Deartháir don fhile mór Albanach Somhairle Mac Gill-Eain é agus ba é an file sin a chaoin é. ‘Tha sgeul ort an Coise-Fhairge/ Ann an Éirinn thall;/ Eadar an Cheathramh Ruadh is Spidéal/ Dh’fhág tú iomadh snaim./ Bha thú ag Gàidheil Éireann/ Mar fhear dhuibh féin is de’n dream/ Dh’aithnich iad annad-sa an fhéile/ Nach do reub an cuan/ Nach do mhill míle bliadhna:/ Buaidh a’ Ghàidheil buan’.

In Osgaig i Rathasair, oileán atá in aice leis an gClár Sgithe nó an tOileán Sciathanach, a rugadh é ar 6 Meán Fómhair 1915. Bhí an Gháidhlic aige ón gcliabhán. Malcolm ab ainm dá athair agus ba í Christina Nicholson a mháthair. Bhí feirm bheag agus gnó táilliúrachta acu. Tá cur síos ar shaibhreas na hoidhreachta a fuair a dtriúr mac uathu in Sorley Maclean: Critical Essays, 1986 in eagar ag Raymond J. Ross agus Joy Hendry: ‘His family on both sides were very talented, and most important, they were tradition bearers who passed on to Maclean the Gaelic tradition in song, music and poetry from many parts of the Gaidhealtachd’. Chuir na deartháireacha spéis sa chamanacht i meánscoil Phort Rí.

Is sa léann Ceilteach a bhain Calum a chéimeanna amach in Ollscoil Dhún Éideann. Thug scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, é i 1939. ‘Níor chas sé ar Albain nuair a bhris an cogadh amach...; níor bheag leis go raibh a dheartháireacha i bhfórsaí na Breataine Móire, gan é féin a bheith gafa chun troda, chomh maith. D’fhan sé in Éirinn, agus nuair a rith sé gann fé airgead, fuair sé post i monarchain i gCluain Meala go ceann cúpla bliain. D’iompaigh sé ina Chaitliceach i rith an ama sin’ (Seán Ó Súilleabháin in Comhar, Deireadh Fómhair 1960).

Chaith sé tréimhsí fada sa Teach Mór, Cois Fharraige, ó 1942 amach. Tomás de Bhaldraithe a bheith ina chónaí ann an fáth arbh ann a théadh sé. Ba ghairid go raibh Gaeilge na hÉireann go maith aige. Chuir sé aithne ar an bhfile Pádraic Learaí Ó Finneadha agus scríobh a chuid amhrán uaidh. Foilsíodh iad in Ar Aghaidh. Bhíodh ceachtanna Gàidhlice aige san iris sin freisin agus corrdhán dá chuid féin. Ar mholadh de Bhaldraithe fuair sé obair pháirtaimseartha mar bhailitheoir do Choimisiún Béaloideasa Éireann i bparóiste an Chnoic agus idir 1942 agus 1946 líon breis is dhá mhíle leathanach lámhscríofa. £30 a bhí le fáil ar chóipleabhar mór líonta. An pheannaireacht mhion néata a chleachtaíodh sé bhí sí ag baint den táille sin ach d’fhoghlaim sé lena méadú le haghaidh na hoibre. Ach, dar le Seán Ó Súilleabháin gur fhan an pheannaireacht an-mhion i gcónaí aige.

Chaith sé bliain ina léachtóir le Gaeilge na hAlban i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ceapadh é chun ábhar a chlárú sa Choimisiún i 1945. I mí an Mheithimh 1946 cuireadh go hAlbain ina bhailitheoir lánaimsire é. D’oibríodh sé ina áit dhúchais féin, in Eige, i mBarraidh, i gCannaidh agus in Uibhist Theas. Ó 1947 go ceann trí bliana go leith is i mBeinne Fadhla a bhí sé ag bailiú. ‘Déarfainn gur fearr a thuig sé an Ghaeltacht ansiúd ná éinne eile sa tír sin’, a deir Seán Ó Súilleabháin.

Nuair a bunaíodh Scoil Eolais na hAlba in Ollscoil Dhún Éideann chuaigh sé a bhailiú béaloidis dóibh sin i 1951. Chaith sé bliain ag déanamh staidéir in Uppsala sa tSualainn. D’éag sé den ailse in Uibhist Theas 16 Lúnasa 1960. Scríobh sé The Highlands of Scotland, 1958 don fhoilsitheoir Batsford agus ghlacadh páirt go minic i gcláir raidió an BBC. Tá nóta beathaisnéise ina thaobh in Ollscoil, geimhreadh 1992–3, chomh maith le hathchló ar alt dar teideal ‘Iolsgoil is Náisiún’ a scríobh sé a chéaduair in Cothrom Féinne. Márta 1941.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú