RUISÉAL, Máire (1855–1949)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ainneoin nach bhfuair Máire Ruiséal oideachas foirmiúil scoile riamh, ba dhomhain, fairsing an stór béaloidis a bhí aici. Thóg Seosamh Ó Dálaigh, an bailitheoir iomráiteach béaloidis ó Dhún Chaoin – nó Joe Daly mar a tugadh air – isteach is amach le 900 leathanach béaloidis uaithi. Bhailigh Proinsias Ó Raghallaigh, Heinrich Wagner agus Caoimhín Ó Danachair ábhar uaithi leis. Thug an Dálach léargas breá do Phádraig Tyers ar chumas Mháire mar scéalaí agus tá sé sin i gcló sa leabhar Abair Leat a d’fhoilsigh An Sagart sa bhliain 1999:

Is dócha gurb í Máire Ruiséal is mó go raibh scéalta aici agus bhí a lán seanchais aici chomh maith. Bhí eolas aici ar luibheanna. Scéalta cuíosach fada a bhí aici. Ní raibh, chomh fada le mo chuimhne anois, aon scéalta gaisce aici.

In éineacht leis sin, tá cuntas den chéad scoth tugtha ag Joe féin ar an saol anróch a chaith Máire agus a deirfiúr Cáit, le linn a n-óige go háirithe, agus tá ar fáil air sin i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (CBÉ 096: 271-278):

De réir mar thuigeas ó Mháire féin rugadh í ar thaobh éigin de La ’le Pádraig 1856 [sic]. Bhí beirt dhearthár agus beirt dheirféar aici agus bhí ceathrar eile muirir ar a muintir ach do cailleadh an ceathrar san leis an ocras insa Drochshaol. Bhí féar trí mba thalamh age na muintir ar an mBóthar Buí i bParóiste Chill Mhaolcéadair ach do cuireadh amach as an dtalamh san iad trí seachtaine sarar saolaíodh Máire agus is i mbothán beag in Arda Mór (sa pharóiste céanna) a tháinig Maire ar shaol na bpeacaí.

Is ríléir ón gcuntas seo gur saolaíodh Máire in am agus in áit ina raibh an bhochtaineacht agus an t-anró ina luí go trom ar dhaoine, agus go raibh an-droch-chaoi ar mhuintir Mháire. Sa chuntas céanna sin, deir Joe Daly é seo:

Deir sí féin liom go raibh stutha clúimh trí na haon bhlúire di nuair a saolaíodh í agus go bé rud fé ndearr é sin ná an t-uireasa a bhí beirthe ar a máthair. Tá téarma ag lucht leighis ar an staid seo – lanugo – agus ceann des na cúiseanna leis an stutha clúimh a bheith ar bhunóc is ea easpa saille a bheith sa chorp chun an bhunóc a choimeád te is go dtagann clúmh ar chorp na bunóice chun an teas a choimeád gan éalú ón gcorp.

D’fhan Máire in Arda Mór go raibh sí naoi mbliana agus ‘níor chua sí lá riamh ar scoil.’ Nuair a bhí sí naoi mbliana chuaigh sí go dtí Mícheál Ó Murchú a bhí i gCeann Trá ag tabhairt aire do na rudaí beaga a bhí ann. Thug sí bliain ansin ar phunt ach níorbh í ceist an airgid ba mhó an uair sin ach ceist an bhia, rud a bhí aici ansin.

Nuair a d’fhág sí an áit sin chuaigh sí in aimsir ag Dan Buí Ó Séaghdha ag cnuasach prátaí ar feadh míosa ar thoistiún sa lá. Bhí Dan Buí ina chónaí ar an mBaile Loiscthe, paróiste Chill Maoilchéadair (nó paróiste na Cille, mar a thugtar go háitiúil air), agus paiste talún faoina chúram. Fear dícheallach, gnóthach ba ea Dan Buí a pósadh trí bhabhta. Ba é seanathair Mhaidhc Dainín Uí Shé é. As aon mhí amháin a fuair Máire íocaíocht an bhliain sin, dar le Joe, agus ní bhfuair sí aon phá as an gcuid eile den bhliain. É sin ráite, fuair sí bia agus níor bheag an méid sin san am sin. ‘Ach do thugas an bhliain ann,’ a dúirt sí le Joe Daly, agus ‘(ba) mhór an ní liom an bia a bheith agam.’

Thug sí bliain eile in aimsir ar an mbaile aici féin, Arda Mór, ar chóta plainín (flainín). Dhá bhliain déag a bhí sí nuair a chuaigh sí go Baile Dháith in aimsir. Thug sí bliain ann ar phunt.

Thug sí trí bliana ansin do Pheaid Connor i mBaile na bPoc i bparóiste Chill Chuáin (nó paróiste Mórdhach mar a thugtar go háitiúil air) agus théadh sí ‘ón tráigh ar dheire na hoíche le líon feamainne agus bhíodh sí amach dtína bhásta san uisce ar cheann a’ lín a tabhairt na feamainne isteach.’ Bhí Máire an-láidir as a géaga agus as a droim. Deirtear, fad a bhí sí in aimsir i mBaile na bPoc ceann de na tráthnónta, gur thóg sí mála mine a raibh fiche cloch meáchain ann ar a baclainn as an gcairt a bhí amuigh sa bhuaile agus bhuail sí in airde ar an mbord sa chistin istigh é.

Thug sí formhór a saoil in aimsir go dtí gur phós sí. Ainneoin na dtréimhsí sin in aimsir, ní dheachaigh saibhreas scéalaíochta a muintire amú ar Mháire. ‘Faid a bhínn age baile bhíodh m’athair ag scéaltóireacht na haon oíche d’fhonn is go bhfanfaimis istigh agus ní raibh aon scéal riamh déanta ná go raibh aige,’ a dúirt Máire. Is óna hathair a chuala sí an tseanchaíocht agus thug sí ó dhúchas uaidh spéis a bheith sa tseanchaíocht aici. Ansin nuair a bhí sí anseo agus ansiúd ón Daingean aníos in aimsir chloiseadh sí seanchas agus scéalta agus do thug sí léi ina ceann iad.

Dhá bhliain is fiche a bhí sí nuair a phós sí Seán Ó Lubhaing, fear ó Dhún Chaoin a raibh paiste talún aige ar thaobh an chnoic i nDún Chaoin ar lantán a dtugtaí an Tobar air. ‘Gheobhainn fiche duine a phósfadh mé agus mé in aimsir i mBaile na bPoc ach ní phósfainn aoinne acu.’ Ní foláir ná go raibh an neamhspleáchas go smior inti mar thug sí cuntas do Joe Daly ar an tslí dhrámatúil ar dhiúltaigh sí den chleamhnas sin. Bhí cleamhnas déanta do Mháire le fíodóir a bhí ar na Gorta Dubha agus an dá dhream sa Daingean chun é a chríochnú nuair a tháinig fear chuici agus scéal aige ó Sheán a’ Tobair. Ní fhaca sí ina dhá súil riamh Seán a’ Tobair ach dúirt an fear a tháinig chuici go mb’fhearr di bó bhainne a bheith aici agus capall ná an fíodóir a phósadh. Chuaigh muintir an fhíodóra ó thuaidh go hArda Mór an Domhnach dár gcionn ach theith Máire agus chuaigh sí go Baile na bPoc. Bhíodar ag ithe, an fíodóir agus a mhuintir i dtigh athair Mháire an tráthnóna sin agus rug deartháir leis an bhfíodóir ar phláta agus chaith sé ar an urlár é agus rinne dhá shmut déag de. ‘Tá an cleamhnas,’ ar seisean, ‘chomh briste leis sin!’ (CBÉ 096: 271-278). Phós Máire agus Seán a’ Tobair a chéile an bhliain sin agus tháinig sí go Dún Chaoin. Bhíodh Seán ag siúinéireacht anseo agus ansiúd agus bhíodh Máire ag déanamh chúram an tí.

Thugtaí ‘Máire a’ Tobair’ ar Mháire Ruiséal babhtaí agus thugtaí ‘Méin’ a’ Tobair’ agus fiú ‘Máire a’ Tobair’ chomh maith ar a hiníon, Máire. Bhí aithne leis ag lucht béaloidis ar Mhéin a’ Tobair agus bhí sí pósta le Sítheach i mBaile Ícín i nDún Chaoin, in aice leis an bhfoirgneamh a mbíodh na Gardaí Cósta (‘Na Fir Ghorma’) ann tráth den saol. Cailleadh óg í.

Seo cuntas a thug Joe Daly ar Mhéin a’ Tobair:

Saolaíodh ‘Máire a’ Tobair’ mar a thugaimis uirthi i dTobar a’ Chéirín i nDún Chaoin. Ba í an iníon ba óige bhí ’ge Máire Ruiséal agus ag Sean Ó Lubhaing. Phós sí Pádraig ’ac Síthigh i mBaile ’ic Fhinn agus ní raibh sí an uair sin ach seacht mbliana déag. Bhí féar trí mba thalamh ansan agus bhí sí go sásta ann. Ana-bhean tí ba ea í agus bhí ana-mheon aici. Thóg sí a clann ansan – triúr mac agus beirt iníon ach do theip an tsláinte ansan uirthi agus nuair a bhí sí os cionn a buile díreach do tháinig an taom seo uirthi agus do cheiliúr sí agus do cailleadh í.

Seo aistriúchán Gaelainne ar chuntas deas mar gheall ar Mháire Ruiséal, atá ar fáil sa leabhar Oral Literature from Dunquin, Co. Kerry (Wagner, Heinrich & Mac Congáil, Nollaig, Institute of Irish Studies, QUB, 1983).

Maidir le Máire Ruiséal, ní raibh aon fhocal Béarla aici agus, dála fhormhór mhuintir na linne sin inar mhair sí, ní raibh scríobh ná léamh aici in aon chor. Bhí sí ag déanamh isteach ar a deich agus ceithre fhichead de bhlianta an chéad uair a casadh orm í istigh i dtigh Thomáis Uí Lubhaing (ar a dtugtaí ‘an Boiler’) agus a mhic siúd, fear cáiliúil (agus fear suilt agus cuideachta) ar a dtugtaí ‘an Pound’ (Séamus Ó Lubhaing); thugadh sí cuairt orthu sin gach aon tráthnóna. In ansin a thál sí a stór béaloidis orm ar feadh ráithe nó mar sin. Ba ghnách léi a bheith suite ar a corraghiob agus í os comhair na tine amach agus a dúidín á ‘ól’ aici [...] Thug sí dom gan dua a cuid scéalta agus amhrán.

Bhíodh oícheanta seanchais agus bothántaíochta i dtigh an tSíthigh (tigh iníon Mháire) i mBaile Ícín – bhíodh Máire ann agus a deirfiúr, Cáit, mar aon le Méiní ‘Chéitinn’ (a thug tamall ina bean chabhrach istigh sa Bhlascaod agus a bhí pósta le Seán Eoghain Ó Duinnshléibhe, duine de shaoithe an Oileáin) agus iníon Mháire, Méin. Mar a chuir Joe Daly é: ceathrar ban ansin ar aon tinteán amháin ar gach re scéal ar feadh mórán oícheanta, ar feadh mórán seachtainí.

Tá Máire curtha i Reilig Fionntrá.

Mícheál de Mórdha

Leabhair