muirígh i 1902 agus d’fhan ansin gur éirigh sé as an múinteoireacht i 1943. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán le cur isteach i gcomórtais Fheis an Daingin i bhfíorthosach an chéid agus bhuaigh duaiseanna Oireachtais i 1904 agus 1905. Bhuaigh sé duais ar ghearrscéal ag Oireachtas 1912. Bhí léamh na teanga ag a athair agus is cosúil gur uaidhsean agus nach i scoil ná coláiste a d’fhoghlaim sé féin conas an Ghaeilge a scríobh. Tháinig sé faoi anáil an tSeabhaic [Pádraig Ó Siochfhradha] timpeall an ama seo. Ba é siúd ba mhó faoi deara go ndearna Seán an saothar tábhachtach úd Duanaire Duibhneach .i. bailiú d’amhránaibh agus de phíosaibh eile filidheachta a ceapadh le tuairim céad bliain i gCorca Dhuibhne, agus atá fós i gcuimhne agus i mbéaloideas na ndaoine ann, 1933.

Séamus Ó Duilearga an duine eile a raibh tionchar mór aige air. Chuir sé aithne air i Lúnasa 1927 agus is uaidh sin amach a bhí sé ag cur go mór lena chlú mar bhailitheoir béaloidis. Bhí sé fostaithe go lánaimseartha ag Coimisiún Béaloideasa Éireann ó I Meán Fómhair 1952, nuair a bhí sé 74 bliain d’aois, go 31 Eanáir 1962. D’éag sé 26 Nollaig 1963. D’éag a bhean Nóra ar 8 Iúil 1960. Tá siad curtha i gCill Maolchéadair.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú