Tá cuntas air ag Peadar Mac an Iomaire in Dánta Fhilí Bhaile na mBroghach, 1983; Peadar a bhailigh an tríocha dán sa leabhar sin agus deir sé sa réamhrá: ‘Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá. Nuair a tháinig téipthaifeadáin sa saol, tosaíodh ag taifeadadh teachtaireachtaí, amhrán, ceoil agus eile, le cur go Meiriceá. Bhíodh práinn faoi leith as téip a mbíodh glór an Fhilí ag rá a dhánta féin le cloisteáil uirthi. Is é an t-údar atá leis sin go bhfuil úsáid shóisialta i bhfilíocht Joe Shéamais Sheáin do phobal Chois Fharraige.’ I mBaile na mBrobhach atá in aice leis an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh an Filí 1 Eanáir 1908; b’as an áit sin dá athair, arbh fheirmeoir é de réir thaifead an bheireatais, agus b’as Baile na hAbhann dá mháthair, Nóra Ní Chualáin. I ndiaidh bunoideachais i Scoil Sailearna is fearr a bhí léamh agus scríobh na Gaeilge ná an Bhéarla aige agus lean sé den léitheoireacht ar feadh a shaoil. Chaitheadh sé tamaill den fhómhar ag baint prátaí ar Achréidh na Gaillimhe. Ag obair sa bhaile nó ar na bóithre a bhíodh sé an chuid eile den bhliain. Chaith sé tamaill i Sasana idir 1938 agus deireadh na 1950idí.

Ag spailpínteacht ar an Achréidh a bhí sé an oíche stoirmiúil sin 28 Deireadh Fómhair 1927 nuair a bádh sé dhuine déag d’iascairí arbh as an gCladach Dubh naonúr díobh. Deir Mac an Iomaire: ‘Ba í an tubaiste ar an gCladach Dubh a thaispeáin don saol go raibh file i mBaile na mBroghach mar ba é an dán úd an chéad dán poiblí a rinne Joe Shéamais Sheáin agus gan é ach scór bliain d’aois.’ Foilsíodh an dán sin in Gearrbhaile, Lúnasa 1930. San iris sin, in Ar Aghaidh, in Tús a’ Phota, in An Stoc agus in An t-Irisleabhar a d’fhoilsítí a dhéantús. Cuireann Mac an Iomaire síos ar chineál agus ar théamaí na ndánta. Bhí tionchar ag seanmóirí na Slánaitheoirí air agus is le heagla a chur ar pheacaigh a scríobh sé cuid dá dhánta. Stair agus laochra na hÉireann, an dúlra, moladh daoine áirithe, cluichí cárta, geaingear gráiniúil, an imirce go Contae na Mí. . . is ábhar do chuid eile díobh. Chum sé a leagan féin den ‘Amhrán Bréagach’. Chuirtí ina leith na buanna osnádúrtha sin a shamhlaítí leis an bhfile, agus bua na tairngreachta go háirithe tar éis dó dán i dtaobh an Dara Cogadh Domhanda a scríobh cúpla bliain sular thosaigh sé. D’éag sé 1 Márta 1991 agus tá sé curtha i reilig an Chnoic. Ní raibh sé pósta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú