‘Duine de bhádóirí móra ár linne’ a thugann Liam Mac Con Iomaire air i gcuntas iarbháis in Foinse 24 Meitheamh 2001. Deir sé freisin: ‘Ba é Tom an duine ab óige den dáréag clainne . . . a bhí ag Cóil Choilm Deáirbe agus ag Nan Mharcuisín (Ní Chualáin) as Inis Oirc, ar Inis Mhic Cionnaith (An tOileán Mór), sular athraíodar amach go Doire Fhátharta [an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe] i 1969.’ Tar éis bunscolaíochta agus meánoideachais ar an gCeathrú Rua chaith sé tamall i Sasana sula ndeachaigh sé go Boston mar ar chaith sé tuairim is deich mbliana. Bhí sé deich mbliana eile in Chicago sular fhill sé abhaile. Bhí an bád ‘American Mór’ ceannaithe aige cúpla bliain roimhe sin. ‘Nuair a tháinig Tom féin abhaile go buan i 1985 thosaigh sé ag cur isteach ar na geallta bád, agus ghnóthaigh an American Mór 39 geall as a chéile dó . . .’. Chum na filí Tom an tSeoighigh agus Seán Cheoinín dánta á mholadh. Bhí sé pósta ar Eileen Collins agus bhí ceathrar clann acu. D’éag sé 21 Meitheamh 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú