‘I dtaca le mionseanchas de, measaim gur dhoiligh a shárú a fháil in áit ar bith in Éirinn.... Chaith mé ar feadh trí mblian i dtús báire ag cur síos seanchais uaidh gan stad, agus ins an tréimhse sin measaim gur líon sé corradh mór le míle eiteán Edifón, gan trácht ar an mhéid a scríobh mé síos uaidh nach dteachaidh ar eiteán ar bith’. Dúirt Seán Ó hEochaidh an méid sin faoin sársheanchaí seo i gcuntas fada ar Béaloideas i ndiaidh a bháis. (Iml. 68)

Ar an mBealtaine, Gort an Choirce, Dún na nGall, a rugadh Niall ar 9 Aibreán 1874. Cathal ab ainm dá athair. B’amhlaidh a cuireadh a mhuintir as seilbh a ngabháltais i nGartán agus gur chuaigh Cathal le ceird na báicéireachta i nGort an Choirce. Phós sé Neilí Ní Dhubhagáin as Cloch Cheannfhaola agus d’éirigh leis píosa talaimh ar an mBealtaine a cheannach. Rugadh cúigear mac agus triúr iníonacha dóibh ann.

Níor chaith Niall ach tamall an-ghairid ar scoil. B’éigean dó bheith ag cabhrú lena athair. Nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois fuair sé post ag iompar na litreacha sa cheantar ar cheithre scilling sa tseachtain. Nuair a chuir a athair bácús dá chuid féin ar bun chuaigh Niall agus an chlann ar fad ag obair ann. Bhí ag éirí go maith leis an ngnó gur thosaigh bácúis eile sa cheantar. D’imigh triúr de na mic go Meiriceá agus thug Niall agus Aodh Albain orthu féin. Bhí siad ag obair le feirmeoirí ann. Tharla go raibh feachtas ar siúl chun airgead a bhailiú don ardeaglais nua a bhí le tógáil i Leitir Ceanainn agus facthas go raibh ardchumas ag Aodh ar dhaoine a spreagadh. Tugadh air teacht abhaile chun bheith ina thimire ar fud Chúige Uladh ag Conradh na Gaeilge. Tháinig Niall abhaile freisin ach b’éigean dó filleadh ar Albain tuairim 1921. Fuair sé post mar mhúinteoir báicéireachta san Parkhead Boys’ Reformatory i nGlaschú. Ocht mbliana déag a chaith sé ann agus chuaigh a cháil amach mar bháicéir. Nuair a thug Rí Seoirse V cuairt ar an scoil thit sé ar Niall builín a fhuineadh dó.

Dúnadh an scoil sin in 1939 agus tháinig sé abhaile go dtí an seanáitreabh ar pinsean. Tuairim an ama sin a casadh air an béaloideasaí mór Seán Ó hEochaidh. Fidléir maith ba ea é ach thar aon ní eile ba shampla an-mhaith é ar a fheabhas a bhí an dá theanga ag an nglún ar díobh é i nGaeltacht Dhún na nGall. Dúirt Seán Ó hEochaidh go gcuireadh a líofacht chainte na seacht n-iontais ar scoláirí as gach cuid den Eoraip ar feadh fiche bliain. Bhí an bua céanna ag Aodh. Dúirt an Breitheamh Lughaidh Breathnach faoi (Irish Press, 12 Márta 1937): ‘I have met few men who had such a gift of natural eloquence as Hugh Duffy. Both in Irish and English he was equally fluent, and I never saw the gathering that he did not stir when he got on his feet to speak to it’. Nuair a bhí sé ina chléireach cúirte ar an bhFál Carrach ligeadh an Breitheamh Breathnach dó an chúirt ar fad a chur sna trithí dubha gáire d’fhonn síocháin a dhéanamh idir lucht spairne. D’éag Aodh ar 27 Feabhra 1937 ach mhair Niall anuas go dtí 29 Bealtaine 1961, é ina chónaí lena dheirfiúr ar an mBealtaine.

Cuireadh aistí le Niall i gcló ar Béaloideas, ceann díobh ar bhuailteachas i nDún na nGall agus ceann eile ar laethanta na seachtaine. Teist iad, dar le Seán Ó hEochaidh, ar shaibhreas a chuid seanchais.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú