RUISÉAL, Cáit (1860–1941)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Nuair a bhíonn trácht ar Cháit Ruiséal, is minic a luaitear a deirfiúr Máire freisin. Scéalaithe iomráiteacha ab ea iad beirt. Thóg bailitheoirí éagsúla stór mór béaloidis uathu beirt, ina measc Seosamh Ó Dálaigh (nó Joe Daly mar a tugadh air), an bailitheoir cáiliúil ó Dhún Chaoin.

Tá cuntas den chéad scoth tugtha ag Joe ar an saol anróch a chaith Cáit agus Máire, le linn a n-óige go háirithe, agus tá ar fáil air sin i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (CBÉ 096: 271-278):

De réir mar thuigeas ó Mháire féin rugadh í ar thaobh éigin de La ’le Pádraig 1856 [sic]. Bhí beirt dhearthár agus beirt dheirféar aici agus bhí ceathrar eile muirir ar a muintir ach do cailleadh an ceathrar san leis an ocras insa Drochshaol. Bhí féar trí mba thalamh age na muintir ar an mBóthar Buí i bparóiste Chill Mhaolcéadair ach do cuireadh amach as an dtalamh san iad trí seachtaine sarar saolaíodh Máire agus is i mbothán beag in Arda Mór (sa pharóiste céanna) a tháinig Maire ar shaol na bpeacaí.

Is léir ón gcuntas thuas gur saolaíodh na deirfiúracha ar an anás agus go raibh cruatan go leor le fulaingt acu ina n-óige. Níor chaith ceachtar acu aon lá ar scoil riamh.

Is é an saol céanna a bhí ag Máire agus ag Cáit ar feadh i bhfad. Bhí Cáit in aimsir nuair a bhí sí óg, dála a deirféar. Ansin phós Cáit go hóg nuair a phós sí Liam Ó Séaghdha. Iascaire ab ea é siúd a bhí ina chónaí cois na farraige i nDún Chaoin, in áit ar a dtugtar an Muileann. Tuigtear go raibh baint ag muintir Shéaghdha le hInis Tuaisceart, ceann de na Blascaodaí, tráth agus gur amach ón mBlascaod a tháinig sinsir Liam Uí Shéaghdha.

Ní raibh ag an lánúin ach bothán scóir agus iad ag brath ar an iascach. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Chuaigh iníon agus mac leo go Meiriceá agus d’fhan mac eile – fear a dtugaidís ‘an Doll’ air – sa tigh. Iníon le Máire ab ea í Neilí Ní Shéaghdha, a phós Seán ‘Johnny’ Ó Guithín ó Bhaile na hAbha i nDún Chaoin. Cailleadh Neilí ar an 5 Eanáir 1917 tar éis di an dara leanbh aici, Cáit, a shaolú. Is fearr aithne ar an gCáit chéanna mar Cáit ‘An Bhab’ Feiritéar anois agus a hainm in airde mar sheanchaí binn líofa.

Bhí saol dealbh go maith ag Cáit ach bhí sí seiftiúil, díograiseach leis. Nuair a bhí an óige aici, tharraing sí mar cheird uirthi féin dul ó thuaidh go dtí Cuas an Bhodaigh agus síbín beag a bheith ansin aici agus a bheith faoi bhráid na n-iascairí nuair a thagaidís isteach ón iascach tar éis na hoíche agus gloiní fuisce a dhíol leo. Bhíodh pórtar leis aici á dhíol.

Bean déirceach, ildánach a bhí i gCáit nach mbíodh aon drogall uirthi lámh chúnta a thabhairt dá comharsana. In aon áit a mbíodh duine breoite agus nach mbíodh cabhair sa tigh chun aire a thabhairt dó, ba ar Cháit Ruiséal a ghlaoití. Bhí an-taithí aici agus í eolgaiseach leis. Ba mhaith an sás í chun greas (dreas) a ghol, is é sin, olagón os cionn coirp.

Thar aon bhua eile a bhí aici, is i ngeall ar a cuid scéalaíochta is fearr atá cuimhne ar Cháit Ruiséal. Fear mór scéalaíochta ab ea a hathair agus thug sí féin agus a deirfiúr Máire an scéalaíocht leo ó dhúchas mar sin. Ba i gcuideachta Mháire a bhíodh Cáit i dtigh an tSíthigh formhór na haimsire agus dúirt Joe Daly gur ‘ansin a bhailíos an méid scéalta agus paidreacha atá agamsa uaithi.’ Dar leis, ‘an-bhean paidreacha ba ea í ach buíochas le Dia ní dóigh liom gur thug sí aon cheann acu ’n chré léi gan iad a rá domsa agus táid go léir scríte agam. […] Ba shocra agus ba shoiléire de chainteoir í ná Máire. Is minic a bhí argóint mhaith ag an mbeirt acu mar gheall ar phointe seanchais ach ní sháródh an saol Máire mar nach ngéillfeadh sí d’aoinne.’ (CBÉ 096: 271-278).

Ní raibh an tsláinte go maith ag Cáit i ndeireadh a saoil. Bhíodh múchadh ag gabháil di i gcónaí agus nuair a d’fhaigheadh sí aon fhuacht bhíodh an-tuargaint casachtaí uirthi agus píopaí (cársán) inti.

Lasmuigh den aos béaloidis, is ar éigean atá aon chuimhne ar na saolta seo ar an mbeirt deirfiúracha Cáit agus Máire Ruiséal, a mhair i bparóiste Dhún Chaoin ach a saolaíodh in Arda Mór i bparóiste Chill Maoilchéadair (nó paróiste na Cille mar a thugtar go háitiúil air) in iarthar Duibhneach. É sin ráite, is cinnte go raibh tóir nár bheag orthu lena linn mar sheanchaithe den scoth agus go bhfuil rian saibhir, luachmhar fágtha acu dá réir ar an traidisiún scéalaíochta.

Mícheál de Mórdha