Foilsíodh cuntais Liam Mhic Con Iomaire ar an amhránaí sean-nóis seo in Foinn agus Fonnadóirí. Léachtaí Cholm Cille XXIX, 1999 (‘Deora Aille’) in eagar ag Ruairí Ó hUiginn agus in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely; in Foinn agus Fonnadóirí atá an cur síos is cuimsithí ar chineáil agus ar fhoinsí a cuid amhrán. Bhí cuntas iarbháis uirthi ag Ríonach uí Ógáin in Anois 13-14 Aibreán 1991. Tá iontráil ina taobh in Who’s Who in Ireland,‘The Influential 1,000’, 1984 in eagar ag Maureen Cairnduff. Ar an gCnoc, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 7 Aibreán 1919. Ba í an duine ab óige í den cheathrar buachaillí agus cúigear cailíní a bhí ag Stiofán Ó Donnchadha (Stiofán Sheáin Hughie), feirmeoir, agus Sorcha Ní Churraoin (Sarah Thaidhg) as na Mine. Bhí tamall caite ag Sorcha i Meiriceá. Bhí cáil na hamhránaíochta ar an mbeirt acu agus is uathu a d’fhoghlaim Máire Áine amhráin ar dtús. Amhráin bhrónacha a bhí ag Sorcha agus amhráin mheidhreacha a chasadh Stiofán. Bhailigh sí amhráin agus ceol óna comharsana agus anseo is ansiúd níos deireanaí. Dúirt sí faoina ceantar dúchais go raibh ‘na hamhráin chomh fairsing leis na clocha duirlinge ar na cladaigh, nó leis na ceannbháin bhána ins na portaigh. Bhíodh na hamhráin le cloisteáil amuigh is istigh.’ Thaifead sí féin amhráin ó Shorcha nuair a bhí sise 82 bliain d’aois agus thóg Jean Ritchie, bailtheoir clúiteach as Meiriceá, amhráin uaithi agus gan amhras ó Mháire Áine féin.

I mbunscoil Sailearna agus i gClochar na Trócaire, Tuaim, a cuireadh oideachas uirthi. Chuaigh sí ina dhiaidh sin go Coláiste Ullmhúcháin Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, mar a bhfuair sí scoláireacht go dtí Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, áit ar cháiligh sí mar bhunmhúinteoir i 1941. Bhí sí ag múineadh i mBaile Átha Cliath go dtí gur phós sí Seán Mac Mathghamhna (rugadh é 10 Bealtaine 1922), státseirbhíseach, file agus aistritheoir as Co. Luimnigh, i 1960. Bhí siad ina gcónaí sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar dtús agus ansin i gcathair na Gaillimhe. Chaith siad cúig bliana ina dhiaidh sin i Ros Cam, ceantar beag Gaeltachta ar an taobh thoir den chathair. I nDeilginis agus i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu ó 1967 amach.

Chomh fada is bhain le hamhránaíocht is beag má tugadh aon mhisneach di sna coláistí agus ní go dtí tús na 1950idí a tháinig sí os comhair an phobail mar fhonnadóir. Bhuaigh sí an Bonn Óir i gcomórtas an tSean-Nóis ag Oireachtas 1952 agus bhuaigh comórtas na mban arís an bhliain dár gcionn. Thug an tAthair Máirtín Ó Loideáin slua Gaeilgeoirí ar oilithreacht go Cnoc Mhuire timpeall an ama sin agus is lena linn sin a chuala Mairéad Piogóid, a raibh baint aici le Radio Éireann ag an am, Máire Áine ag rá ‘Caoineadh na dTrí Muire.’ Níorbh fhada go raibh clár beo in aghaidh na míosa aici ar an raidió, clár a lean ar feadh bliana. Ghlacadh sí páirt i gcláir eile raidió. Bhíodh sí rannpháirteach i gcláir teilifíse mar ‘Bring down the Lamp’ agus rinne an School of Scottish Studies taifead dá hamhráin. Tugadh cuireadh di dul go dtí Féile Dhún Éideann in éineacht le hAisteoirí Choláiste na Tríonóide. Ghlac sí páirt sa choirm cheoil a cuireadh ar siúl in Meaux na Fraince in onóir Naomh Fiachra i 1970. Chualathas í in Riders to the Sea a chraol teilifís RTÉ i 1978. I 1960 rinneadh ceithre hamhráin dá cuid a thaifeadadh le haghaidh an cheirnín Traditional Music of Ireland (Folkways). Tá amhráin aici freisin ar an gceirnín ‘Deora Aille’: Irish songs from Connemara: Traditional Music of Ireland (Claddagh). Í féin a sholáthair an teideal; is amhlaidh a dhéanadh a hathair poitín agus le teann sástachta leis deireadh sé: ‘Tá sé chomh glas le deora aille’. Deir Ríonach Ní Ógáin faoin gceirnín sin: ‘Seo an taifead is iomláine dá cuid amhránaíochta atá ar fáil agus léiriú an-bheo ar réimse leathan amhránaíochta Mháire Áine agus ar a stíl shuntasach féin’. Ceirnín eile a bhfuil a cuid amhránaíochta air is ea Claddagh's Choice: An Anthology of Traditional Irish Music (Claddagh).

Scríobh Hamish Hamilton faoina leagan de ‘Úna Bhán’: ‘Listening to Úna Bhán on this record, I want to pay her artistry a worthy tribute, and find my words inadequate. When one hears such high excellence of singing, one searches in vain for praise that won’t seem incompetent or patronising’ (i gcló ag Mac Con Iomaire). Dúirt Seán Ó Riada: ‘Ag éisteacht léi, ba dhóigh le duine gur tugadh trí cheo draíochta é go dtí an náisiún anonn ina bhfuil an ghrian agus na réalta ina stad le chéile, mil ina slaodaibh, torthaí ar ghéagaibh, óige an tsaoil de shíor ann gan trácht ar aois go brách’ (i gcló ag Ríonach uí Ógáin). Leagan Gaeilge le Máire Áine agus Seán Mac Mathghamhna ar scéal do pháistí le Andrée Clair agus Boubon Hama is ea An Sabhána Draíochta: Scéalta ón Aifric, 1977. Leaganacha eile a scríobh sí féin do pháistí is ea: An Gabhar agus na Meannáin, 1976 (na deartháireacha Grimm); Máirín Thinn, 1977 (Delahaye agus Marlier); Scéalta Aoibhnis, 1979 (Vérité agus Ivanovsky); Síle agus a Madra Beag, 1980 (Blanca Gil agus Matamoros); Síle ar Scoil, 1980 (Blanca Gil agus Matamoros); Sinéad ar Scoil, 1982 (Paul White). D’éag sí 7 Aibreán 1991 agus tá sí curtha i Reilig an Chnoic.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú