Tá sé le háireamh i measc na ndaoine ba mhó a shaothraigh ar son clár raidió i nGaeilge agus ar son drámaíocht na Gaeilge sna 1930idí agus sna 1940idí. I Leataoibh Mór in aice le baile beag na Muirí i bparóiste an Fheirtéaraigh a rugadh é ar 13 Meitheamh 1904. Feirmeoir ba ea a athair John Lovett agus ba í Johanna Daly a mháthair. Bhí deartháir amháin aige agus beirt deirfiúr ar chúpla iad. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Bhí léamh na Gaeilge ag John Lovett. Bronnadh cóip de Leabhar na laoithe mar dhuais scoile air uair agus bhí a lán de na dánta sin de ghlanmheabhair aige, chomh maith le dánta Sheáin Uí Dhuinnshléibhe agus déantús fhilí móra Chiarraí. Ag seanmháthair Thomáis bhí eolas ar shaothar Sheáin Chláraigh Mhic Dhomhnaill. B’fhéidir a rá gurbh as saol an bhéaloidis a fáisceadh Tomás. B’annamh oíche nach dtéadh sé lena sheanathair le héisteacht le scéalaithe.

Bhí sé ar scoil sa Bhuailtín agus ansin sa scoil nua i Leataoibh Mór agus bhuaigh sé ceann de scoláireachtaí Dháil Éireann i 1920. Tar éis bheith i gColáiste Avondhu i Mala, sórt coláiste ullmhúcháin, cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de la Salle i bPort Láirge.

Fuair sé post i nGaillimh agus is ann a casadh air a bhean Nuala Ní Mhóráin. Bhí baint ag an mbeirt acu leis an Taibhdhearc. Fuair Tomás post ansin i Scoil Cholm Cille, bunscoil lán-Ghaelach Shráid Mhaoilbhríde i mBaile Átha Cliath. Bheadh sé ina phríomhoide ann ar ball. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge 1928 agus é ina chomhalta de Roinn C den choiste, an roinn a bhain le cúrsaí na Gaeltachta. Bhí sé ar ardchomhairle an Fháinne thar ceann Bhaile Átha Cliath an bhliain dár gcionn.

Ó 1932 i leith bhí baint aige le cláir Ghaeilge Radio Éireann, é ag scríobh agus ag léiriú drámaí agus ag cur scripteanna ar fáil do chláir cháiliúla mar ‘Mála an Éithigh’, ‘Inis scéal dom’.... Mar aisteoir, scríbhneoir agus léiritheoir bhí dlúthbhaint aige leis an gComhar Drámaíochta. Bhí sé i láthair ag an gcruinniú 9 Feabhra 1934 nuair a bunaíodh An Cumann Scoildrámaíochta agus bhí ina rúnaí ag an gCumann an chéad bhliain sin. Bhí sé ina chisteoir ó 1939 go 1948, ina chathaoirleach ó 1957 go 1961 agus ina uachtarán ó 1962 go 1975. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na dTeaghlach Gaelacha freisin.

Chóirigh sé Pinocchio le haghaidh a fhoilsithe agus foilsíodh cnuasach gearrscéalta a scríobh sé, Cois Cnuic is Cuain (1946) chomh maith le trí dhráma a scríobh sé don aos óg. D’aistrigh sé le haghaidh a léirithe péire dráma le W.B. Yeats: The Hour Glass agus Cathleen Ni Houlihan. Dúirt sé faoin léiriú a tugadh don dara ceann in Amharclann na Mainistreach: ‘an léiriú ba mheasa dá bhfaca mé riamh ar dhráma i nGaeilge nó i mBéarla in amharchlann ghairmiúil. Bhí sé lánsoiléir gur bheag tuiscint a bhí ag formhór na n-aisteoirí ar na línte a bhí á n-aithris acu’ (Ag tagairt don scéal).

Theip ar a shláinte tuairim na bliana 1969 agus ní raibh sé in ann scríobh. Is le clóscríobhán a d’éirigh leis cuimhní ar a óige i gCorca Dhuibhne a bhreacadh – Ag tagairt don scéal, 1973. Sa réamhrá deir Liam Ó Briain: ‘Tréithe an leabhair seo an tsimplíocht, an fhírinneacht, an easpa bladhmainn, an nadúrthacht. Tá an-chlisteacht faoi cheilt san insint chomh maith’. Scríobh a mhac Colm leabhar taitneamhach i dtaobh a sheanmhuintire i gCiarraí, All the green gold, 1970. D’éag Tomás 13 Aibréan 1980.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú