Ó FÍNNEADHA, Learaí (1932–1999)
Le caoinchead ó Bob Quinn

Colm de Bhailís

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Fleadh ‘gus féasta: amhráin Choilm de Bhailís (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Tá aiste ar shaothar an fhile seo ag Gearóid Denvir in Léachtaí Cholm Cille XXIX: foinn agus fonnadóirí, 1999 agus tá eolas ina thaobh freisin in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge, 1998 agus ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an tír aineoil, 1997. Sa Lochán Beag ceithre mhíle taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 12 Samhain 1932. Ba iad a thuismitheoirí Máire Ní Thuathail (Máire Choilm Mháirtín) ó Chnoc na hAille agus Pádraig Learaí Ó Fínneadha, an file a scríobh Bóithríní an Locháin agus amhráin eile, 1994; ba é Learaí an seachtú mac acu. Bhí sé ar Scoil Shailearna, na hAille, go raibh sé 13 bliana d’aois. Sna Fotharaí Maola, Bearna, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí air féin agus a bhean Máire Ní Chartúir. Bhí mac agus beirt iníonacha acu. Deir Mac Con Iomaire: ‘Ar shochraid Joe Shéamais Sheáin ([Seosamh Ó Donnchadha ‘Filí Bhaile na mBroghach’) ... a bhí Learaí an lá ar shocraigh sé go gcaithfeadh sé na seanphaidreacha agus na horthaí a chur ar chóir shábhála i bhfoirm leabhair.’ Ba é toradh an mhachnaimh sin an bailiúchán Ó bhaile go baile, 1993. Bean chráifeach a mháthair agus is uaithi a fuair sé cuid mhór dá bhfuil sa leabhar sin. Dúirt Diarmuid Ó Laoghaire ina thaobh in Comhar, Márta 1994: ‘Leabhar iontach neamhchoitianta é seo. Leabhar é seo de chuid na hÉireann ó thosach deireadh, ó thaobh ábhair agus a láimhseála, agus gan amhras léiríonn a rogha meon umhal dúchais an údair’ (i gcló in Eolaire Chló Iar-Chonnachta ...). Chum sé 130 píosa idir agallaimh bheirte agus dhánta. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais d’fhilíocht sa stíl traidisiúnta. Pléann Denvir cineál a chuid ceapadóireachta agus a aonchnuasach in Sé an saol an máistir: filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha, 2010. D’éag sé 27 Deireadh Fómhair 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú