Ba é Críostóir Mac Cárthaigh a d’aimsigh na dátaí breithe agus báis agus tá cuntas cuimsitheach ar an bhfile i gcló aige in Iris na hOidhreachta 3: ár bhfilí, 1991 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Is é a shíl Tomás Ó Criomhthain gur timpeall 1825 a saolaíodh é ach an t-aon duine den ainm a bhí Críostóir in ann a aimsiú sna cláir bhaiste roimh 1828 ná an Seán Ó Duinnshleibhe a rugadh 19 Meitheamh 1812. Seán ab ainm dá athair agus ba í Eibhlis Ní Shé a mháthair agus is sa Bhlascaod a bhí cónaí orthu ag an am. B’as Fionntrá do mhuintir Dhuinnshléibhe agus cuireadh as seilbh iad i dtús an 19ú haois. Roimhe seo síleadh gur tugadh an file chun an Bhlascaoid ina leanbh nó gur chliamhain isteach san oileán ba ea é. Phós sé Máire Ní Mhainnín in 1834 agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Théadh sé ag spailpínteacht i gCiarraí agus b’fhéidir soir go Luimneach, Tiobraid Árann agus fiú go Cill Chainnigh. ‘On these wanderings he acquired an immense store of knowledge, tales and poems and sayings, all that vast flood of popular tradition which remained while Irish was still a living power ...’, a dúirt Robin Flower faoi in The Western Island, 1944. D’éag sé 28 Márta 1889. ‘He lived poor and he died poor, and it is said was hard put to it to get a drink of milk on his deathbed’, dar leis an seanchas a chuala Robin Flower. Tá fianaise éigin ann go raibh féith na filíochta ag duine dá dheirfiúracha, ag duine dá iníonacha, agus ag a gharmhac.

Tá dosaen amhrán dá dhéantús i gcló ag Seán Ó Dubhda in An Duanaire Duibhneach, 1933. ‘Beauty deas an Oileáin’ agus ‘Cuilt an Oileáin’ an péire díobh is mó a bhí i mbéal an phobail. Is é an file is mó é dá bhfuil i gceist ag Art Ó Beoláin san aiste ‘An Pobal Duibhneach’, ar cur síos é ar a bhfuil in An Duanaire Duibhneach (i gcló in Merriman agus filí eile, 1985). Seachas na heachtraí ar scríobh sé na hamhráin fúthu is beag atá ar eolas ina thaobh. Tá cur síos ag Ó Criomhthain in An tOileánach ar lá a chuir an file amú air sa phortach: ‘... agus do bhí an lá úd ar na chéad laethanta riamh gur bhraitheas an saol ag teacht im’ choinne mar is ea a bhí lá liom agus cúig lá i mo choinne as seo amach’. Deir Muiris Mac Conghail: ‘I believe that Tomás Ó Criomhthain’s genesis as a writer is set out by him in his account of this encounter with Ó Duinnshlé ...’ (The Blaskets: a Kerry island library, 1987).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú