Ó FÍNNEADHA, Learaí (1932-1999) Learaí Ó FÍNNEADHA 1932 1999 An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe M Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Colm de Bhailís Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Fleadh ‘gus féasta: amhráin Choilm de Bhailís (1995).

Tá aiste ar shaothar an fhile seo ag Gearóid Denvir in Léachtaí Cholm Cille XXIX: foinn agus fonnadóirí, 1999 agus tá eolas ina thaobh freisin in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 agus ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil, 1997. Sa Lochán Beag ceithre mhíle taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 12 Samhain 1932. Ba iad a thuismitheoirí Máire Ní Thuathail (Máire Choilm Mháirtín) ó Chnoc na hAille agus Pádraig Learaí Ó Fínneadha, an file a scríobh Bóithríní an Locháin agus amhráin eile, 1994; ba é Learaí an seachtú mac acu. Bhí sé ar Scoil Shailearna, na hAille, go raibh sé 13 bliana d’aois. Sna Fotharaí Maola, Bearna, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí air féin agus a bhean Máire Ní Chartúir. Bhí mac agus beirt iníonacha acu. Deir Mac Con Iomaire: ‘Ar shochraid Joe Shéamais Sheáin ([Seosamh Ó Donnchadha [q.v.] ‘Filí Bhaile na mBroghach’) ... a bhí Learaí an lá ar shocraigh sé go gcaithfeadh sé na seanphaidreacha agus na horthaí a chur ar chóir shábhála i bhfoirm leabhair.’ Ba é toradh an mhachnaimh sin an bailiúchán Ó bhaile go baile, 1993. Bean chráifeach a mháthair agus is uaithi a fuair sé cuid mhór dá bhfuil sa leabhar sin. Dúirt Diarmuid Ó Laoghaire[q.v.] ina thaobh in Comhar, Márta 1994: ‘Leabhar iontach neamhchoitianta é seo. Leabhar é seo de chuid na hÉireann ó thosach deireadh, ó thaobh ábhair agus a láimhseála, agus gan amhras léiríonn a rogha meon umhal dúchais an údair’ (i gcló in Eolaire Chló Iar-Chonnachta ...). Chum sé 130 píosa idir agallaimh bheirte agus dhánta. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais d’fhilíocht sa stíl traidisiúnta. Pléann Denvir cineáil a chuid ceapadóireachta agus a aonchnuasach, ’Sé an saol an máistir, 1998. D’éag sé 27 Deireadh Fómhair 1999.