Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Anois 21 Meitheamh 1987. I Lios Ceannúir, Co. an Chláir, a rugadh é. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre in Inis agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain sé M.Ed. amach i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé ag múineadh i scoileanna iarbhunoideachais i mBaile Átha Cliath agus post mar léachtóir aige i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann, Ráth Maonais. Bhí sé orthu siúd a chuaigh ar an stailc ocrais a d’eagraigh Misneach i 1966 agus ba chara le Máirtín Ó Cadhain é. Cúisíodh é i 1976 faoi gan ceadúnas teilifíse a bheith aige, rud a bhain leis an agóid in aghaidh laghad na gclár Gaeilge ar RTÉ, ach caitheadh an cás amach ar phointe teicniúil. Scríobh sé: Buntús Foclóra, 1979 (i gcomhar le Amery Heather); Buntús Téarmaíochta: Wordfinder, 1990; Léargas ar ‘Dúil’ Uí Fhlaithearta, 1981. Tá an aiste ‘Múineadh na Gaeilge san Iar-bhunscoil’ i gcló aige in Léachtaí Cholm Cille IX, 1978. Bhuail stróc é i 1985 ach lean sé air ag obair i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann. D’éag sé 17 Meitheamh 1987. San fhógra báis luadh iníon agus beirt mhac a bheith aige féin agus a bhean chéile Bláthnaid. Bhí cónaí orthu i nGarrán Bhaile na Lobhar, Baile Átha Cliath. Tá sé curtha i Seanghánach, Co. Bhaile Átha Cliath. Nocht sé an tuairim láidir seo san aiste sin: ‘Má tá rud ar bith ag marú na Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna faoi láthair is í an litríocht atá á dhéanamh sin. Cuirtear an oiread sin litríocht faoi bhráid na ndaltaí nach bhfuil ullamh dá leithéid go dtuigtear dóibh gur gnó dodhéanta dóibh é Gaeilge a fhoghlaim. Is é a tharlaíonn ansin go mbíonn siad ag foghlaim mar gheall ar an nGaeilge in ionad bheith ag foghlaim na Gaeilge féin.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú