Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach i gColáiste Ollscoile Chorcaí, ina uachtarán tamall ar an gComhchaidreamh, agus ar dhuine de stiúrthóirí an Chiorcail Staidéir i nDún na Laoi i gCorcaigh, áras a raibh sé chun tosaigh ann maidir lena cheannach. Bhíodh ailt aige go minic in Comhar, Inniu, Agus, An Glór, Feasta .... I Ladhar, Fearann Fuar, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 8 Samhain 1919. Ba iad a thuismitheoirí Pádraig Hamilton agus Mary (Minnie) Ní Dhálaigh. B’as Baile Chathail, Co. Luimnigh, do Phádraig agus fuair sé feirm i mBaile Róibín, Ard Achadh, ar bhás a dhearthár. Ba é Seán an duine ba shine den triúr buachaillí a bhí ag an lánúin. Cuireadh bunscolaíocht air i mBaile na Gráineoige, Ráth Caola, i dtús báire; bhí an tAthair Patrick Woulfe ansiúd ag an am agus b’eisean faoi deara an leagan Gaeilge dá shloinne. Cuireadh a thuilleadh den bhunscolaíocht air i scoil na mBráithre Críostaí i gCill Airne agus chaith sé bliain i gColáiste Bhréanainn ann sular aistrigh a mhuintir go Corcaigh, mar ar chaith sé trí bliana i gColáiste na Toirbhearta. Bhuaigh sé scoláireacht ollscoile de chuid Bhardas Chorcaí agus tháinig faoi anáil Thaidhg Uí Dhonnchadha (Torna) nuair a rinne sé céim ealaíne i gCorcaigh; b’fhéidir gurbh inspéise gurbh i dteach Thorna ar Bhóthar Ghlaisín a bheadh cónaí air féin ó 1962 amach.

Sna cuntais in Southern Star 31 Bealtaine 2003 agus in Bandon Opinion, Meitheamh 2003 tá an bhéim ar fad ar an meánscoil a bhunaigh sé i bpáirtíocht le fear eile i nDroichead na Bandan i 1940; Hamilton High SchoolArdscoil Uí Urmoltaigh (nó ‘Hammie’s’) a tugadh air ó 1950 amach. ‘At a time when education was controlled by religious orders, his decision showed great vision and courage’ (Bandon Opinion). Cé gurbh é an chéad mheánscoil sa bhaile sin é bhí an sagart paróiste ar feadh tamaill in aghaidh tuata a bheith i mbun a leithéide. In dhá sheomra os cionn siopa poiticéara sa bhaile a bhí an scoil ar dtús; ceannaíodh foirgneamh scoil Eaglais na hÉireann, an Bandon Grammar School, i 1959: ‘four Georgian houses of cut Bath stone on two and a half acres’ (Southern Star). I measc na múinteoirí ar feadh tamaill ann bhí an t-iriseoir spóirt Con Houlihan agus an scríbhneoir Pádraig Tyers. ‘Students came from a wide area ... coming from west of Drimoleague to east as far as the city and from the coast north into the Mid Cork area, such was its academic reputation’ (Southern Star). Toghadh Seán ina uachtarán ocht n-uaire ar Chomhdhail na Meánscoil Tuata Caitliceach. Sna blianta 1940– 45 is ar rothar a théadh sé ón gcathair go Droichead na Bandan agus abhaile arís, turas daichead míle ar bhóithre a bhí go dona—‘displaying in a very tangible way the courage, vision, determination, energy and focus that became his hallmarks in later years’ (Bandon Opinion). Bhí spéis ar leith aige san iomáint agus sa pheil agus b’údar sásaimh dó a fheabhas a d’éiríodh le foirne Ardscoil Uí Urmoltaigh sna comórtais éagsúla. D’éirigh sé as post an phríomhoide i 1985 ach lean air mar bhainisteoir ar feadh tamaill mhaith eile. A mhac Pádraig, a tháinig i gcomharbacht air mar phríomhoide; ba eisean an cathaoirleach bunaidh ar an eagraíocht Gael-Taca. I 1946 phós Seán Clár Ní Mhaoldomhnaigh (a fuair bás i 1973) agus le Gaeilge a thóg siad a dtriúr mac agus a mbeirt iníonacha. D’éag sé ar 21 Bealtaine 2003 agus cuireadh é i Reilig Naomh Fionnbarra, Corcaigh.

Scríbhneoir bisiúil aistí ba ea é. Níor cnuasaíodh iad, cé go raibh cuid mhaith acu ceannródaíoch ag am a scríofa ó thaobh ábhair, agus bunúsach ó thaobh taighde de. Pailitínigh ba ea cuid mhaith dá chomhscoláirí i Ráth Caola agus sin a spreag é chun an tsraith ‘Éire agus creideamh Sheáin Wesley’ a scríobh in Comhar i 1943-44. B’eisean a scríobh an léirmheas (‘An Meánoideachas’) ar Tuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge in Comhar, Márta 1964. Bhí colún raidió aige in Inniu sna 1950idí agus i measc na n-alt a scríobh sé sa seachtanán sin bhí an tsraith thábhachtach ‘James Joyce agus an Ghaeilge’ a foilsíodh ar feadh fiche heagrán. I 1996 bhí sraith ghairid aige in Agus dar teideal ‘Ár gCluichí sa Litríocht’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú