ENNIS, Séamus (1919–1982)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Bailitheoir ceoil, scothphíobaire, béaloideasóir, amhránaí agus craoltóir. Is dóigh gurbh é ba thúisce a d’ainmneofaí mar an ceoltóir traidisiúnta ba mhó a d’fhág a rian ar cheoltóirí a linne. Ag Jamestown Lodge, Fionnghlas, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é ar 5 Bealtaine 1919 (de réir an teastais breithe). Ba iad James Ennis, státseirbhíseach, agus Mary Josephine McCabe a thuismitheoirí. Bhí triúr deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige: Cormac, Dessy, Angela, Barbara agus Ursula. Tar éis dó a bheith ar scoil i gClochar an Chreidimh Naofa i nGlas Naíon agus i mBelvedere thosaigh sé ag freastal ar Scoil Cholm Cille, scoil lán-Ghaelach i Sráid Mhaoilbhríde. Chuaigh sé as sin go Coláiste Mhuire mar a raibh an Bráthair Micheál R. Ó Tatháin mar mhúinteoir Gaeilge aige. Bhí ceol na píbe agus an veidhlín foghlamtha aige cheana féin. ‘When I was young my father used to play the pipes to me to put me to sleep at night. I’d ask him for tunes by name trying all the time not to fall asleep’, a dúirt sé le Micheál Ó hAlmhain in Treoir, Eanáir-Aibreán 1973. Dúirt sé (Comhar, Márta 1979) nuair a fiafraíodh cá bhfuair sé an ceol: ‘Ó, féadfaidh mé a rá, ó m’athair. Bhí seisean ina phíobaire agus ón am a rugadh mise, deirtear liom, nuair a bhí mé sa chliabhán go mbíodh sé ag seinm na bpíob dom ar shuantraí le mé chur a chodladh. Agus, nuair a cuireadh in airde staighre mé chun áit a fhágáil sa chliabhán don chéad leanbh eile a bhí ag mo mhuintir, ní raibh mise sásta dul in airde staighre mura dtiocfadh m’athair aníos leis ag seimn na bpíob dom’.

In Treoir Iml 23, 1991 tá cuntas ag Dr Kevin McCann, a chomhscoláire i gColáiste Mhuire agus ar mac é le Mairéad Ní Oisín, ar an gcaidreamh a bhí aige le Séamus agus ar na cuairteanna a thugadh sé ar an teach i bhFionnghlas. ‘There was a large garden and orchard attached to the house which Séamus and his father cultivated assiduously every year and grew every vegetable imaginable. I can safely say that the Ennis father and son were the two best spadesmen and gardeners I ever encountered’. Ar nós a athar bhí Séamus deas ar an bpíb chogaidh a sheinm: ‘Séamus would play the drones over his shoulder, fill the bag with wind and march up and down the garden path playing rousing bagpipe music. . . . One thing is for sure, and that is that Séamus could play the highland pipes very well indeed’. Deir an dochtúir freisin: ‘Séamus took up the fiddle in the late 40’s and by 1953 was an accomplished fiddler’.

D’fhág sé Coláiste Mhuire in 1936 agus rinne cúrsa i gcoláiste tráchtála. Cara leis ba ea an scoláire ceoil Breandán Breathnach agus deir seisean in aiste dar teideal ‘Séamus Ennis: a tribute to the man and his music’ in Musical Traditions, mid-1983, no.1: ‘By chance he bumped into [Colm] Ó Lochlainn, a friend of the family, who used to make desultory efforts at learning the pipes from his father, and confessed to him that he had decided to cross to England and join the British Army. Ó Lochlainn, shocked for more reasons than one, promptly ordered him to report at the Three Candles the following Monday morning’. Bhí aithne ag Colm ar a athair; iarscoláirí de chuid Niocláis Uí Mharcaigh an bheirt acu. Ag ceartú profaí Gaeilge a bhíodh Séamus i gComhlacht na dTrí gCoinneal, comhlacht foilsitheoireachta agus clódóireachta, agus chaith 1938-Meitheamh 1942 ann. Bhí baint aige le cóiriú Irish street ballads (1939) agus More Irish street ballads, nár foilsíodh go 1965. Deir an Dochtúir McCann: ‘Séamus’s musical calligraphy which can be seen in the two books of marvellous ballads...is beautiful to behold and will long remain as a tribute to his superlative penmanship’. Luaitear freisin go mbíodh bileoga amhránaíochta á n-ullmhú aige i gcomhair an Chlaisceadail. Dúirt sé le Micheál Ó hAlmhain go raibh ardtionchar air ag Ó Lochlainn maidir le hamhráin agus le Gaeilge. In Comhar, Márta 1979 dúirt sé: ‘Nuair a bhíodh an ceacht ceoil agus an ceacht Gaeilge agus gach uile shórt críochnaithe, shuíodh Colm isteach ag an bpianó a bhí sa bhaile agus bhíodh na seanamhráin ar bun aige agus sin mar a músclaíodh mo spéis sna seanamhráin’.

Deir Breathnach gur mhol Ó Lochlainn do Shéamus Ó Duilearga go bhfostódh an Coimisiún Béaloideasa Séamus chun leanúint d’obair bhailiú an cheoil a raibh tús curtha léi ag Liam de Noraidh ach gurbh i gConamara agus in Árainn a dhéanfadh sé é. Trí phunt sa tseachtain a thuarastal. Tá léargas ar a ndearna sé i mbarúntacht amháin le fáil in Clár amhrán Bhaile na hInse (1976) le Ríonach Ní Fhlathartaigh. Thaistil sé Maigh Eo, Dún na nGall, Ciarraí, iarthar Chorcaí agus oileáin iartharacha na hAlban. Deir Breathnach gur bhailigh sé beagnach 2,000 píosaí, idir amhráin agus fhoinn rince, agus nach móide go sárófar an churiarracht sin. ‘Séamus was gifted with perfect pitch and could instantly recognise the key in which a song was being sung or a tune was being played. He could write down the notes of a song while it was being sung, and could write out a tune after hearing it played a few times’, a deir McCann. In Irish Times 9 Deireadh Fómhair 1982 tuairiscíodh go ndúirt an t-amhránaí Seán Mac Donncha faoi: ‘... a man with such a good ear that he could speak any dialect of Irish to anyone and sound like a native to a Donegal man as well as to a Coolea man’.

Faoi 1947 bhí cáil air mar údar ar an sean-nós amhránaíochta agus ag Oireachtas an Iubhaile Órga an bhliain sin chuir sé sa láthair seisiún dar teideal ‘Léiriú agus míniú ar amhránaíocht na Gaeltachta’ a lean ar feadh trí lá. I bhfómhar na bliana céanna fuair sé féin agus Seán Mac Réamoinn poist mar oifigigh sheachtracha craoltóireachta i Radio Éireann agus ceann dá gcéad turasanna ba ea cuairt ar theach Pheig Sayers i nDún Chaoin. Ní raibh veain an Aonaid Taistil acu fós agus is i gcarr Shéamuis ab éigean dóibh an trealamh trom a iompar. Chuir siad tuairim 60 nóiméad de sheanchas Pheig ar dhioscaí; ní bheadh meaisíní téipe iniompartha ar fáil go ceann tamaill eile. Ag an am, mar sin, bhí sé ar cheann d’eachtraí móra na craoltóireachta. Anuas go 1951 sholáthraíodh sé ábhar agus gnéchláir ilghnéitheacha i mBéarla agus i nGaeilge. D'fhág sé Radio Éireann ar 31 Bealtaine 1951. Bhí Radio Éireann faoi ordóg na Roinne Airgid go fóill agus b’fhéidir nár oir slí bheatha an státseirbhísigh do Shéamus. Níorbh fhéidir a bheith ag súil i gcúinsí taifeadta ná craoltóireachta na haimsire sin go mbeadh toradh a shaothair craoltóireachta, ó thaobh bailiú ábhair de, in aon ghar do bheith inchomórtais leis an saothar a rinne sé i gCoimisiún an Bhéaloidis ná fiú sa BBC mar a raibh sé ag obair ó 1951 go 1957. Ba é an craoltóir Brian George a d’earcaigh don eagraíocht sin é. Scéalaí agus craoltóir den scoth a bhí ann agus d’éirigh thar cionn leis an gclár raidió de chuid BBC is minice a luaitear leis, As I roved out. Tuairimítear gurbh é an clár sin a thug ar Radio Éireann Ciarán Mac Mathúna a fhostú i 1955 d’fhonn go mbeadh clár dá leithéid acu féin. Thabharfá leat ó Forty years of Irish broadcasting (1967) le Maurice Gorham gurbh é fáth na moille fada sin a dheacra a bhí sé ag an am cómhaith Shéamuis a aimsiú chun déileáil le ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta. Toradh amháin ar an aithne a bhí curtha aige ar fhonnadóirí na hÉireann is ea an fadcheirnín Éireannach sa tsraith ‘Columbia Folk and Primitive Music’ mar a n-admhaíonn Alan Lomax sna nótaí gurbh é bailiúchán Shéamuis i ndáiríre é.

Ar 16 Meán Fómhair 1952 phós sé Margaret Glynn, aeróstach, i nDamhros i gceantar Thuath Ó Siosta, Co. Chiarraí. Thaitin an áit leis riamh. A chara Kevin McCann agus a bhean Kathleen a sheas leo. Bhí beirt chlainne acu: Christopher, agus Catherine. Scar an lánúin ó chéile nuair a bhí ceithre bliana d’aois ag Catherine: bhí i ndán di oiliúint a fháil mar orgánaí gairmiúil agus aithne a chur arís ar a hathair i rith tamaill de bhlianta sular éag sé.

D’fhág sé an BBC in 1957 chun a bheith ag obair mar iriseoir neamhspleách agus mar cheoltóir. Ó dheireadh na 1960idí amach bhí sé ag titim i ndrochshláinte agus b’fhéidir a rá nach raibh an sórt saoil a bhí sé a chaitheamh le fada an lá in oiriúint dá choimpléasc. In Irish Times 9 Deireadh Fómhair 1982 dúradh go dtaistealaíodh sé timpeall leis an ngrúpa The Dubliners chuig coirmeacha ceoil, é ag bailiú ceolta i rith an ama, agus gur cailleadh na céadta fonn agus amhrán i ndóiteán i Lios Dúin Bhearna i rith ceann de na turais sin. In 1968 bhí sé sa láthair i mBaile an Bhiataigh i gContae na Mí nuair a bunaíodh Na Píobairí Uilleann agus toghadh é féin agus Leo Rowsome mar éarlaimh. Chuireadh sé leaganacha Béarla d’amhráin Ghaeilge ar fáil agus deir Breathnach: ‘His translations in verse of Irish songs were both accurate and singable’. D’aistrigh sé Machtnamh seanamhná (1939) le Peig Sayers faoin teideal An old woman’s reflections (1962).

Bhí sé ina chónaí san Aill nuair a d’éag sé ar 5 Deireadh Fómhair 1982. ‘Easter snow’ an t-ainm a bhaist sé ar an bpíosa talún a bhí aige féin agus a dheirfiúr Ursula os comhair na reilige mar a raibh péire carbhán (mobile homes) acu. Tá sé curtha san Aill. Ba é breithiúnas Bhreandáin Bhreathnaigh air: ‘Séamus Ennis conducted no school or college of piping and yet he has influenced a multitude of pipers. He was prodigal in performance and has left behind a rich heritage of piping which will ever be a pleasure and an inspiration. As a piper he enriched and enlarged the living tradition and therein lay his most valued contribution to the cultural life of his country’. In ‘Tuarascáil' (Irish Times 13 Deireadh Fómhair 1982) dúradh: ‘Fíorannamh a thagann duine chomh tréitheach leis os comhair an tsaoil agus is annamh fós a éiríonn lena leithéid cuid éigin dá bhuanna a chur i bhfeidhm chun leasa an phobail. Fuair Séamus an deis sin agus táimíd go léir faoi chomaoin aige dá bharr. Tá sé ráite “nach mbeidh a leithéid arís ann”. Creidimíd féin go bhfuil ciall ar leith ag focail an Oileánaigh sa chás áirithe seo. Mar, dála na muintire a ndearna seisean comóradh orthu, d’fhéadfá a rá go bhfuil treascairt déanta ar an ré as ar tháinig Séamus. Bhí de mhórbhua agus de mhórphribhléid aige oidhreacht na ré úd, a raibh fágtha di, a cheapadh agus a chur in iúl ina phearsain dílis féin. Rinne sé sin go seoidh’. Cuireadh amach ceirníní dá chuid ceoil agus deirtear gurb é 40 years of Irish piping an ceann is tábhachtaí díobh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú