D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta bailiúchán dá dhánta, Bóithríní an Locháin agus amhráin eile, 1994. Chuir a mhac, Cóil Learaí Ó Fínneadha, nótaí leis. Ba chol ceathar é le Micheál Breathnach; Síle Ní Fheinneadha ba ainm do mháthair Mhichíl. Sa Lochán Beag a rugadh é 22 Eanáir 1886 do Patrick Feeney agus Sarah Hopkins. Is léir ar Dhaonáireamh 1901 gur Gaeilge amháin a bhí ag a mháthair. Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag an athair. Feirmeoir ba ea é. Bhí triúr mac agus triúr iníonacha sa teach leo. I nDaonáireamh 1911 cuireadh síos go raibh siad pósta le 27 bliana, gur rugadh seachtar dóibh a raibh cúigear díobh fós beo. Ghlac Pádhraic Learaí páirt i gCogadh na Saoirse i gConamara; mar is léir ar chuid dá amhráin, chaith sé téarmaí i bpríosún i nGaillimh agus i nDoire. I ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh is leis an dream a bhí in aghaidh an tSaorstáit a bhí a bhá. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Thuathail ó Chnoc na hAille agus mac leo ba ea an file Learaí Ó Fínneadha. D’fhoilsigh an tAthair Eric Mac Fhinn píosaí a scríobh Pádhraic in Ar Aghaidh agus i gcuntas iarbháis san iris sin dúradh: ‘Chum sé go leor amhrán, idir amhráin thírghrácha, amhráin faoi chúrsaí a shaoil féin agus amhráin spraoiúla. Tá cuid acu i gcló in Ar Aghaidh agus tá bailiúchán mór déanta ag Calum Mac Gilleathain.’ D’éag sé 17 Samhain 1957.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú