Ó DUBHTHAIGH, Fiachra S. (1935–1987) Fiachra S. Ó DUBHTHAIGH 1935 1987 Lios Ceannúir, Co. an Chláir M Scoil na mBráithre Críostaí, Inis, Co. an Chláir An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath léachtóir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Anois 21 Meitheamh 1987. I Lios Ceannúir, Co. an Chláir, a rugadh é. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre in Inis agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain sé M.Ed. amach i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé ag múineadh i scoileanna iarbhunoideachais i mBaile Átha Cliath agus post mar léachtóir aige i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann, Ráth Maonais. Bhí sé orthu siúd a chuaigh ar an stailc ocrais a d’eagraigh Misneach i 1966 agus ba chara le Máirtín Ó Cadhain[B4] é. Cúisíodh é i 1976 faoi gan ceadúnas teilifíse a bheith aige, rud a bhain leis an agóid in aghaidh laghad na gclár Gaeilge ar RTÉ, ach caitheadh an cás amach ar phointe teicniúil. Scríobh sé: Buntús Foclóra, 1979 (i gcomhar le Amery Heather); Buntús Téarmaíochta: Wordfinder, 1990; Léargas ar ‘Dúil’ Uí Fhlaithearta, 1981. Tá an aiste ‘Múineadh na Gaeilge san Iar-bhunscoil’ i gcló aige in Léachtaí Cholm Cille IX, 1978. Bhuail stróc é i 1985 ach lean sé air ag obair i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann. D’éag sé 17 Meitheamh 1987. San fhógra báis luadh iníon agus beirt mhac a bheith aige féin agus a bhean chéile Bláthnaid. Bhí cónaí orthu i nGarrán Bhaile na Lobhar, Baile Átha Cliath. Tá sé curtha i Seanghánach, Co. Bhaile Átha Cliath. Nocht sé an tuairim láidir seo san aiste sin: ‘Má tá rud ar bith ag marú na Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna faoi láthair is í an litríocht atá á dhéanamh sin. Cuirtear an oiread sin litríocht faoi bhráid na ndaltaí nach bhfuil ullamh dá leithéid go dtuigtear dóibh gur gnó dodhéanta dóibh é Gaeilge a fhoghlaim. Is é a tharlaíonn ansin go mbíonn siad ag foghlaim mar gheall ar an nGaeilge in ionad bheith ag foghlaim na Gaeilge féin.’