‘Bhí sé chomh uinniúil faobhrach le fiche duine’, dúirt Piaras Béaslaí faoi i gcaint raidió i 1958. Fear lách geanúil é ar chuma leis botúin sa chaint ach nach gcuireadh srian lena theanga nuair a d’fheiceadh sé ‘droch-Ghaeilge na haimsire seo’ i gcló. Mar gheall air sin bhí go leor naimhde aige. Pearsa thábhachtach is ea é toisc an pháirt a ghlac sé sa Chonradh agus i gCraobh an Chéitinnigh i dtús an chéid, a mhéid d’fhilíocht na Mumhan ar chuir sé eagar air agus an obair cheannródaíochta dinnsheanchais a rinne sé.

I gCnoc Chonaill Aodha idir Eochaill agus Cill Ia a rugadh é ar 5 Márta 1871. Feirmeoir a athair Risteard (1830–1910). Peg Long ab ainm dá mháthair. Cliamhain isteach ba ea an t-athair. Cainteoirí dúchais Gaeilge an bheirt acu agus creideann a mhac Gearóid gur chainteoir dúchais Risteard freisin. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 22 Bealtaine 1954, tugadh an t-eolas seo: ‘Nuair a saolaíodh é i gceantar Eochaille bhí ní amháin a bhaile dúchas ach barúntacht Uí Mac Coille go léir soir go cathair Chorcaí ina Ghaeltacht.’ Ba é an duine ba shine é de sheachtar cailíní agus cúigear buachaillí. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí in Eochaill agus bhuaigh sé duais sa Ghaeilge ann. Thoirbhir sé a leabhar Carn Tighearnaigh (1938) ‘do Mháirtín Ó Buadhacháin in Eochaill, don té do chéad-thug teagasc dam i léigheamh agus i scríobhadh ár dteangadh dúthchais’.

D’aistrigh sé go dtí Baile Átha Cliath timpeall 1888. B’fhéidir gur chaith sé an dá bhliain úd ag obair i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i dTeach Laighean ag an am seo agus go raibh sé ag foghlaim na luathscríbhneoireachta. Bhí post tuairisceora aige san Freeman’s Journal i dtús na 1890idí. Mhaíodh sé gur air a thit sé óráid dheireanach úd Pharnell sna Creaga, Co.na Gaillimhe, ar 27 Meán Fómhair 1891 a thuairisciú. Thug sé ocht mbliana i Sasana ag reic meaisíní clóscríbhneoireachta agus d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath ag tosach an 20ú céad. Chaith sé tamaill in Coventry, Birmingham, Londain, Leeds agus Hull. Dunlop ceann amháin de na comhlachtaí a raibh sé ag obair dóibh agus meastar go raibh sé ag obair do nuachtán freisin. Thall a thosaigh sé ag díol clóscríobhán do mhuintir Underwood. An comhlacht sin a sheol ar ais go hÉirinn é i bhfíorthosach an chéid. Go dtí tuairim 1905 ní raibh oifig acu i mBaile Átha Cliath agus chaitheadh Risteard tréimhsí fada i mBéal Feirste. Ach d’fhilleadh sé ar Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Carraige Duibhe 1905-07.

In éineacht le Torna, Seán Ó Cuív agus Sceilg, bhunaigh sé Craobh an Chéitinnigh i 1901. Ba é a roghnaigh manadh don Chraobh: ‘Múscail do mhisneach, a Bhanba’. Go ceann naoi mbliana bhí sé ina rúnaí acu. Thuigfeá ó An Duinníneach (1958) gur ag tabhairt tacaíochta don Athair Ó Duinnín in aghaidh comhbhá na Craoibhe leis an Dochtúir Ó hIceadha a thaispeáint is ea d’éirigh sé as an rúnaíocht i Samhain 1909. Ach b’fhéidir freisin go raibh baint ag cúrsaí pearsanta leis. Bhí Eily Barnes (rugadh i Raghnallach in 1884) tagtha chun obair in oifig an Underwood Typewriter Co. ag 17 Sráid Thobar Phádraig. Phós Risteard í i Meitheamh 1910. Rugadh mac amháin dóibh, Gearóid.

Gan aon chuid dá thuairisceoireacht a áireamh, b’fhéidir a rá gur foilsíodh a chéad saothar próis in An Claidheamh Soluis den 17 Lúnasa 1901 faoin ainm cleite ‘An Corcaigheach Macánta’. I Loch Léin, Samhain 1903, a bhain sé feidhm as ‘Fiachra Éilgeach’ a chéaduair.

Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952).

Thug sé duanairí amach i 1933 agus 1935. Chuireadh sé eagar ar chnuasaigh de dhuaisiarrachtaí Oireachtais agus d’aistríodh drámaí agus scéalta ón mBéarla agus ón bhFraincis. Bhí spéis aige sa drámaíocht riamh ó ghlac sé páirt sa léiriú den Tobar Draíochta a rinne Willie Fay i dTrá Lí ar 15 Lúnasa 1902. I 1935, d’fhoilsigh Brún agus Ó Nualláin a Logainmneacha i. Dictionary of Irish Place-names (7,000), English-Gaelic. Is í an abairt dheireanach aige sa réamhrá: ‘In aon chúig bliana amháin do gheofaí teacht ar Ghael-ainmneacha fhurmhór ár mbailte fearainn agus ár bparóistí ach cur chuige i gceart. Ba chóir don stát tabhairt faoin ngnó gan mhoill’. Deirtear go raibh 40,000 ainm bailithe aige féin. Teideal eile leis is ea: Saol-ré Sheathrúin Céitinn, 1908; Imeachtaí an Oireachtais, Sgéalta triúir, 1919; Scoth-duanta, 1933; Duanarán ré 1600-1700, 1935; Mil na hÉigse, 1945; an seach-chló Cath Chnoic na nOs, [gan dáta]. Ba é a chuir eagar ar Seod-aistí as Conamara, 1943 le Peadar Neilí Ó Domhnaill [B5: 292]. Aistriúcháin leis is ea: Fíoraon le fiarán,[g.d.] (Tolstoy); An Béar, 1923 (Chekhov); Ag Suirghe leis an mBaintreach, 1927 (The Courting of the Widow Malone le Constance P. Anderson); Fiche gearrscéal ar na thionntódh as an bhFraingcis, 1930; Naoi ngearra-chluichí ar n-a thionntódh ag Fiachra Éilgeach, 1930; Maria Chapdelaine, 1933 (Louis Hemon); Cnósach gearr-scéal. Ar n-a dtionntódh ón bhFraingcis, 1934; An Phíb fé sna bántaibh, 1933 (The Pipe in the fields le T.C. Murray); Oilibhéar Dubh, 1935 (an dráma Black Oliver le John Guinan); An Bheidhlín Buadha, 1935 (François Coppée); An Sárúchán, 1935 (The Lifting le John Brandane); Eoinín Bocht, 1942 (El Pobrecito Juan le Gregorio Martinez Sierra). Tiarnaí deireanacha Urmhún (1956), aistriúchán ar The Last Lords of Ormond le Dermot F. Gleason a shaothar deiridh.

Sórt club sóisialta ag scríbhneoirí agus scoláirí na Gaeilge ba ea oifig an Underwood Typewriter Co. ag 5 Sráid Laighean. Bhí post bainisteora ag Risteard ann anuas go dtí Aibreán 1936 nuair a thosaigh sé ag obair don Ghúm. Bhí sé ina eagarthóir tamall ag Brún agus Ó Nualláin gur éirigh idir é agus an bhainistíocht. Ní bheadh cúrsaí go rómhaith aige murach gur fhéach Éamon de Valera chuige gur ceapadh é ar fhoireann Choimisiún na Logainmneacha i 1946. Ceapadh é mar eagarthóir ar an aistriúchán den Bhunreacht a bhí a dhéanamh ag Mícheál Ó Gríobhtha ar 11 Samhain 1936. Deir Breandán Mac Giolla Coille in Feasta, Deireadh Fómhair 1988: ‘Bhi lámh an-trom ag Risteard mar eagarthóir agus ní foláir nó bhí foighne an naoimh ag Mícheál’. An eagarthóireacht go léir is mó a thabhaigh clú dó. Ach ní i gcónaí a bhítí sásta leis an gcaoi a ndéanadh sé í. Dúirt Breandán Ó Buachalla faoi litreacha Phádraig Phiarais Cúndún: ‘Ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn a bhfuair Fiachra Éilgeach bunchóip na litreacha anois’ (Go Meiriceá siar, 1979). Dúirt Liam Ó Murchú faoin eolas beathaisnéiseach in Cúirt an Mheán-Oíche, 1949: ‘As “cairt” a scríobhadh sa bhliain 1846 agus a tugadh dó is ea a bhunaigh sé an cur síos seo; níl aon tuairisc ar an “gcairt” ó shin ...’ (Cúirt an Mheon-Oíche, 1982). Scríobh Tomás Ó Rathile léirmheas ar an eagrán den Chúirt a chuir Risteard amach i 1912 agus thaispeáin conas ba cheart tabhairt faoin obair. Ach is ceart a rá ar son iarrachtaí Uí Fhoghludha nach bhfacthas aon toradh ar chomhairle Uí Rathile go ceann seachtó bliain gur foilsíodh ‘leagan deifnídeach’ Uí Mhurchú.

B’é Risteard an cara ba mhó dá raibh ag Torna agus bhí seisean pósta ar a dheirfiúr Nóra. Bhí sé mór leis an Duinníneach freisin ach níor mhair an cairdeas. Thugadh an sagart cuairt go minic ar Gothic Lodge, 42 Bóthar na Cabraí, mar a raibh cónaí ar Risteard in aontíos lena dheartháir Micheál agus a bheirt deirfiúracha. Níor bheag a d’fhoghlaim sé ó Risteard agus ghabh sé buíochas leis i bhfoclóir 1904. Ach níor luaigh sé a ainm in aon chor i bhfoclóir 1927. B’fhéidir go bhfacthas dó go raibh Risteard ag cúngú ar a chearta leis an eagarthóireacht go léir ar fhilí na Mumhan. Bhí iasacht ag Piaras Béaslaí de chóip Risteaird d’eagrán an Duinnínigh d’Eoghan Rua Ó Súilleabháin. Bhí gach leathanach breac le ceartúcháin. Níorbh iontas leide de sin a bheith faighte ag an sagart.

Bhí tábhacht nár bheag ag an luathscríbhneoireacht ina shaol: an iriseoireacht; gur ceapadh ina chléireach é ag an chéad Tionól den Chéad Dáil ar 21 Eanáir 1919; bunú an Dublin Institute of Shorthand Writers. Dhéanadh an comhlacht sin scrúdaithe a reáchtáil. Ba é a fhear páirte sa ghnó sin George Bunbury, fear a bhfuil a ainm in Guinness book of records go fóill i ngeall ar luas a phinn. Bhí comhfhreagras gairid ag Risteard uair amháin le sean-Isaac Pitman. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann Luathscríobh Éireann.

Bhí a dheartháir Micheál ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a d’éag sé ar 17 Meitheamh 1961. Mhaíodh seisean gurbh i gCraobh Oisín, Manchuin, a d’fhoghlaim sé féin an teanga (Feasta, Iúil 1961). Bhí an Micheál sin agus a dheirfiúracha Cáit agus Bríd páirteach in Éirí Amach 1916.

D’éag Risteard Ó Foghludha i mBaile Átha Cliath ar 20 Lúnasa 1957. Ar 25 Lúnasa 1974, nocht Tomás Ó Domhnaill, Aire na Gaeltachta, plaic ar an teach inar rugadh é agus ina bhfuil a lucht gaoil ina gcónaí go fóill. ‘Scoil Fhiachra Éilgeach’ atá ar an scoil áitiúil. Bhronn Ollscoil na hÉireannD.Litt.Celt. air i 1939. Gheofar cuntas mion ar a ndearna sé d’obair ar an mBunreacht in Bunreacht na hÉireann: a study of the Irish text, 1999 le Mícheál Ó Cearúil.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú