CHEOINÍN, Seán (1918-1994) Seán CHEOINÍN 1918 1994 Fínis, Co. na Gaillimhe M iascaire cumadóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cúig amhrán dá dhéantús in UP Sheanamhach, 1990, bailiúchán d’amhráin nuachumtha a rinne Micheál Ó Conghaile. Agus tá 14 amhrán a bhailigh Eoin Rua Ó Néill uaidh i 1983 in Seoltóireacht ghéar: amhráin Sheáin Cheoinín, 1988. Foilsíodh freisin téip dá amhráin á gcasadh ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha. Le báid agus leis an bhfarraige a bhaineann an chuid is mó dá chumadóireacht. Tá cuntas ar a shaol ag an Niallach sa leabhar sin agus tá cuntas iarbháis ag MÓC in Anois 21-22 Bealtaine 1994. Deir MÓC: ‘Ba fhear é Seán Cheoinín a chuir suim ar leith san áit agus sa phobal as ar fáisceadh é. Bhí sé grinn agus tugadh léargas ar a thuiscint ar rothaí an tsaoil sna focail a scríobh sé agus sa chur síos a rinne sé ar an saol a chaith sé in iarthar Chonamara. Bhí samhlaíocht agus stuaim san fhíodóireacht a ndearna sé ar fhocail agus ar véarsaí.’

Ar Fhínis, oileán in aice le Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Seán Cheoinín 1 Nollaig 1918. Ba iad Seán Cheoinín as Leitreach Ard agus Maighréad Nic Con Iomaire as Fínis a thuismitheóirí. In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) [B5] agus chum Seán amhrán ina onóirsean. Chaith Seán agus Máire tamall i bhFínis sular aistríodar amach go Leitreach Ard, Caiseal, i 1944. Rugadh mac agus seisear iníonacha dóibh. Ba leis an iascaireacht agus le hiompar earraí ar an bhfarraige idir Conamara agus Gaillimh a thuill sé a bheatha roimh ré na leoraithe. Bhuaigh sé go leor rásaí seoltóireachta lena bhád ‘An Hunter’.

Deir Eoin Rua Ó Néill: ‘Ta eolas thar an gcoitiantacht ag Seán ar bháid agus ar an bhfarraige. Tá téip agam ina bhfuil cur síos aige ar charraigreacha, ar na hoileáin agus ar na maidhmeanna ó Cheann Léime aniar: soir chomh fada le Dug na Gaillimhe. D’aithris Seán dom iad de ghlanmheabhair go díreach glan mar a bheadh sé ag léamh as muirchairt. Is minic a chuala mé Seán ag rá nach fear mór láí é. Ach cén t-iontas é sin! Rugadh agus tógadh cois farraige é agus chaith sé a shaol ag plé leis an bhfarraige.’ Bhí clú mar shaor báid ar Bheairtle Cheoinín, seanuncail lena athair. Rinne seisean a phrintíseacht leis na Cathasaigh, saoir cháiliúla Mhaínise. Agus deartháir le Seán is ea Pat, a bhfuil clú air mar dhéantóir agus mar dheisitheoir seolta báid; tá cur síos air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil, 1997 agus deir sé ann gur col ceathar le Seán agus Pat ba ea Séamus Mac an Iomaire[B4] a scríobh Cladaigh Chonamara, 1938.

Ach is i ngeall ar a chuid amhrán a leath cáil Sheáin ar fud Chonamara agus go deimhin níos faide ó bhaile. Ba mhinic Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha ag casadh amhráin Sheáin, go háirithe ‘Amhrán an Hunter’ agus ‘Amhrán an Chapaill’, ar Raidió na Gaeltachta. Is seanchas, scéalta, seanamhráin agus píosaí filíochta a bhí Ó Néill a bhailiú ó Sheán, ach oíche amháin thosaigh Seán ag aithris amhráin a bhí cumtha aige féin. ‘Níor dhúirt sé tada liom faoina chuid amhrán féin roimhe sin. Cheap sé nach mbeadh suim agam iontu mar gheall ar gur amhráin nua-chumtha a bhí iontu.’ D’éag sé 18 Bealtaine 1994. Tá sé curtha i Maínis. In Iúil 1988 d’éag Seán Ó Ceoinín nó ‘Johnny Simon’ as Roisín na Mainiach, Carna, múinteoir scoile darb aois 49 a raibh aithne air mar staraí; tá cuntas gairid air in Connacht Tribune 22 Iúil 1988.