NIC CON IOMAIRE, Nuala (1967–2010)
Le caoinchead ó Martin Doyle

Múinteoir in Éirinn agus sa Bhruiséil ab ea Nuala Nic Con Iomaire, cigire iarbhunscoile agus stiúrthóir ar an mBéal Binn, a chuir na healaíona béil chun cinn i mBré, Co. Chill Mhantáin, idir amhránaíocht, fhilíocht agus dhrámaíocht. Nuair a d’aistrigh Nuala siar go dtí an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, chuir sí seisiún ceoil agus amhránaíochta ar bun ansin. Bhí féith na cruthaitheachta go smior inti féin idir cheol, scríbhneoireacht agus ealaín.

Ar an 7 Meán Fómhair 1967, i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh Nuala Nic Con Iomaire, an dara duine clainne ag Liam Mac Con Iomaire as Casla, Conamara, ó dhúchas agus a bhean, Bairbre Ní Chearbhaill as Cluainín, Co. Liatroma. Ba bhunmhúinteoir, iriseoir agus léitheoir nuachta le RTÉ, stiúrthóir teanglainne sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus scríbhneoir é Liam, agus b’eacnamaí leis an bhForas Talúntais í Bairbre go dtí gur phós sí, nuair ab éigean di éirí as a post.

Tógadh Nuala, a deirfiúr, Máirín, agus a ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí agus Darach, le Gaeilge ar an gCarraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath. D’fhreastail sí ar Scoil Lorcáin, Baile na Manach, agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair. Bhain sí BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1989 agus chaith bliain ar scoláireacht Erasmus in l’Université de Caen, an Normainn. Bhain sí MA sa Fhraincis in 1990 le tráchtas ar shaothar an drámadóra Samuel Beckett.

Chaith sí cúig bliana ag obair sa Bhruiséil (1990–95). Tháinig sí faoi anáil smaointeoirí ar nós Edward de Bono le linn di a bheith ag obair le Management Centre Europe a sholáthraíonn cláir thraenála agus forbartha i réimse na bainistíochta. Foilsíodh alt léi in Comhar faoina saol sa Bhruiséil i mí na Nollag 1991. Ba le linn di a bheith thall ansin a chuir sí suim an athuair sa cheol traidisiúnta agus san amhránaíocht ar an sean-nós agus d’fhill sí ar an veidhlín, uirlis a d’fhoghlaim sí agus í ina páiste.

D’fhill sí ar Éirinn in 1995. Bhain sí an tArd-Dioplóma san Oideachas agus chuaigh sí i mbun teagaisc le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. D’fhreastalaíodh sí go rialta ar Scoil Samhraidh Willie Clancy, Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó, Co. Liatroma, Oireachtas na Samhna agus Scoil Gheimhridh Merriman.

Chuaigh sí ag obair leis an Roinn Oideachais in 1998 mar chigire iarbhunscoile le Gaeilge agus le Fraincis. Is ansin a casadh Pádraic Harvey uirthi, a ceapadh ina chigire le stair taca an ama chéanna. Chuir siad fúthu sa Phort Thoir i mBaile Átha Cliath ar dtús agus ina dhiaidh sin i mBré, Co. Chill Mhantáin. Rugadh iníon dóibh, Iseult, i mí na Nollag 2002. Thóg Nuala sos gairme an bhliain chéanna le dul i mbun an Bhéil Bhinn, togra leis na healaíona béil a chur chun cinn i mBré, idir amhránaíocht, fhilíocht agus drámaíocht.

Chuireadh sí ranganna amhránaíochta ar an sean-nós le haoifhonnadóir ar siúl sa chlub seoltóireachta i mBré gach oíche Déardaoin agus thagadh comhluadar geanúil le chéile don oíche cheoil agus amhránaíochta ina dhiaidh. I measc na bhfonnadóirí agus na gceoltóirí aitheanta a bhí páirteach, bhí Seán Garvey, Mairéad Bn Mhic Dhonncha, Treasa Ní Cheannabháin, Róisín Elsafty, Pádraig Ó Cearbhaill, Peadar Ó Ceannabháin, Saileog Ní Cheannabháin, Tadhg Mac Dhonnagáin, Fionnuala Ó Siochrú, Rónán Ó Snodaigh, Brian Ó Domhnaill, Áine Ní Dhroighneáin, Toner Quinn, Máire Breatnach, Marcus Mac Conghail agus go leor eile.

Toradh amháin ar an obair a thug an-sásamh di, an dlúthdhiosca leis an amhránaí Pádraig Ó Cearbhaill a thug an Béal Binn amach i mí Aibreáin 2006, Amhráin na séad/Jewels and pathways, a bhfuil seanamhráin mhóra ó na Déise air, mar aon le cúpla bailéad Béarla.

I measc na bhfilí a léigh ag ócáidí agus ag féilte filíochta a reáchtáil an Béal Binn i mBré sna blianta sin, bhí Biddy Jenkinson, Joe Steve Ó Neachtain, Liam Ó Muirthile, Marcus Mac Conghail, Nuala Ní Dhomhnaill, Peter Donnelly (The Racker), Gabriel Rosenstock, Cathal Ó Searcaigh, Michael Davitt, Tadhg Mac Dhonnagáin, Áine Ní Ghlinn agus Louis de Paor. Ba mhinic taispeántas ealaíne ar siúl le linn na n-ócáidí seo agus saothar ó na healaíontóirí Damien Ó Buachalla, Vincent Murphy, Máire Keogh agus Méabh Scally le feiceáil. In 2004, foilsíodh léirmheas Nuala ar Cead aighnis, cnuasach filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill, in Poetry Ireland Review.

Léirigh compántas dramaíochta an Bhéil Bhinn an dráma Gaeilgeoirí le hAntoine Ó Flatharta i mí na Bealtaine 2002 agus Ualach an uaignis, leagan Gaeilge de dhráma Martin McDonagh The lonesome west i mí Dheireadh Fómhair 2003. Rinne an compántas léiriú drámatúil ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain as Idir shúgradh agus dáiríre ag an One Act Drama Festival in Ionad Ealaíon an Mermaid i mBré i mí Eanáir 2006, agus bronnadh gradam an mholtóra air.

Bhí neart ar bun ag an mBéal Binn le haisteoirí óga an cheantair freisin. Léiríodh An prionsa sona, leagan Gaeilge de The happy prince le Oscar Wilde i gcomhar le rang a sé, Scoil Chualann, i mí Dheireadh Fómhair 2003. Léiríodh Amuigh liom féin le Dara Ó Conaola i gcomhar le daltaí Choláiste Ráithín i mBré i Márta 2004. Ar shaothair Nuala do ghasúir tá An cáca pórtair a léiríodh ar stáitse den chéad uair i mí Iúil 2004 agus arís ar Oíche Mhór Drámaíochta na nÓg leis An fathach a bhí gar dó féin, leagan de The selfish giant le Oscar Wilde, in Ionad Ealaíon an Mermaid, Bré, i Márta 2005.

Ar bhunsaothair eile léi, tá an dráma An t-uisceadán, a léiríodh mar chuid den fhéile Fuadar Feabhra i dTaibhdhearc na Gaillimhe in 2001. Léiríodh arís é sa Stiúideo in Amharclann Lána Aindriú ar feadh dhá oíche ar an 15 agus ar an 16 Samhain 2001. I siopa búistéara i mbaile beag atá an dráma lonnaithe agus baineann an scéal leis an gcaidreamh idir duine óg le dia agus muintir an bhaile. Cóiríodh an dráma ina dhiaidh sin le craoladh ar RTÉ Raidió a hAon. Páid a tugadh air agus craoladh é mar chuid den tsraith The Tuesday play ar an 16 Samhain 2004. Bhain script eile dá cuid, Rún, duais Oireachtais don drámaíocht raidió i mí Dheireadh Fómhair 2005, dráma ina ndéantar cíoradh ar chás duine uchtaithe atá ar thóir a thuismitheoirí. Craoladh leagan cóirithe den dráma ar RTÉ Raidió a hAon ar an 14 Feabhra 2006.

Bhí Nuala ina heagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh a d’fhoilsigh Coiscéim don Bhéal Binn, inar foilsíodh dánta, gearrscéalta, drámaí, ailt, pictiúir agus cur síos ar na hócáidí agus na himeachtaí ar fad. Bronnadh Gradam an Bhéil Bhinn ar Mháire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach in 2004 faoin oibre éachtach a rinne siad ar an tsraith Beathaisnéis, agus ar an bhfile Biddy Jenkinson in 2006 as a saothar filíochta agus as an tacaíocht a thug sí don Bhéal Binn ó bunaíodh é.

Buaileadh tinn Nuala i Meán Fómhair 2005. D’éirigh sí as a cuid oibre leis an mBéal Binn in 2006 agus d’aistrigh sí féin, Pádraic agus Iseult, siar go dtí an Cheathrú Rua i gConamara ag deireadh na bliana sin.

Níor thréig féith na cruthaitheachta í. Thug sí faoi chéim san ealaín in Institiúid na Gaillimhe agus Mhaigh Eo in 2007. Chuir sí seisiún ceoil agus amhránaíochta ar bun ar an gCeathrú Rua gach Déardaoin, seisiún a lean faoi stiúir a dearthár Ruairí. Bhí gean ar leith aici ar ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ agus is ón amhrán seo a mhol sí an teideal a thug a hathair Liam ar bheatháisnéis Sheosaimh Uí Éanaí a foilsíodh in 2007, Nár fhágha mé bás choíche. Bhain sí duais ag Oireachtas na Samhna 2009 le hagallamh beirte nuascríofa. Bhásaigh sí ar an 16 Iúil 2010.

Foilsíodh an pictiúrleabhar a scríobh sí do pháistí, An coileach codlatach (2011), bliain tar éis a báis. Tá fáil ar an leabhar seo go hidirnáisiúnta anois i sé cinn de theangacha: Gaeilge, Gaeilge na hAlban, Briotáinis, Téalainnis, Sínis agus Cóiréis.

Tá an t-amhrán ‘Cúigear Mhaigh Eo’, a chum sí faoi agóid Shell chun Sáile, le fáil ar an dlúthdhiosca Glór na haoise: songs of solidarity in the Shell to Sea Campaign, a tháinig amach in 2015.

Tá píosaí filíochta scríofa di ag Biddy Jenkinson, Liam Ó Muirthile, Marcus Mac Conghail, Áine Durkin agus Joe Steve Ó Neachtain.

Éilis Ní Anluain