‘I owe many of the songs in this book to the Hession family. It is famous in Irish-speaking circles. It consists of father, mother and nine children, all equally proficient in song and in story. It is many years now since my little schoolgirl friend Maggie used to come in to sing me her Irish songs. She is a dignified young lady now, in charge of a school near Spiddal where she still continues her good work for the language, both in her National School and in the Irish College. She often told me of her grandmother, who was a celebrated singer and from whom the family learned all their songs. It was the grandmother’s father, Pat Greany of Arddrumkilla, who composed the songs “Seán Ó Ciardhubháin”, “Amhrán na Mine” and “Doctor Jennings” in this collection.’ (Eileen Costello in Amhráin Mhuighe Seola, 1923). Is ó Mhairéad a scríobh Bean Mhic Choisdealbha na foinn atá le naoi gcinn déag de na hamhráin atá sa chnuasach sin.

Sa Bhaile Dóite, Béal Chláir, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 24 Feabhra 1892. Ba iad Stephen Hession, talmhaí, agus Ellen Reany a tuismitheoirí. Cainteoirí dúchais Gaeilge ba ea an bheirt acu. Bhí ceathrar deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aici. An bua a rug sí i gcomórtas amhránaíochta i dTuaim nuair a bhí sí deich mbliana d’aois an chéad uair a tugadh a hainm os comhair an phobail (An Claidheamh Soluis 16 Lúnasa 1902). Ba í Edith Drury (Eileen Costello ar ball) a thug amach na duaiseanna an lá sin. Bhí sí ar scoil i gClochar na Trócaire i dTuaim agus i gCaisleán an Bharraigh. Ag Oireachtas 1904 bhuaigh muintir Oisín an chéad duais ar ‘chomhrá i measc líon tí’ (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). Tuairiscíodh gur bhuaigh a deirfiúr Áine comórtas na sinsear agus na sóisear, rud nach ndearnadh riamh cheana, agus gur roinn Mairéad an chéad áit cúig huaire agus an dara háit i gceann amháin de na comórtais (An Claidheamh Soluis 13 Lúnasa 1904).

Tá an t-aguisín seo i dtaobh Chorn Airgid an Oireachtais i leabhar sin Dhonncha Uí Shúilleabháin: ‘Fógraíodh ar Chlár Comórtas 1906 go raibh Corn Airgid le gnóthú ag an iomaitheoir is mó marc sa roinn litríochta agus i roinn na teanga. Chun bheith san áireamh don chorn chaithfeadh an t-iomaitheoir marcanna a fháil sa dá roinn. Bhí na marcanna le gnóthú mar a leanas: ceithre mharc ar an gcéad duais, trí mharc ar an dara duais, marc amháin do “ardmholadh”. Ghnóthaigh Mairéad Ní Oisín, Béal Chláir, Tuaim, an corn le cúig mharc déag. Fuair sí é de bharr marc amháin as ardmholadh a fháil sa chomórtas do bhailiú dánta nár foilsíodh cheana. Fuair sí an chéad áit ag aithris filíochta agus an chéad áit sa chomhrá do chailíní 18 go 20 bliain; an dara háit ag léamh na Gaeilge agus an dara háit le hóráid ullmhaithe. Ní raibh an Coiste sásta gur chomhlíon an comórtas sin na cuspóirí a bhí i gceist acu agus socraíodh ar gan dul ar aghaidh leis agus chuir an Rúnaí sin in iúl ina thuairisc do Ard-Fheis 1907’. In Inniu 19 Samhain 1954 bhí litir ón Dr Seán Mac Cana i dtaobh an choirn airgid sin agus dúirt sé gurbh é Pádraig Mac Piarais a bhronn as a phóca féin é agus dúirt go raibh sé féin agus Mairéad toilteanach an corn a thabhairt do chumann éigin i ndilchuimhne an Phiarsaigh.

‘The ubiquitous Mairéad Ní Oisín’ a tugadh uirthi i gceann de thuairiscí An Claidheamh Soluis i ngeall ar a mhinice a bhuadh sí duaiseanna ag feiseanna. Seo mar a cuireadh síos uirthi 17 Lúnasa 1907: ‘The little girl with the large eyes and the mobile features is Mairéad Ní Oisín of Béal Chláir: her “Sail Chuach” has often moved mighty audiences to tears and her short folktales—learned chiefly from Beairtlín Breathnach—have set whole Feiseanna in a roar’. Rinne Peadar Ó hAnnracháin an cur síos seo ar a deirfiúr cúpla bliain ina dhiaidh sin: ‘Thug Áine, Iníon Uí Oisín, amhráin uaithi agus shílfeá gur síbhean cheolmhar éigin a bhí ag tabhairt comhairle do chlannaibh na nGael í agus í ina seasamh ansin ar turtóigín fraoich, culaith bán uirthi, coróin dá gruaig dhuibh ar a ceann, an ceann féin ardaithe go huaibhreach is go huasal, meidhreacht ag lonradh trí mhánlacht ina gnúis agus ina súilibh agus binneas agus anamúlacht a gutha ár sámhchorraí agus ár spreagadh’ (idem 6 Samhain 1909). Ghlac Áine páirt i gceolchoirm an Oireachtais i nGaillimh i 1913. Tháinig de chor sa saol ag Mairéad i 1910 gurbh í féin agus Eileen Costello na moltóirí san amhránaíocht ag Feis Chonnacht sa Spidéal agus gurbh í a deirfiúr Eibhlín a bhain ceann de na chéad duaiseanna (An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1910). Thug scoláireacht go Coláiste Dhún Chéirí í. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis ar 2 Meán Fómhair 1916 go raibh sí ag múineadh scoile i Sailearna, taobh thiar den Spidéal; ar 10 Márta 1917 go raibh sí ag cruinniú de Chumann Múinteoirí Ghaeltacht na Gaillimhe; agus ar 23 Meitheamh na bliana céanna sin go raibh sí féin agus Éamonn Ó Gógáin ina gcomhrúnaithe ar Chumann Gaelach na Múinteoirí Scoile.

Fostaíodh Áine chun amhráin ar an sean-nós a mhúineadh i scoileanna Chill Scíre (An Claidheamh Soluis 26 Deireadh Fómhair 1907). Ní foláir nó d’fhilleadh sí ar an áit sin go minic. Thugadh sí Mairéad ann léi. ‘Eithne [Áine] Ní Oisín and Mairéad her sister have succeeded in teaching Irish singing to a large number of Trí Liaga [Trileac] children. Mairéad Ní Oisín has been helping singing classes in the schools since she left Carysfort College early in July’ (idem 3 Lúnasa 1912). Is mar sin a tharla do Mhairéad a bheith i gCill Scíre agus gur casadh uirthi Seán Mac Cana i dteach an tsagairt paróiste, an tAthair Maitiú Maguidhir. B’as an bparóiste sin do Sheán. Bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ó 1916 go 1918. Bhí sé mar ollamh Gaeilge i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh ar feadh dhá bhliain. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i nGaillimh agus bhí ranganna á múineadh aige sa Choláiste Ollscoile, áit a raibh sé ag staidéar le bheith ina dhochtúir gur cháiligh sé i 1922. Phós siad 2 Aibreán 1918 sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath. An Cnoc sa Spidéal seoladh Mhairéad sa teastas agus ní luaitear aon ghairm bheatha. Múinteoir ba ea Seán agus níor thug sé aon seoladh. Bernard McCann, múinteoir, a athair, dar leis an teastas. Máirtín Ó hOisín agus Eibhlín Ní Oisín a sheas leo. Thóg siad seisear clainne, ceathrar mac agus beirt iníonacha. Bhí an bheirt acu ar bhunaitheoirí Choláiste an Phiarsaigh i nGaillimh, an chéad choláiste a bunaíodh faoin Chéad Dáil. Lean siad orthu ag obair don choláiste sin anuas go 1935. Sa teach ‘San Remo’ i mBré a bhí cónaí orthu i 1922. Fuair Mairéad post sa Mhodhscoil Láir i Sráid Mhaoilbhríde agus lean uirthi ann go ndeachaigh sí ar pinsean. Bhí ról aici in Dubhairt sé dábhairt sé, aistriúchán a rinne Pádraig Ó Siochfhradha ar Spreading the news leis an mBantiarna Gregory, nuair a léirigh Muiris Ó Catháin é ar Radio Éireann i 1933. Deirtear gurbh é an chéad dráma Gaeilge ag an stáisiún é.

Chuidigh Mairéad le Seán chun Gramadach an mhic léinn 1924 a ullmhú. Tugadh an dara heagrán amach i 1938. Faoi 1926 bhí cónaí ar an lánúin in ‘Annaville’, Tír an Iúir. D’aistrigh siad go ‘Glenone’, Bóthar Thír an Iúir, ina dhiaidh sin. Tá eolas ar Sheán in Sunday Independent 30 Meitheamh 1935, in Journal of the Irish Medical Assoc. Vol 64, Uimh 403, 7 Eanáir, 1971, agus in Comhar, Nollaig 1955, nuair a bhí sé ag dul suas i dtoghchán de chuid Ollscoil na hÉireann. Tá eolas ar Mhairéad agus ar a muintir ag Liam Mac Con Iomaire san athchló de Amhráin Mhuighe Seóla a tugadh amach i 1990. Ba é Stiofán an dara duine ab óige sa teaghlach agus bhí sé scór bliain ina phríomhoide ar scoil an Turlaigh Bhig i Ros Muc. Ba é Micheál an duine ab óige díobh; tá cáil an cheoil agus an rince ar a iníon Celine agus a mhac Carl.

Fuair Seán bás 30 Meán Fómhair 1970. 12 Ascail Burdett, Cuas an Ghainimh, a sheoladh ag an am. Bhí sé tamall ina uachtarán ar Chumann Leighis an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tamall ina bhall de Bhord Stiúrtha Ollscoil na hÉireann, agus ina bhall den Chomhairle Náisiúnta Sláinte. Bhí sé ina ollamh le sláinteachas i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus i gColáiste Dhún Chéirí, poist pháirtaimseartha gan amhras. D’éag Mairéad ar 19 Samhain 1978 . Bhí cónaí uirthi ag 7 Ardán Loingfoirt, Baile na Manach. Tá sí curtha i dTeach Mealóg.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú