Tá a bhfuil de bhuneolas againn ar a bheatha le fáil in Féilire na Gaeilge 1906 : ‘Ua Maoláin, Pádruig (1825{?}-1895). Ultach a bhí ann. Chuaigh go dtí na Stáit i dtús a óige. Fear déanta gunnaí do réir ceirde. Bhí roinnt mhaith airgid bailithe aige i mí Iúil 1887 agus rinne sé a uacht. Tadhg Ó Súilleabháin a bhí ina Ard-mhéara ar Bhaile Átha Cliath lena linn sin. D’fhág An Maolánach suas le £2,000 dósan ina uacht “le caitheamh ar an gcaoi is fearr leis an nGaeilge do choimeád beo agus do bhuanú in Éirinn, do réir mar labhartar agus mar scríobhtar í”. Ba ró-mhian leis nach ndéanfaí dearmad ar a ainm féin ná ar ainm a dheirféar Eilíse nuair bheifí ag caitheamh an airgid. Ba iad so briathra deiridh na scríbhinne: “B’fhéidir gurbh amhlaidh spriogfas an bronntanas so daoine eile níos saibhre ná mise chum airgid do thabhairt don rud chéanna agus an tsean-teanga dhílis do choinneál beo bríomhar”. £1,962.6.8 do fuair Conradh na Gaeilge san deireadh. D’éag an Gael uasal in Flatbush i Stát Nua-Eabhrac. Go mba é a áit san bhFlaitheas’. 7 Iúil 1887 dáta na huachta.

‘My present notion, founded on the terms of the will and on my knowledge of Mr Mullen’s character (he was an old subscriber of The Nation and frequently wrote to us on National matters), is that what he desired was not so much the encouragement of the higher Gaelic studies as to keep the language alive on the lips of the people. He lamented its decay. He shared the sentiment—and perhaps was touched to the heart by the words—of the beautiful poem on the decline of the Celtic tongue published by his namesake, the Rev. Michael Mullen, in The Nation of the 5th August, 1854’, a scríobh T.D. Sullivan in The Nation 11 Iúil 1896. Bhí comhfhreagras in Fáinne an Lae, Iúil 1898 et seq.

Tá cuntas ag Seán Ó hUrmoltaigh in Agus, Márta-Bealtaine 1989, ar an bplé a rinneadh faoin uacht. Deir sé: ‘Ní hamháin go ndeineadh sé na gunnaí san cheardlann ach dhíoladh sé iad san siopa. Fear stuama tostach a bhí ann—agus tíosach chomh mhaith. D’oibríodh sé go crua; bhíodh snas ar gach fearas a sholáthraíodh sé agus shábháil sé lab mór airgid’.

Baineann Aguisín 3, ‘Duais an Mhaolánaigh nó an Mullen Bequest’, in Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin, leis an gcaoi a bhfuair an Conradh an t-airgead agus leis a gcaoi ar chaith siad é, agus lena raibh le fáil ag an Oireachtas le caitheamh ar dhuaiseanna. Tá sliocht ann as tuairisc an Chonartha don dá bhliain dar críoch 30 Meán Fómhair 1896 agus an abairt seo ann: ‘In the spring of this year Mr Patrick Mullen died at New York, leaving property valued at 80,000 dollars’. Thabharfá leat ó chuntas Dhonncha Uí Shúilleabháin gurbh é an chéad toradh ar thiomnacht Uí Mhaoláin gur fostaíodh an timire Tomás Ó Concheanainn.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú