De réir an teastais breithe rugadh ‘Colman Hernon’ ar 5 Meitheamh 1871 in Eoghanacht, Árainn, Co. na Gaillimhe. Ba é an tríú duine é de sheachtar clainne a rugadh do Patrick Hernon agus Mary Mullin: Mary, Bridget, Colm féin, Patrick, Margaret, Catherine agus Anne. Saothraí ab ea an t-athair de réir theastas breithe Choilm. Bhásaigh a dheirfiúr Catherine nuair nach raibh sí ach seachtain d’aois in Eanáir 1878. Tugann daonáireamh 1901 le fios go raibh máthair Choilm básaithe faoin am sin agus go raibh cónaí ar Cholm i dTeach 2, Eoghanacht, Árainn, lena athair, Pat Hernon; a dheartháir Pat agus a dheirfiúr Anne. Saothraí talmhaíochta ab ea Colm agus file (‘poet’) an tslí bheatha a luaitear le hathair Choilm.

Meastar gurbh fhile as Eoghanacht é athair Choilm - Peaits Mhicil Ó hIarnáin. Deir Ní Chonghaile (2021) go mbíodh Colm ag cumadh amhrán freisin: ‘ ...Sidney was referred to Bríd Iarnáin (ca. 1866–1965) of Sruthán, whom she called by her married name, Bridget Mullen. Bríd’s father, Peaits Mhicil Ó hIarnáin (1841–ca. 1908), was a poet, and her brother Colm was also known for composing songs’. Bhailigh Úna Ní Chualáin leagan den amhrán ‘An Héró nó Bád Ned Bháin’ ó Ph[e]aits Ó hIarnáin a foilsíodh in An Claidheamh Soluis in 1903. Glacaim leis gur ó athair Choilm a bhailigh sí an t-amhrán. Tá taifeadadh ar fáil ar shuíomh idirlín RTÉ de Bhríd Iarnáin a rinne Proinsias Ó Conluain, Radio Éireann, in 1949 agus í ag tabhairt sampla de chaoineadh na marbh gan aon chorp i láthair. Luann Seosamh Ó Flannagáin, a bhí ina oide scoile in Eoghanacht, Colm, athair Choilm agus Bríd Iarnáin i litir a scríobh sé chuig Séamus Ó Duilearga in 1932. Tá an chuma ar an scéal go raibh an Duileargach ag lorg eolais faoi Cholm Ó hIarnáin: ‘ ...you met a sister of his at Flahertys when you were here – the old woman who sang the songs for you ... His dado was a poet as was he himself tho’ of lesser ability’. Deirtear sa litir seo gur chum Colm amhrán dar teideal ‘Cailíní Árann’ agus é i Meiriceá. Luaitear sa litir chéanna gur ó fhear darbh ainm ‘Tom the Thatcher’ a fuair Colm an chuid is mó dá scéalta. Ba as Áth Cinn, Co. na Gaillimhe do ‘Tom the Thatcher’ agus thagadh sé go hÁrainn chun tuí a chur ar dhíonta.

De réir Ní Shéaghdha (1980), bhailigh Úna Ní Chualáin, oide scoile as Inis Meáin ó dhúchas a bhí ag obair i Scoil Eoghanachta, naoi scéal déag ó Cholm idir 1903 agus 1906 – ‘Submitted by ‘Bárr Aille’ [‘Miss Folan, Arran’] (Ó Cholum Ua h-Iarnáin as Eoghanacht, Árainn, a fuair mé na sgeulta seo go hiomlán’)…’ agus chuir sí na scéalta seo isteach ar chomórtais de chuid an Oireachtais dar teideal ‘Bailiúchán de shean-scéalta nár cuireadh i gcló riamh fós’ – féach Ó Súilleabháin (1984). Ghnóthaigh na scéalta duais £2 sna blianta 1903, 1904 agus 1905 agus foilsíodh achoimre ar na cúig scéal ar bronnadh an dara duais orthu in 1903 in An Claidheamh Soluis in 1906. Tá an cnuasach scéalta seo a bhailigh Úna ó Cholm le fáil i Lámhscríbhinn G244 atá mar chuid de bhailiúchán Oireachtas na Gaeilge i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Luann Briody (2005) tábhacht an chnuasaigh scéalta seo i réimse an bhéaloidis:

This is the first substantial collection of the repertoire of a single Irish storyteller by an Irish collector, predating Ó Duilearga’s work with Seán Ó Conaill by some twenty years. Little is known of this National School teacher from Aran and her collection remains unedited to this day.

Luaigh Séamus Ó Duilearga an cnuasach scéalta seo mar cheann de cheithre shaothar fhéideartha a bhí beartaithe ag Institiúid Bhéaloideas Éireann a fhoilsiú nuair a scríobh sé i litir chuig Rúnaí Roinn an Airgeadais ar 14 Eanáir 1933 chun maoiniú breise a lorg uathu: ‘Aran Folklore, being a collection of tales made in Aranmore, Co. Galway in 1906 and edited with notes etc by Séamus Ó Duilearga.’ Ach níor cuireadh na scéalta in eagar ná níor foilsíodh iad ach an oiread.

Is cosúil go ndeachaigh Colm go Meiriceá go luath sna 1910idí. De réir Dhaonáireamh Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1920, bhí cónaí ar Cholm i mBostún agus bhí sé ag obair mar shaothraí in ‘sugar ref[inery].’ Bhásaigh Colm i dtimpiste oibre ar 9 Meán Fómhair 1924. De réir a dheimhnithe báis thit Colm sé troithe déag ó haiste sa díon san ionad oibre agus scoilteadh a bhlaosc. Tagann an t-eolas seo leis an méid a scríobh an Flannagánach ina litir: ‘He worked in a sugar store in Sth Boston where he met his death in Sept 1924 thro’ an accident.’ Luaitear tuismitheoirí Choilm – Patrick Hernon agus Mary Mullen, arb as Éirinn dóibh beirt – ar an deimhniú báis. Luaitear seoladh Choilm – 111 Seventh Street – i dtuairiscí ar bhás Choilm i gcolún na marbh in The Boston Globe, agus go mbeadh an tsochraid ar siúl i dteach dheirfiúr le Colm, Mrs. John Foley.

Tá eagrán de na scéalta a bhailigh Úna Ní Chualáin ó Cholm Ó hIarnáin mar aon le tuilleadh eolais faoi shaol Choilm Uí Iarnáin ar fáil i dtráchtas neamhfhoilsithe Alma Ní Bhroin (2022).

Alma Ní Bhroin

Foinsí Foilsithe

Foinsí Leictreonacha

Foinsí Neamhfhoilsithe

  • Ní Bhroin, A. (2022) ‘Eagrán de na Scéalta Béaloidis a Bhailigh Úna Ní Chualáin (1871-1929) ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Árainn.’ Tráchtas M.Litt. neamhfhoilsithe, Ollscoil Mhá Nuad. Ar fáil anseo.