Tá cúig amhrán dá dhéantús in UP Sheanamhach, 1990, bailiúchán d’amhráin nuachumtha a rinne Micheál Ó Conghaile. Agus tá 14 amhrán a bhailigh Eoin Rua Ó Néill uaidh i 1983 in Seoltóireacht ghéar: amhráin Sheáin Cheoinín, 1988. Foilsíodh freisin téip dá amhráin á gcasadh ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha. Le báid agus leis an bhfarraige a bhaineann an chuid is mó dá chumadóireacht. Tá cuntas ar a shaol ag an Niallach sa leabhar sin agus tá cuntas iarbháis ag MÓC in Anois 21-22 Bealtaine 1994. Deir MÓC: ‘Ba fhear é Seán Cheoinín a chuir suim ar leith san áit agus sa phobal as ar fáisceadh é. Bhí sé grinn agus tugadh léargas ar a thuiscint ar rothaí an tsaoil sna focail a scríobh sé agus sa chur síos a rinne sé ar an saol a chaith sé in iarthar Chonamara. Bhí samhlaíocht agus stuaim san fhíodóireacht a ndearna sé ar fhocail agus ar véarsaí.’

Ar Fhínis, oileán in aice le Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Seán Cheoinín 1 Nollaig 1918. Ba iad Seán Cheoinín as Leitreach Ard agus Maighréad Nic Con Iomaire as Fínis a thuismitheóirí. In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) agus chum Seán amhrán ina onóirsean. Chaith Seán agus Máire tamall i bhFínis sular aistríodar amach go Leitreach Ard, Caiseal, i 1944. Rugadh mac agus seisear iníonacha dóibh. Ba leis an iascaireacht agus le hiompar earraí ar an bhfarraige idir Conamara agus Gaillimh a thuill sé a bheatha roimh ré na leoraithe. Bhuaigh sé go leor rásaí seoltóireachta lena bhád ‘An Hunter’.

Deir Eoin Rua Ó Néill: ‘Ta eolas thar an gcoitiantacht ag Seán ar bháid agus ar an bhfarraige. Tá téip agam ina bhfuil cur síos aige ar charraigreacha, ar na hoileáin agus ar na maidhmeanna ó Cheann Léime aniar: soir chomh fada le Dug na Gaillimhe. D’aithris Seán dom iad de ghlanmheabhair go díreach glan mar a bheadh sé ag léamh as muirchairt. Is minic a chuala mé Seán ag rá nach fear mór láí é. Ach cén t-iontas é sin! Rugadh agus tógadh cois farraige é agus chaith sé a shaol ag plé leis an bhfarraige.’ Bhí clú mar shaor báid ar Bheairtle Cheoinín, seanuncail lena athair. Rinne seisean a phrintíseacht leis na Cathasaigh, saoir cháiliúla Mhaínise. Agus deartháir le Seán is ea Pat, a bhfuil clú air mar dhéantóir agus mar dheisitheoir seolta báid; tá cur síos air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil, 1997 agus deir sé ann gur col ceathar le Seán agus Pat ba ea Séamus Mac an Iomaire a scríobh Cladaigh Chonamara, 1938.

Ach is i ngeall ar a chuid amhrán a leath cáil Sheáin ar fud Chonamara agus go deimhin níos faide ó bhaile. Ba mhinic Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha ag casadh amhráin Sheáin, go háirithe ‘Amhrán an Hunter’ agus ‘Amhrán an Chapaill’, ar Raidió na Gaeltachta. Is seanchas, scéalta, seanamhráin agus píosaí filíochta a bhí Ó Néill a bhailiú ó Sheán, ach oíche amháin thosaigh Seán ag aithris amhráin a bhí cumtha aige féin. ‘Níor dhúirt sé tada liom faoina chuid amhrán féin roimhe sin. Cheap sé nach mbeadh suim agam iontu mar gheall ar gur amhráin nua-chumtha a bhí iontu.’ D’éag sé 18 Bealtaine 1994. Tá sé curtha i Maínis. In Iúil 1988 d’éag Seán Ó Ceoinín nó ‘Johnny Simon’ as Roisín na Mainiach, Carna, múinteoir scoile darb aois 49 a raibh aithne air mar staraí; tá cuntas gairid air in Connacht Tribune 22 Iúil 1988.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú