I dTeampall an Ghleanntáin, Co. Luimnigh, a rugadh é. Feirmeoir san áit sin a athair Timothy Lane agus b’as Ahane Cross, Brosnach, dá mháthair Mary O’Neill. Bhí ceathrar deirfiúracha aige, b’fhéidir, agus beirt deartháireacha.

Sa réamhrá a chuir sé lena fhoclóir (Lane’s English-Irish dictionary) scríobh sé: “My knowledge of Irish was acquired in childhood, concurrently with English, and I had my attention directed at an early age to the beauties of the Gaelic Tongue owing to the privilege of intimate acquaintance with men who had inherited the Bardic tradition and felt its influence ... I had scarcely emerged from boyhood ere I began the collection of my first Irish vocabulary, in which the words were accompanied by their English equivalents”.

D’fhreastail sé ar Scoil Theampall an Ghleanntáin agus bhí sé ina mhúinteoir ann ar feadh tamaill ó 1877 amach. Chuir sé isteach ar phost státseirbhíse ar ball. D’éirigh leis sa scrúdú ach níor glacadh leis nuair a fuarthas amach go raibh máchail ar chois leis a d’fhág bacach é.

In 1900 foilsíodh a leabhar Round Erin or Highways and Byways in Ireland. Leabhar taistil eile leis is ea The Way about Ireland (gan dáta). Tá aistí ina thaobh ag Bill McEnery in iris pharóiste Theampall an Ghleanntáin (Glór Lae Bán) i 1972 agus ag Pádraig Ó Cearbhaill sa bhliainiris Glór na Féile in 1979. Sin iad na foinsí as ar baineadh an t-eolas seo. Foilsíodh Focail agus foclóireacht T. O’Neill Lane le Seaghan Mac an tSionnaigh in 2014.

Deirtear gur fhostaigh Times Londan mar chomhfhreagróir é agus go mbíodh sé ar feadh na mblianta ag obair dóibh i bPáras (sa liosta de na síntiúsóirí sa chéad eagrán dá fhoclóir liostaíonn sé a chol ceathrar Aeneas O’Neill, The Times, Páras). Phós sé bean as Béal Feirste. Fuair an bhean bás go hóg de dheasca timpiste. Phós sé in athuair. Ba í an dara bean Dorette Annie Ayley ó Kent, rugadh mac agus iníon dóibh. Luaitear go minic é in An Claidheamh Soluis timpeall 1906 sna tuairiscí i dtaobh Chraobh Pháras de Chonradh na Gaeilge ag 50 Avenue Hoche. Bhí sé ina leasuachtarán agus ina mhúinteoir acu. Ainmníodh é mar ionadaí thar ceann na Fraince chuig Ard-Fheis 1907. Bhí an mac ag cur faoi le gaolta O’Neill Lane i dTuar na Fola agus chuaigh ar scoil ann. D’imigh sé go dtí an Astráil, throid in arm na hAstráile sa Chéad Chogadh Mór agus ar ball bhí sé i Shanghai mar eagarthóir ar iris.

Tuairim 1884 a thosaigh O’Neill Lane ag ullmhú a fhoclóir Béarla-Gaeilge. Deir sé sa réamhrá gur cheadaigh sé a bhféadfadh sé i Músaem na Breataine agus gur chaith sé cúig bliana ag taisteal na hÉireann ar lorg ábhair. Ghabh sé buíochas go háirithe le Torna a léigh na profaí dó. Foilsíodh dhá eagrán, an chéad cheann in 1904 agus an dara ceann in 1915 go luath tar éis a bháis. Thíolaic sé iad do shagairt is d’easpaig na hÉireann. As tuairim 600 a d’íoc táille an fhoclóra roimhré ba easpaig, sagairt, mná rialta agus bráithre ochtó faoin gcéad. Tá cuid mhaith i dtaobh an fhoclóra i gcló in An Claidheamh Soluis 27 Aibreán 1912. I measc na ndaoine a mhol go hard ansiúd é bhí Seán Mac a’Bhaird, Tadhg Ó Donnchadha, an Dr S.P. Mac Énrí, agus an tAthair Máirtín Ó Domhnaill. Is cosúil go raibh sé thíos go mór leis an obair. Is i dteach mhuintir Cheallaigh i gCnoc na Daibhche, Tuar na Fola, a raibh gaol aige leo, a rinne sé an t-ullmhúchán don dara heagrán.Tá sa leabharlann phoiblí i mBré litir a scríobh sé i dTuar na Fola, Co. Luimnigh, 21 Meitheamh 1913, litir, ní foláir, a chuir sé chuig leabharlanna eile. Tá 15 scilling á iarraidh aige ann mar phraghas réamhfhoilsitheoireachta ar eagrán nua dá fhoclóir. Deir sé ann go raibh níos mó ná £2,500 caite aige ar an bhfoclóir cheana féin, go gcosnódh sé £1,000 é a chur i gcló agus go raibh £700 den mhéid sin tugtha aige don chlódóir cheana féin. Is dóigh gurbh é a bhí i gceist aige eagrán nua d’fhoclóir 1904. Foilsíodh a Larger English-Irish dictionary (1916).

Ba chuimhin le Bill McEnery é a fheiceáil gach lá. Ní raibh ann ach buachaill scoile san am. “I did not know what his profession was at the time, but I guessed it must be onerous judging by the large leather handbag he used for the carriage of his correspondence. What attracted me more than anything else was his mode of dress. He always wore when in public a complete dress suit, high silk hat, long claw hammer coat, striped trousers, with a gold watch chain across his breast. Due to his limp he carried a walking stick, ornamentally decorated. One could see the footwear had to be specially made to assist the limp. He was then in the winter of his days, and still able to carry the powerful looking frame. He was of a jocose or humourous character, and a fine swimmer . . . There was one person I have met in my lifetime that resembled him in appearance, dress and features, and that was the great horse racing personality, the late Aga Khan”.

D’éag sé ar 8 Meitheamh 1915 agus adhlacadh i mBrosnach é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú