‘Luafar Tadhg Ó Conchubhair i measc na bhfilí muinntire i gCiarraí—le Tomás Ruadh agus Seán Ó Duinnshléibhe do chuaigh roimis’, a dúirt an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha) ina thaobh. Seo é an file ar scríobh Fionán Mac Coluim ábhar síos uaidh agus arbh é an Seabhac a chuir eagar air, drámaí, agallaimh beirte agus amhráin, in Reacaireacht ghrinn na tuaithe, 1925. Bhí scéalta a tógadh síos ó bhéalaithris Thaidhg i gcló in An Lóchrann idir 1909 agus 1920. Táthar deimhneach de gurbh é Tadhg féin a chum na hamhráin ach bhí drogall air sin a admháil. Tá eolas ar a shaol sa leabhar féin, agus tá cíoradh agus scagadh déanta ag Roibeard Ó Cathasaigh ar an eolas sin, agus tá cuimhní agus cuntais seanchomharsana agus gaolta bailithe aige, in Ár bhfilí: Iris na hoidhreachta 3, 1991 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Ag tagairt don Seabhac agus d’Fhionán Mac Coluim deir sé: ‘Mar thoradh ar shaothar na beirte úd gheibhimid féachaint ar mheon spleodrach, ar aigne fhiliúil bhinibeach, ar ghuth ceolmhar agus ar theanga na muintire d’imigh romhainn mar a tógadh ó Thadhg Ó Conchúir na Gráige í. Ní beag sin mar oidhreacht againn’. Foilsíodh Drámaíocht ó dhúchas ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, 2005 in eagar ag Seán Ó Morónaigh. Tá bailithe ann na drámaí, na dánta agus na hagallaimh a scríobh sé nó a thug sé leis nó a leagtar air mar aon le heolas beathaisnéiseach.

I dTiobraid Árann a rugadh é, mar a tugadh le fios i nDaonáireamh 1911. Baisteadh i bparóiste An Ghallbhaile é ar 22 Samhain 1840. Is léir ar an teastas baiste a d’aimsigh Seán Ó Morónaigh gur leanbh tabhartha é Tadhg. Cuireadh é go muintir an athar i Lios Póil, Co. Chiarraí. Bhí cónaí ar Thadhg ar an nGráig i Lios Póil, Co. Chiarraí. In Reacaireacht Ghrinn na tuaithe dúirt An Seabhac (1925) gur sheanfhear 87 bliana d’aois ba ea é agus gur feirmeoir slachtmhar cúramach a bhí ann. Phós sé Bríd Ní Bhrosnacháin ón bhFothrach Mór ar 26 Feabhra 1867 agus bhí seachtar mac agus ceathrar iníonacha acu. Póilín ba ea a athair, Timothy O’Connor. Julia Callaghan ab ainm dá mháthair. De réir chlár na bpóstaí, Tadhg a bhí ar a athair agus ba í Johanna Callaghan a mháthair. Ach deir Roibeard Ó Cathasaigh nach ‘féidir iontaoibh a bheith againn as cruinneas na fianaise sin’ agus tugann sé cúpla insint eile i dtaobh cérbh iad tuismitheoirí Thaidhg. Ó ghariníon Thaidhg a fuair sé insint díobh faoi mar a chuala sí óna haint í. Níor theastaigh ó mhuintir a sin-seanmháthar, Conchubharaigh i mBaile na Saor, go bpósfadh sí an Conchubharach seo sa Ghráig. Ach ní phósfadh sí aon fhear eile. ‘Ansin saolaíodh an leanbh di sin agus b’shin é mo sheanathair Tadhg Ó Conchúir. Bhí muintir na máthar á gcur go dtí na Stáit Aontaithe, ach ní ligfeadh mo shin-seanathair di a mhac a thabhairt léi go dtí na Stáit Aontaithe’. Tuairimíonn Ó Cathasaigh go mba uncail le Tadhg an file Micheál Ó Conchúir nó Guistí an Mhachaire (c.1790-1850) agus is dóigh leis gur ag tacú leis sin atá an Seabhac nuair a deir sé: ‘Bhí uncail aige le linn a óige a bhí ina scoláire maith agus ina mhúinteoir scoile’. Is mar seo a cuireadh síos eolas ar Thadhg agus a mhuintir sa Ghráig i nDaonáireamh 1901: Timothy (61) a rugadh i gCiarraí; Bríd, a bhean (54); na mic Timothy (33), Thomas (30), Patrick (16); an iníon Katie (18). Bhí sa teach freisin an oíche sin gariníon le Tadhg, Kathleen Kavanagh (2). Bhí Gaeilge ag an teaghlach go léir ach amháin Kathleen. Is mar seo a bhí an scéal i 1911: Timothy (43), ceann an teaghlaigh, a bhean agus a chlann; a athair Timothy (73). An babhta seo chuir a mhac síos gur i dTiobraid Árann a rugadh sean-Tadhg!

Is mar sheanduine beag bríomhar agus duine cráifeach ba chuimhin le seanchomharsana é. Timpeall 1903 a fuarthas amach go raibh na hamhráin agus an t-ábhar eile sin aige. Scríobh fear céile a iníne, Micheál Ó Cíobháin, oide scoile, an dráma Cleamhnas an Bhacaigh síos uaidh agus chuir páistí Scoil Bhréanainn ar an stáitse é ag Feis an Daingin i 1904. Ina dhiaidh sin cailleadh cibé cóipeanna den dráma a bhí ann, dar leis an Seabhac, agus bhí ar Thadhg é a chur ar fáil arís agus bhí mórchuid de imithe as a chuimhne. Nuair a scríobh Fionán Mac ColuimCleamhnas an Bhacaigh’ ó bhéalaithris Thaidhg i 1917, bhí cuid den dráma dearmadta aige. Líon Pádraig Ó Fiannachta na bearnaí le cumadóireacht nua san eagrán seo. Fuair sé bás ar 7/8 Nollaig 1925 agus tá sé curtha i reilig Bhaile na Cúirte in Abhainn an Scáil. Nochtadh leac ina onóir i reilig Bhaile na Cúirte i 2004.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú