Ar fheirm i mBrugh, Achadh Mór, Béal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh agus a tógadh é. Bhí triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Bhí sé ag obair mar mhúinteoir Gaeilge do Choiste Gairmoideachas Chontae Mhaigh Eo agus bhí feirm aige. Chaith sé tamall i Meiriceá agus bhí ranganna Gaeilge á múineadh aige ansin. Bhí sé pósta ar Áine de Paor. Foilsíodh úrscéal leis i 1996, Taidhgín, i bfad i ndiaidh a bháis. D’éag sé 22 Feabhra 1960.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú