Sa Ghleann, Carraig na bhFear, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 4 Meán Fómhair 1874. Bhí Gaeilge fós ag seandaoine sa pharóiste agus cuimhne fós ar fhilí agus scríobhaithe na Blarnan. Chuir Tadhg, a dheartháireacha Éamonn agus Donnchadh, a dheirfiúr Cáit agus Donnchadh, a n-athair, spéis sa teanga. Feirmeoir an t-athair agus bheadh sé ina rúnaí ag craobh Charraig na bhFear de Chonradh na Gaeilge ar ball. B’í Síle (Julia) Ní Éigeartaigh máthair Thaidhg.

Bhí Tadhg sa scoil áitiúil ar dtús agus ansin sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. Ó 1892 go 1894 bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus ansin fuair sé post múinteora i Lána na Cuaiche i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh i Sráid Eachroma. Bhí sé gníomhach i gcúrsaí na hathbheochana ó thús agus rang Gaeilge ar siúl aige i Sráid San Séamas in 1893–4. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh agus b’fhéidir go raibh baint aige le bunú na hirise Banba (1901-06). Nuair a d’éirigh Seosamh Laoide as eagarthóireacht Irisleabhar na Gaedhilge in 1902 ceapadh Tadhg ina ionad. In 1897 a thosaigh sé ar ‘Torna’ a thabhairt air féin.

In 1909 chinn an Conradh ar dheireadh tobann a chur leis an iris agus fágadh Tadhg gan phost. Bhí eolas aige cheana féin ar na teangacha Ceilteacha, ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis agus bhí staidéar déanta aige ar an tSean-Ghaeilge. Chaith sé tamall anois in Ollscoil Heidelberg ag staidéar ar an tSean-Ghaeilge faoin scoláire Ludwig Mülhausen. Tá sin bunaithe ar chuntas in Cork Examiner 22 Deireadh Fómhair 1949: ‘Professor O’Donoghue studied at Heidelberg University with Professor Mülhausen, one of the world’s greatest authorities on Irish and a fluent Irish speaker.’ In Cork University Record, Nollaig 1949 in alt, ‘An tOllamh Tadhg Ó Donnchadha [Torna], D. Litt.’, dúradh: ‘Do lean sé a lán cúrsaí in arda na Gaeilge sa Scoil Sean-Ghaeilge a bhí á riaradh an uair sin ag na scoláirí Ceilteacha a thagadh ar cuaird go Baile Átha Cliath: Pedersen, Meyer, Strachan etc. Is uathu a d’fhoghlaim sé an tSean-Ghaeilge agus na teangacha Ceilteacha.’ Scríobh Íde Ní Choindealbháin in Cork Historical and Archaeological Journal, 1949 go ndearna sé staidéar in Heidelberg ach níor luaigh Mühlhausen. Cuireann sé leis an bhfadhb nach raibh ach 21 bliain d’aois ag an nGearmánach in 1909. An amhlaidh a bhí an bheirt acu in aon rang le chéile ag cúrsa in Heidelberg? Ar fhilleadh go hÉirinn dó ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. I 1916 toghadh é ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí mar chomharba ar Risteard de Hindeberg. Chuaigh sé amach ar pinsean in 1944. An fhéith éadrom grinn úd a thuill dó gean a mhac léinn agus a chomhghleacaithe, tá léargas air i véarsa a chuir sé i mbéal Spiorad na hAoise don ócáid:

Is maith nó is saith mo chaint

Do réir mar ragha sí leat;

Do sheachtmhogha-sa ó chuiris air críoch,

Ní mór duit stríocadh is stad.

Beidh tú feasta gan feidhm

Is do dheachtadh dá roinnt fé cheilt:

Id phróca i mbeadh scoilt ’na lár

Cuirfear thú in airde ar an seilp ....

Foilsíodh Féilscríbhinn Torna in 1947. Tá clár saothair Thaidhg ann - breis is 50 leabhar agus 500 píosaí filíochta idir bhuncheapadóireacht agus aistriúcháin. Tá léirithe i réimse an tsaothair sin gur dhuine ar leith Torna, mar a dúirt An Seabhac (Feasta, Nollaig 1949), sa mhéid nár bháigh an scoláireacht ‘an Torna bunaidh, an Torna dúchais a fáisceadh as traidisiúin scoláireachta an tseansaoil.’

An chéad dán leis dá bhfuil i gcló, ‘Iarghnó ar bhás Sheagháin Pléimionn’, foilsíodh é i mí an Mhárta 1896 in Irisleabhar na Gaedhilge. Sórt caointeoir oifigiúil a bhí ann ag gluaiseacht na hathbheochana ar feadh i bhfad. In 1905 b’é a Leoithne andeas an chéad leabhrán den fhilíocht nuacheaptha dár cuireadh amach. Ar na hamhráin aitheanta a scríobh sé tá ‘An Buachaill Caol Dubh’ (An Claidheamh Soluis, 7 Meitheamh 1913), ‘Gleann beag lách an cheoil’, ‘Slán le Corcaigh’, ‘Múscail do mhisneach, a Bhanba’ (Banba, Nollaig 1901), ‘Domhnall Bán’ (Fáinne an Lae, 28 Iúil 1900). Ag an gcéad Oireachtas in 1897 ghnóthaigh sé duais sa bhfilíocht. Ní hionadh gur air a thit sé ‘Duan Aithbheochain an Oireachtais’ a chumadh agus a léamh ag Oireachtas 1939.

Ceann de na chéad leabhair scolártha dár fhoilsigh sé ba chnuasach d’fhilíocht Sheáin Uí Mhurchadha na Ráithíneach (1907) é agus b’é ‘a ghníomh dílseachta deireanach’, mar a thug Seán Ó Tuama air, eagrán níos iomláine a chur ar fáil (1948). Aistriúchán leis is ea Cuaird an domhain i gceithre fichid lá (1938) (Round the world in 80 days le Jules Verne). Bronnadh Comhartha an Chraoibhín air in 1949.

Bhí sé pósta ar Nóra Ní Fhoghludha, deirfiúr le Fiachra Éilgeach (d’éag Nollaig 1925). D’éag sé ar 21 Deireadh Fómhair 1949.

Deartháir dó an Canónach Donncha Ó Donnchú, eagarthóir Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (1931). Rugadh é ar 9 Meán Fómhair 1886 agus d’éag sé ar 12 Meán Fómhair 1962. B’é sagart paróiste Dhroichead na Bandan é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú