Ó hIARNÁIN, Colm (1922–1996)
Le caoinchead ó Bob Quinn

B’fhéidir a rá gurbh é fear labhartha Árann é ar feadh breis is daichead bliain. Is beag má bhí aon ghné de shaol an oileáin nár éirigh leis a fheabhsú. Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an tír aineoil ..., 1997 agus deir sé: ‘Is mar cheannródaí forbartha tuaithe agus mar cheannaire nádúrtha pobail a fhanfas cuimhne ar Chóilí Ó hIarnáin, ní hamháin ina oileán dúchais féin ach i ngach oileán eile ar chósta na hÉireann.’ Tá cuntas air freisin ag Tim Robinson in Stones of Aran: Pilgrimage, 1986. In Stones of Aran: Labyrinth, 1995 tá gearrchuntas ag an údar céanna ar stair mhuintir Iarnáin, é bunaithe ar scríbhinn le Colm P. Ó hIarnáin, Eoghanacht (a d’éag 1989).

I gCill Rónáin a rugadh Cóilí s’againne 22 Bealtaine 1922. Ba iad a thuismitheoirí Mike Tom Ó hIarnáin, iascaire a raibh cúpla beithíoch agus beagán talaimh aige, agus Catherine Dirrane as Bun Gabhla, Árainn; d’imigh a aondeartháir agus a thriúr deirfiúracha go Boston. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Rónáin mar a raibh Pádraig Ó hEithir, athair Bhreandáin, mar mhúinteoir aige. Chuaigh sé isteach sa Chéad Chath ar an Rinn Mhór, Gaillimh, i 1940 agus chaith blianta an chogaidh ann. Go ceann sé bliana bhí sé ag obair i Londain, tamall i monarcha agus tamall eile le hobair thógála in Heathrow, agus bliain ag iascach ar chósta na Breataine Bige. Bhí sé ar ais in Árainn faoi na luathchaogaidí agus ceapadh é ina bhailitheoir rátaí ann i 1956.

‘Chaith sé os cionn sé bliana fichead ar chriú bhád tarrthála Árann agus cúig bliana déag ina chaptaen uirthi’ (Mac Con Iomaire). Onóir mhór ba ea é in Árainn a bheith tofa mar chaptaen agus is iomaí sin comhartha aitheantais a bronnadh ar an bhfoireann le linn Chóilí de bharr a ndearna siad de tharrtháil ar bháid agus a gcriúnna. D’fhan sé ina rúnaí acu tar éis dó éirí as a bheith ina chaptaen. Is inspéise go raibh a athair freisin ina chaptaen. An taithí dheonach dhuaisiúil sin faoi deara gur thuig Cóilí go maith a chontúirtí atá an fharraige ó thaobh taistil idir tír mhór agus Árainn, i gcás othar agus lucht báid go háirithe. Chuir sé tús le feachtas chun seirbhís aeir a chur ar fáil nuair a d’iarr sé ar an Taoiseach Lemass i 1963 héileacaptar a chur ar fáil.

I 1966 bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Chumann Forbartha agus Turasóireachta Árann Teo. Bhí de thoradh ar na feachtais sin a raibh sé bainteach leo go raibh meánscolaíocht le fáil, gur cuireadh Aer Árann ar bun, go raibh deontas le fáil i gcóir tionsclaíochta, go ndearnadh an calafort a fhorbairt, agus gur tugadh an leictreachas isteach san oileán, gan ach beagán dár bheartaigh sé a lua. I 1967-68 bhí baint mhór aige leis an tseirbhís iascaireachta agus taistil a chur ar siúl idir Árainn agus cuan Chasla; Cóilí a bhí ina chaptaen ar bhád na seirbhíse sin, Queen of Aran. Ba é Aer Árann an chéad aerlíne intíre in Éirinn agus rinneadh an chéad eitilt go haerstráice Chill Éinne 15 Lúnasa 1970; chreid a mhuintir gur chuir Cóilí a bheatha féin i mbaol ag tabhairt innealra isteach san oileán chun aerstráice a thógáil. Bhí sé ar dhuine de stiúrthóirí na haerlíne ina dhiaidh sin agus ina bhainisteoir ar feadh i bhfad. I 1983 tugadh ‘Pearsa na Bliana’ air in Óstán Burlington, Baile Átha Cliath, de bharr a raibh curtha i gcrích aige. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, MRD oinigh (céim mháistir i bhForbairt na Tuaithe) air i 1991. Bronnadh Gradam Aitheantais Údarás na Gaeltachta air i 1994 de bharr a chuid oibre ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. D’éag sé 25 Eanáir 1996. Phós sé Bríd Ní Fhlaithearta as Baile na Creige, Árainn, i 1950 agus cúigear clainne a rugadh dóibh.

Chuir Muiris Mac Conghail síos ar an gcairdeas a bhí aige le Breandán Ó hEithir: ‘B’fhacthas do Bhreandán gur laoch a bhí i gCóilí. Bhí an-chumann eatarthu—an cumann sin a théann go dtí na rútaí idir bheirt fhear. Bhí rud éigin diamhair eatarthu agus dá fhaid dá mbeadh Breandán gan teacht ar an oileán, ba dhóigh leat gur aréir a d’fhágadar slán ag a chéile agus gurb í an athmhaidin acu í mar lena n-athchaidreamh’ (caint atá taifeadta ag Mac Con Iomaire in Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000). Seo é an sceits a tharraingíonn Robinson: ‘... Colie Hernon; we know him well, his horizon-blue eyes, his jaw of officer-material, his backbone as straight as a flag-staff .... The island’s grizzled interface with the outside and official world.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú