Ba é a chum mórchuid dá bhfuil in Duanaire Duibhneach: bailiú d’amhránaibh agus de phiosaibh eile filidheachta a ceapadh le tuairim céad bliain i gCorca Dhuibhne, agus atá fós i gcuimhne agus i mbéaloideas na ndaoine ann, 1933, le Seán Ó Dubhda. Tá cur síos ar a shaothar ag Art Ó Beoláin in Céad bliain 1871–1971 in eagar ag Micheál Ó Ciosáin.

In Arda Mór i bparóiste an Fheirtéaraigh a rugadh é ar 26 Lúnasa 1860. ‘Cláisín Dháithí Bhig Ruiséal (nó Nicholas Russell mar a thugtar air sna taifid) agus Catherine O’Shea a thuismitheoirí. Bhí tuairim 12 acra de thalamh sléibhe ag Nioclás. Phós Micheál Mag Sayers.

Deir Seán Ó Dubhda nár chaith Micheál ach dhá lá ar scoil agus nár léigh sé leabhar riamh. ‘Amhránaí binn agus scéalaí slachtmhar. Ní raibh fear in larthar Dhuibhneach lena linn ba chruinne a raibh na seanscéalta aige’.

Bhí sé páirteach i gCogadh na Talún agus píce á íompar aige an lá úd i bhFeabhra 1887 nuair a bhíothas ar tí muintir Mhainnín agus Mhuircheartaigh a dhíshealbhú i mBaile an Fheirtéaraigh. Tá tagairt dó sa tuairisc a scríobh Seán Ó Lúing ar imeachtaí an lae sin in Céad bliain 1871–1971.

Baineann a dhéantus véarsaíochta le téamaí náisiúnta ar nós athbheochan na Gaeilge agus 1798 chomh maith le heachtraí áitiúla.

In Duanaire Duibhneach freisin tá péire amhrán a chum a mhac Seán (rugadh 27 Eanáir 1888, d’éag 15 Lúnasa 1963). Chaith seisean dhá bhliaín déag dá shaol sna Stáit Aontaithe – i Seattle, Springfield, deisceart Alaska agus ag obair sna mianaigh i mButte, Montana. Baineann ceann dá amhráin, ‘Amhrán na mianach’, leis an obair sin. Ní raibh scríobh na Gaeilge aige agus thug beirt Fheirtéarach, nianna le Pádraig Feirtéar, cúnamh dó chun na hamhráin a bhreacadh. Chuaigh sé le hiascaireacht arís mar shlí bheatha nuair a d’fhill sé ar Éirinn.

Mac eile le Micheál ba ea Tomás. Faoi Iúil 1917 bhí cúpla bliain caite aige i gColáiste Oiliúna de la Salle i bPort Láirge. Nuair nach raibh aon scoil le fáil aige ghlac sé le post múinteora Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh Samhain na bliana sin. Mharaigh saighdiúirí de chuid Arm na Breataine ann é Domhnach na Pailme 1918 (26 Márta). ‘The death of Tomás Ruiséal by a thrust from the bayonet of a British soldier deprives the Language Movement in Clare of a fine, promising young múinteoir ... gaiscíoch fir sé throigh ar airde, iománaí mear tréan, ceoltóir ...’ (Fáinne an Lae 6 Aibreán 1918). Chuaigh garda onóra – Óglaigh, Conraitheoirí agus baill Chumann na mBan – trasna na Sionainne leis an gcónra. Dúradh gurbh í an tsochraid ba mhó í dá bhfacthas i gCorca Dhuibhne. Ba é Fionán Mac Coluim a thug an óráid cois na huaighe. Sna tuairisci cuirtear Tomás i gcomórtas leis an mairtíreach Duibhneach eile, Tomás Ághas. Cuireadh Cabhairchiste na Ruiséalach ar bun.

Chum Micheál caoineadh air agus ba é an dán deireanach é dár cheap sé. ‘Do shuaith an scéal go romhór é, is do luigh sé ar a chroí, is níor fhan aon mhaith ann as san amach ach ag dul chun deiridh gach lá’, a dúirt eagarthóir Duanaire Duibhneach. D’éag sé Domhnach na Pailme 1928. Gariníon leis is ea Eibhlín Ní Mhurchú, scríbhneoir agus craoltóir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú