Rinne Liam Gógan an tagairt seo dá chumas chun aisteoireachta: ‘Sílim gur fear é atá ag feitheamh le hoidhe éigin nár scríobhadh fós b’fhéidir chun iomlán na dtréithe atá ann a chur i bhfeidhm’ (Fáinne an Lae I Márta 1924). Tá sé le háireamh i measc na ndaoine is dúthrachtaí a shaothraigh don amharchlannaíocht Ghaeilge sa tréimhse 1915–39. Bhí Piaras Béaslaí mar léiritheoir ar dhrámaí a raibh Muiris páirteach iontu i dtús a shaoil agus dúirt seisean; ‘Later he was recognised as one of the finest actors of the Comhar Drámaíochta. His beautifully clear and distinct diction in acting and broadcasting was especially noticeable’ (i gcuntas a scríobh Cathal Ó Seanáin in Evening Press 5 Feabhra 1960).

I gCuas in iarthar Dhuibhneach, Co. Chiarraí, a rugadh é. Iascaire ón mBlascaod a athair Seán: ba dhuine é de chriú na naomhóige ‘Beauty deas an Oileáin’ a bhuaigh an rás i gCuan Fionntrá ar scríobh Seán Ó Duinnshléibhe an t-amhrán ina thaobh, Bádh Seán i gCuas an Bhodaigh i 1900. Ba í máthair Mhuiris Máire (Mál) Ní Chiabháin a bhí seal ina múinteoir fuála sa scoil i gCuas. Bhí deartháir amháin agus triúr deirfiúracha aige. Bhí teach tábhairne ag an gclann i gCuas.

Cháiligh Muiris mar mhúinteoir agus bhí an chéad phost múinteoireachta aige i Scoil na mBuachaillí, Sráid Áine Thuaidh, Baile Átha Cliath, ó 1913 go 1915. D’aistrigh sé ansin go Scoil Náisiúnta Naomh Bréanainn sa Daingean agus bhí ann go 14 Aibreán 1919. In Misneach 12 Meitheamh 1920 tuairimíodh go mbeadh sé ina chathaoirleach ar bhaile-chomhairle an Daingin go luath. Ó 1919 go Deireadh Fómhair 1922 bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse i gCiarraí agus i mBaile Átha Cliath. ‘Muiris was a member of my circle of the IRB, was in F Company of the 1st Battalion of the Dublin Brigade from its inception and took an active part in the War of Independence’ (Piaras Béaslaí a d’inis do Chathal Ó Seanáin).

D’fhill sé ar a cheird nuair a fuair sé post sa Mhodhscoil Láir, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath. In Fáinne an Lae 29 Bealtaine 1926 dúradh go raibh comórtas liathróide láimhe ar siúl aige ann chun an Ghaeilge a chur á labhairt i measc na mbuachaillí. Bhí ann go 1928 nuair a fuair sé post príomhoide i Scoil Cholmcille, Sráid Maoilbhríde, an chéad bhunscoil lán-Ghaelach i mBaile Átha Cliath.

Ó 1914 ar aghaidh bhíodh páirteanna aige i ndrámaí a léiríodh na hAisteoirí sa phríomhchathair, i ndrámaí ag Oireachtais agus ag féilte drámaíochta, agus in Amharclann na Mainistreach. Bhí baint mhór aige le bunú an Chomhar Drámaíochta i 1923. Ba é a bhí i gceannas na buíne a léirigh an chéad dráma Gaeilge dár craoladh riamh ar Radio Éireann, tuairim 1933,Dubhairt sé dábhairt sé, aistriúchán a rinne an Seabhac ar Spreading the news leis an mBantiarna Gregory. Is cosúil gur chuid de bhaill Chraobh an Chéitinnigh ba ea iad. D’aistrigh sé An craipí óg ón mBéarla chun go gcuirfeadh Gearóid Ó Lochlainn in eagar é mar cheoldráma gearr. D’aistrigh sé drámaí mar Cúrsaí cleamhnais, 1933 atá bunaithe ar The Proposal le Chekov. Aistriúcháin eile a rinne sé is ea: Annála fíora ríochta na sídheog le linn Rí Col, 1933; Iarann an Tuaiscirt, 1937 (The Northern Iron le George A. Birmingham); Eachtraí Gael, 1955 [1957] (Stories of the Gael le P.J.Dillon); Lann fada; a scéal féin arna aithris ag Triath Lann Fada, taoiseach Indeach dubhchosach, 1941 (Long Lance: autobiography of an Indian chief). D’aistrigh sé dán Stephen Gwynn ‘A song of defeat’ (Fáinne an Lae, Deireadh Fómhair 1926).

Mar amhránaí ar an sean-nós ghlac sé páirt i gceolchoirm a chuir Craobh na gCúig gCúigí ar bun (Misneach 6 Nollaig 1919). Bhí sé ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge (ibid. 7 Bealtaine 1921) agus bhí ina bhall den Choiste Gnó agus de Chomhairle an Fháinne sna 1920idí. Luaitear a ainm leis an bhfiontar a bunaíodh chun ‘Nua-Ghaeltacht Bhaile Átha Cliath’ a thabhairt ar an saol, I gcomhar le Tomás Ó Raghallaigh chuir sé Guth na Gaeltachta nó comhrá do chách, 1923 ar fáil. In Fáinne an Lae 26 Lúnasa 1922 fógraíodh go raibh cartaí dátheangacha le haghaidh druileála réitithe aige féin agus ag Pádraig Ó Piogóid.

Bhí sé pósta ar Agnes Mangan ó Chathair Saidhbhín agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. D’éirigh sé as a phost i Scoil Cholmcille i 1953. Luaitear é i measc na gcainteoirí dúchais a chaith seal ina n-eagarthóirí cúnta nuair a bhí foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe á réiteach. Chaith sé tamall ag múineadh i gColáiste Loyola, Montreal. D’éag sé i mBaile Átha Cliath 27 Eanáir 1960. Bhí cónaí air ag 27 Pairc Chluain Toirc, Droim Conrach.

Chaith sé tamall gairid ina mhúinteoir taistil ag Conradh na Gaeilge. Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Chuaigh Muiris Ó Catháin ag obair ann [in Uíbh Ráthach]. Slataire d’fhear óg ó Chorca Dhuibhne ab ea é a raibh togha na Gaeilge aige, agus ar nós an tSeabhaic bhí an ceol ann, agus ba mhóide meas an phobail air an ceol céanna. Bhí an obair ródhian air sin leis, agus d’éirigh sé as. Chuaigh seisean le múinteoireacht faoi Roinn an Oideachais, agus tá sé i mbun scoile in Áth Cliath’.

Dúirt Cathal Ó Seanáin go raibh spéis ar leith aige i ndeireadh a shaoil go ndéanfaí rud éigin ar son a raibh fágtha den Bhriogáid Éireannach a chuir Casement ar bun sa Ghearmáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú