MAC CON IOMAIRE, Liam (1937–2019)
Le caoinchead ó Sheán Ó Mainnín

‘Institiúid,’ an cur síos a rinne tráchtaire amháin ar Liam ar na meáin shóisialta, tráth a bháis. ‘Sárdhuine,’ agus ‘duine de Ghaeil mhóra na hÉireann.’ Bhí aithne air mar mhúinteoir, mar shaineolaí teanga, mar iriseoir, mar scoláire, mar údar, mar bheathaisnéisí, mar aistritheoir agus mar chraoltóir. Is beag Gael nó Éireannach lena linn nach raibh tionchar éigin aige orthu.

‘Ba mhór an tionchar a bhí ag Liam ar chúrsaí cultúrtha na tíre seo, go háirithe i dtaca lena theanga dhúchais agus oidhreacht shaibhir an cheantair inar tógadh é i gConamara,’ (Tuairisc.ie, 6 Bealtaine 2019), a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn. Agus cé go raibh aithne i bhfad agus i ngearr air mar dhuine d’fhathaigh agus de ghaiscígh mhóra shaol na teanga, ba é a bhealach séimh, umhal, cabhrach, croíúil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine.

Rugadh Liam Mac Con Iomaire, nó Billy Mháirtín Mhaidhc an Droichid mar a thugtaí go háitiúil air, ar an 9 Deireadh Fómhair 1937 i gCasla i nGaeltacht Chonamara. Ba é an tríú duine é de dhá dhuine dhéag clainne a bhí ag Máirtín Mac Con Iomaire as Doire an Fhéich agus Kate Bhil Ní Chéide as Cnoc Aduaidh: Michael, Máirín, Liam, Paddy, Máirtín, Colm, Treasa, Caitlín, Tomás agus Bríd. Bhí beirt eile sa teaghlach a bhásaigh ina bpáistí. Bhásaigh a dheirfiúr Caitlín, iar-phríomhoide ar Ghairmscoil na bPiarsach i Ros Muc, sa mbliain 2012.

Bhí Máirtín Mhaidhc an Droichid ina mhaor ar Abhainn Chasla ag muintir an Lodge i gCasla. Bhí carr cliathánach aige freisin is thugadh sé daoine siar Ceantar na nOileán agus áiteanna eile. Bhí cáil ar Theach an Droichid mar theach lóistín. B'iontach an bhean fuála í Kate agus mhúin sí Gaeilge do go leor scoláirí chomh maith.

D’fhreastail Liam ar Scoil Náisiúnta na nDoireadha, áit a raibh Tadhg Ó Sé ina mhúinteoir aige, duine a chuaigh i bhfeidhm go mór air. Ach mar a dúirt sé féin ar chlár raidió geábh, chuir a mháthair iallach air obair bhaile a dhéanamh freisin. Oideachas dó chomh maith ab ea na lóistéirí a bhíodh ag fanacht sa teach acu agus ba chuimhneach le Liam agus é ina ghasúr an bailitheoir ceoil Séamus Ennis a bheith ag teacht ar a rothar agus é a bheith ar lóistín acu.

Bhain sé scoláireacht amach i gcoláiste ullmhúcháin Choláiste Éinde i nGaillimh sa mbliain 1951, áit a raibh deis aige meascadh le mic léinn ó Ghaeltachtaí eile. Bhain sé an chéad áit in Éirinn amach sa Mheánteist sa nGaeilge agus san Adhmadóireacht agus é i gColáiste Éinde. Cháiligh sé mar oide scoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ina dhiaidh sin agus chaith sé na blianta ó 1957 go 1968 ag teagasc i Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Nuair a tháinig Liam go Baile Átha Cliath i dtosach mar ábhar oide i gColáiste Phádraig, dhéanadh sé obair dheonach le Cumann Uinseann de Pól. Ghlacadh sé páirt in imeachtaí airneáin agus drámaíochta in Amharclann an Damer le linn dó a bheith ar fhoireann teagaisc Scoil Lorcáin agus bhí an-mheas aige ar Mháirín Ní Rodaigh, bean Mháirtín Uí Chadhain, a bhí ag obair i Scoil Lorcáin in éineacht leis.

Bhí sé ar dhuine de na chéad léitheoirí nuachta teilifíse nuair a bunaíodh Raidió Teilifís Éireann sa mbliain 1960 agus chaith sé aon bhliain déag ina dhiaidh sin mar iriseoir agus mar fho-eagarthóir i Seomra Nuachta RTÉ, idir 1968 agus 1979. Ba ansin a chuir pobal na Gaeilge agus na hÉireann aithne i gceart air. Craoltóir breá ab ea é, é cruinn agus údarásach. Bhí glór glé soiléir aige, glór a bhí milis mealltach don fhoghlaimeoir agus do mhuintir na Gaeltachta araon. Bhíodh téagar ina chuid cainte. Mar a dúirt Póilín Ní Chiaráin, ‘bhí sé ar dhuine díobh siúd i Nuacht RTÉ a mhúnlaigh an Ghaeilge mar theanga oiriúnach don chraoltóireacht nua-aoiseach. Bhí a chuid oibre ar ardchaighdeán i gcónaí’ (Tuairisc.ie, 8 Bealtaine 2019). Ní haon iontas dá réir go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar chraoltóirí níos óige ná é a bhí ag foghlaim a gceirde. Mar a mhínigh Cathal Mac Coille,

chuir mé aithne air sna 1970idí nuair a bhí an bheirt againn ag obair ar dheasc na Gaeilge i seomra nuachta RTÉ. Ba léir a dhea-thréithe speisialta ón gcéad lá a ndeachaigh mé i mbun oibre ina theannta. Cineáltacht, thar aon rud eile. Bhí cabhair agus comhairle den uile chineál de dhíth orm agus mé ag tabhairt faoin obair chúramach a theastaíonn chun cur síos a dhéanamh trí Ghaeilge ar bhunábhar i mBéarla. Is a bhuí le Liam agus lena chomrádaithe eile ón nGaeltacht, go háirithe, a d’fhoghlaim mé an chuid is tábhachtaí den cheird: conas tuairiscí intuigthe i nGaeilge a scríobh go cruinn, go beacht agus go snasta, agus conas iad a chraoladh go soiléir’ (Tuairisc.ie, 8 Bealtaine 2019).

D’oibrigh sé mar thuairisceoir ar thuras an Uachtaráin, Pádraig Ó hIrghile, chun na hIndia in Eanáir/Feabhra 1978 agus bhíodh sé ag obair ar an gclár teilifíse Súil Thart freisin. Ina dhiaidh sin rinne sé obair ar chláracha teilifíse le hÉamon de Buitléar chomh maith.

Ceapadh ina stiúrthóir é ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, sa mbliain 1979 agus mhúin sé an Ghaeilge labhartha, an fhoghraíocht agus cúrsaí teanga do mhic léinn fochéime agus iarchéime idir 1979 agus 1996. Is iomaí glúin mac léinn a chuaigh trína lámha ansin, mic léinn a bheadh faoina thionchar an chuid eile dá saol. Duine acu siúd ab ea an tOllamh Máire Ní Annracháin, a thug ‘fear na féile agus na séimhe, a choinneodh ag gáire tú,’ air.

Ó mháthair Liam, Kate, a d’fhoghlaim mé Gaeilge i gConamara ó aois a dó dhéag. Faoin am sin bhí Liam imithe go Baile Átha Cliath, agus ba gheall le réalt Hollywood dúinn é, óir bhíodh sé ag léamh na Nuachta ar an teilifís go rialta. Má bhí meas an domhain agam air an tráth úd, ba bheag é le hais an ardmheasa a bhí agam air ar ball, nuair a thuig mé an cumas teanga, na luachanna cultúir, na scileanna acadúla agus na buanna uaisle pearsanta a bhí aige. Ba phrionsa é i saol agus i dteanga na Gaeilge. Sheasfainn – sheasfá, sheasfaí – sa sneachta ag éisteacht leis. Chloisfeá gach focal as a bhéal ag dearbhú go raibh sé d’acmhainn ag Gaeilge na Gaeltachta deighleáil le saol na linne agus fanacht dílis di féin i gcaitheamh an ama. Chuirfeadh sé cluain ort agus é ag trácht ar na hamhráin (Tuairisc.ie, 8 Bealtaine 2019).

Duine eile a ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór air agus é ina mhac léinn aige ab ea an scoláire Ian Ó Caoimh.

Bhí bealach cineálta, nádúrtha ag Liam a chuir ar a chumas caint a mhealladh as an té ba chúthaile. Dá gceapfadh duine go raibh sé thar a chúlra Galltachta fuaimeanna cuimilteacha na Gaeilge a athchruthú, mholfadh sé cuimhneamh ar an bplubarnach a dhéanann na naíonáin sula dtagann an chaint chucu i gceart, a léiríonn go bhfuil gach saghas fuaime ar chumas an duine. Chun go bhfuaimneofaí caol agus leathan go cruinn ina dhiaidh sin, thugadh sé cleachtaí ar nós “chaith mé an lá studying law” dá chuid mac léinn. Insítear scéal go raibh Liam ag siúl i lár na cathrach lá agus é ag tabhairt aire dá ghnóthaí féin nuair a sheas fear os a chomhair amach agus dúirt, “ná labhair le Labhrás i lár an lae,” béim dhrámatúil ar gach consan leathan aige, agus gur imigh leis ina bhealach ansin is gan smid eile as. Ná níor dhealaigh Liam fuaimeanna na teanga ó ghramadach, litríocht, logainmníocht, seanchas, stair nó eile: codanna comhlántacha den iomlán a bhí iontu. Le cois na bpointí teanga bhíodh léargas níos leithne ar mheon na muintire i leith an tsaoil á dtabhairt uaidh aige’ (An Timire, Fómhar 2019).

Bhailigh sé stór amhrán agus seanchais i ngach ceard den Ghaeltacht agus é ag obair mar Stiúrthóir ar an Teanglann, taifeadtaí a chuireadh go mór lena chuid ranganna ar an nGaeilge Labhartha ansin. Dhéanadh sé taifeadadh ar Léacht Uí Chadhain gach bliain chomh maith.

Scríobh Liam dhá bheathaisnéis thoirtiúla ar mhórphearsana de chuid na Gaeilge agus na hÉireann: Breandán Ó hEithir (Iomramh Aonair, 2000) agus Seosamh Ó hÉanaí (Nár Fhágha mé Bás Choíche, 2007). Tá an dá leabhar sin áirithe i measc mhórshaothair neamhfhicsin na Gaeilge agus thuill siad ardmholadh ón bpobal agus ón aos léinn araon. I measc na leabhar eile leis, tá Ireland of the Proverb (1988), ina bhfuil grianghraif de chuid Bill Doyle. Leabhar mór-ráchairte a bhí ansin go hidirnáisiúnta, sna Stáit Aontaithe go háirithe. Comhfhiontar le Bob Quinn a bhí in Conamara – An Tír Aineoil (1997), sraith portráidí de lucht seanchais agus d’ealaíontóirí dúchais as Conamara agus Árainn.

Cé go raibh an-mheas aige ar an acadúlacht, níor bhasc an acadúlacht riamh é. Dá réir chuirfeadh sé a chuid taighde i láthair ar bhealach soiléir sothuigthe i gcaint na ndaoine. Bhí stíl álainn ghlan scríbhneoireachta aige, ach stíl a bhí an-saibhir san am céanna. Chuidigh sé le heolas iontaofa údarásach a choinneáil le léitheoirí sa mbaile agus i gcéin i dtaca le gnéithe de chultúr na Gaeltachta trí bheathaisnéisí gairide faoi fhonnadóirí agus faoi na hamhráin sean-nóis a scríobh d’fhoilseacháin éagsúla, leithéidí Companion to Irish Traditional Music (Cork University Press, 1999 & 2011), imleabhair Beathaisnéis agus Leabhar Mór na nAmhrán (Cló Iar-Chonnacht, 2013). Is iomaí nóta a scríobh sé do chlúdaigh ceirníní agus do leabhráin dlúthdhioscaí, ina measc an leabhrán 40 leathanach a cuireadh amach le dlúthdhiosca Sheosaimh Uí Éanaí The Road from Connemara, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht sa mbliain 2000.

Bhí cáil agus meas ar obair aistriúcháin Liam Mhic Con Iomaire i ngeall ar a shárchumas dul i ngleic le dúshláin chultúrtha agus chanúnacha na Gaeilge. Bhronn an Modern Language Association Gradam Lois Roth air féin agus ar Tim Robinson sa mbliain 2017 dá n-aistriúchán Graveyard clay (2016), leagan Béarla d’úrscéal cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille. Rinne sé go leor oibre i bpáirt le Tim Robinson agus d’aistrigh roinnt dá shaothar siúd go Gaeilge: Conamara Theas: áit agus ainm (1992); Spás, Am, Conamara (1993); agus Camchuairt Chonamara Theas (2002). Díol suntais atá in obair aistriúcháin eile dá chuid, Scéalta ó Theach na mBocht (2001), leagan Gaeilge de Tales from the Poorhouse le Eugene McCabe, chomh maith le dánta agus amhráin ón traidisiún liteartha sna foilseacháin Taisce Duan (1990) agus Amhráin na Séad / Jewels and Pathways (2006).

Bhí sé mar láithreoir agus mar chathaoirleach ar phainéal an chláir Leagan Cainte a craoladh ar Raidió na Gaeltachta, clár a fuair éisteacht ó cheann ceann na tíre. Bhí ardmheas ag daoine air ar fud na nGaeltachtaí agus bhí tuiscint dhiamhair aige ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla agus ar mhuintir na Gaeltachta. Mar a dúirt Seosamh Ó Cuaig, a bhíodh ar an gclár sin leis:

le linn dom a bheith ar phainéal Leagan Cainte ar Raidió na Gaeltachta is mó a chuir mé aithne ar Liam. Ba eisean an cathaoirleach agus go deimhin ba mhaith an cathaoirleach é. Bhíodh an réamhobair déanta i gcónaí aige agus tharraingíodh sé an t-eolas asainne go múinte tuisceanach. Bhí féith an ghrinn ann. Níor theastaigh uaidh aon uair gur clár trom tur acadúil a bheadh againn. Ní shin le rá nach raibh meas aige ar an acadúlacht (Tuairisc.ie, 8 Bealtaine 2019).

Chomh maith le páirt a ghlacadh in go leor cláracha eile de chuid Raidió Éireann agus Raidió na Gaeltachta, léigh sé roinnt leabhar a craoladh ina míreanna ar an stáisiún, ina measc Cladaigh Chonamara (1938) le Séamas Mac an Iomaire agus Conamara agus Árainn 1880–1980 (1988) le Micheál Ó Conghaile. Rinne sé taifeadadh freisin do CIC ar ghearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais Íosagán agus Scéalta Eile (1990).

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na féile fonnadóireachta Sean-Nós Cois Life sa mbliain 1992 agus bronnadh Gradam Saoil Shean-Nós Cois Life air sa mbliain 2015. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim oinigh sna dána air in 2013. Bhí sé ina bhall den Choiste Téarmaíochta, den Choimisiún Logainmneacha agus thug tréimhse mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge.

Taobh amuigh de sin ar fad, comhluadar den scoth a bhí ann agus cibé áit a raibh sé, mhéadaigh agus d’fheabhsaigh an comhluadar dá réir. Bhí an tarraingt sin aige, an bua sin, an spleodar. Ba air a bhíodh aghaidh na ndaoine. Agus b’fhearr leis seisiún maith sean-nóis agus seanchais ná ócáid ar bith ar eile ar domhan. Ach ní spraoi agus caitheamh aimsire amháin a bhíodh i gceist lena leithéidí dó ach caomhnú agus seachadadh an traidisiúin, chomh maith lena cheiliúradh.

Bhí gifte aige mar fhear tí aon áit a mbíodh seisiún amhránaíochta. Ba mhinic ina mbun é ag an Oireachtas agus ag féilte nó éigsí, agus ba mhaith uaidh oíche amhránaíochta a choinneáil ag imeacht nó go mbeadh sé domhain san oíche. Is iomaí duine ar mheall sé amhrán astu. Chomh maith le mioneolas a bheith aige ar na hamhráin, b’amhránaí maith é féin freisin agus cé go mba dhrogallach uaidh é féin a chur chun cinn mar amhránaí, bhainfeadh sé pléisiúr faoi leith as ‘Pluid Dhorcha Leára,’ ‘The Taylor Bawn’ nó ‘Brídín Bhéasaí’ a ghabháil. Bhí meas as cuimse aige ar amhráin Raiftearaí. ‘Comrádaí na n-amhrán’ ab ea é, mar a dúirt Sarah Ghriallais agus bhíodh a chroí agus a anam sna hamhráin agus é á rá. ‘D’fháiscfeadh sé do láimh ar an bhfocal bróin nó láidir’ (Iris Aniar, 9 Bealtaine 2019).

Thaitin ócáidí sóisialta leis: bualadh le daoine nua agus aithne a chur orthu; scéalta nua agus seanscéalta a chloisteáil, a aithris agus a mhalartú. Cé gur fhear Gaeltachta a bhí ann go smior, ba mhór aige macalla nó iarsma na Gaeltachta a aimsiú in aon áit. Mar a dúirt Seosamh Ó Cuaig, ‘ba Ghaeltacht aigesean coirnéal ar bith den tír a raibh fiú macalla de shaíocht na nGael fanta beo ann’ (Tuairisc.ie, 8 Bealtaine 2019). Dá gcloisfeadh sé leagan cainte nó véarsa as amhrán nach mbeadh aige, ba mhinic a tharraingíodh sé píosa páipéir nó clúdach litreach as póca a sheaicéid agus thosaíodh sé ag scríobh.

Bhíodh an-éileamh air d’ócáidí poiblí mar gheall ar a chumas cainte, a acmhainn grinn spraíúil agus a chur i láthair taitneamhach réchúiseach. Ní iontas dá bhrí sin gur sheol sé na scórtha leabhar, caiséad agus dlúthcheirníní thar na blianta agus gur fhógair sé go leor éigsí agus féilte oscailte. Bhí sé in ann labhairt go deas séimh nó, go deimhin, labhairt amach níos láidre nuair a chreid sé gur ghá sin. Duine neamhspleách a bhí ann a raibh intinn neamhspleách aige agus spreag sé an neamhspleáchas smaointeoireachta sin bíodh sé i mbun ranga in ollscoil nó timpeall an bhoird lena chlann agus a mhuintir féin.

Bhí caidreamh ar leith ag Liam le muintir Ráth Chairn. Théadh sé ann go rialta agus ola ar a chroí a bhí sa gcomhluadar agus sna seisiúin fonnadóireachta ann. Thacaigh muintir Ráth Chairn go láidir leis nuair a insealbhaíodh ina Uachtarán ar an Oireachtas é in 2009. D’fhreastalaíodh sé go rialta ar imeachtaí Chumann Merriman chomh maith. Mar chaitheamh aimsire ba gheal leis píosaí siúlóide a dhéanamh ar Chéibh Dhún Laoghaire.

Ba ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath a chaith Liam formhór a shaoil ó d’fhág sé Conamara. Bhí sé pósta le Bairbre Ní Chearbhaill as Cluainín, Co. Liatroma, a bhí ina heacnamaí leis an bhForas Talúntais sul má phósadar in 1965. Seisear clainne a bhí acu: Máirín, Máirtín, Colm, Ruairí, Darach agus Nuala a bhásaigh roimhe ar an 16 Iúil 2010.

Bhásaigh Liam Mac Con Iomaire ar an 5 Bealtaine 2019. Is i Reilig Ghráinseach an Déin atá a leaba fraoich agus luachra.

Micheál Ó Conghaile

Foinsí tagartha