Sa Chill, a dtugtar ‘Keel’ air i mBéarla, Caisleán na Mainge, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 30 Eanáir 1864. Feirmeoir ba ea a athair Timothy Foley agus ba í Catherine Fitzgerald a mháthair. I ndiaidh bunoideachais d’éirigh leis dul isteach sa státseirbhís mar oifigeach Custaim agus Máil. Bhí sé i mBéal Feirste, in Iúr Cinn Trá, i Londain agus i Learpholl sular aistrigh sé go Gaillimh. Bhí a chéad aiste aige i gcló in Eanáir/Feabhra 1896 in Irisleabhar na Gaedhilge. Chum sé iomann na gluaiseachta “Go maire ár nGaeilge slán”. Bhí sé i gcló in An Gaodhal, Lúnasa 1897, i dtosach. Chuir Áine Nic Pheadair (Patterson) ceol leis. Timpeall an ama seo freisin phós se Elizabeth Lankford óna áit dhúchais, an Chill. Ní raibh puinn Ghaeilge aicisean cé gur dócha gur chainteoir dúchais Diarmuid. I nGaillimh bhí baint aige le Conradh na Gaeilge. Bhí sé ag scríobh go seachtainiúil in An Claidheamh Soluis i dtaobh chúrsaí na hÉireann ó thosaigh an páipéar; Pádraig Ó Sé (“Conán Maol”) a bhíodh ag cur síos ar chúrsaí eachtracha.

Fuair sé ardú céime i Meán Fómhair 1900 nuair a aistríodh go Béal Feirste arís é. Roimh dheireadh na míosa sin bhí sé ina bhall cheana féin de choiste Fheis Uladh. Comhghleacaithe sa tseirbhís sa chathair ag an am sin Pádraig Ó Sé, Micheál V. Ó Nualláin, Peadar Mac Fhionnlaoich, Tadhg Mac a Bhaird, J. Bonfield. Bhí siad go léir bainteach leis an gConradh.

Ceapadh Diarmuid ina Ard-Mháistir i gColáiste na Mumhan nuair a bunaíodh é in Iúil 1904. I 1906 foilsíodh An Macléighinn agus deirtí gurbh é Diarmuid ba thúisce a mhol an Modh Díreach sa leabhar sin. D’fhoilsigh Muintir na Leabhar Gaeilge a aistriúchán Finnsgéalta na h-Araibe Cuid a hAon i 1908. Dúradh faoi in Irisleabhar na Gaedhilge (Meán Fómhair 1908): “Tá an oiread sin cosúlachta ag an aistriú le obair a déanfaí as an nua go samhlaimíd uaireanta agus sinn á léamh gur seanchaí éigin Gaelach a chum an scéal”. Sholáthraigh sé ábhar do St. Patrick’s, Banba, The Nationalist, An Sguab, An Lóchrann agus Fáinne an Lae idir 1901 agus 1926.

Bhí triúr mac agus cúigear iníonacha aige. I ndiaidh Bhéal Feirste is i gcathair Luimnigh a bhí sé lonnaithe. Is é traidisiún na háite go dtugadh Pádraic Ó Conaire cuairt ar a theach ann go minic. D’éag sé ar 12 Márta 1934. Phós a dheirfiúr Johanna an J. Bonfield atá luaite thuas. Neacht le Diarmuid mar sin Bobby Bonfield a dúnmharaíodh go mistéireach i mBaile Átha Cliath i dtús na 1920idí (aiste in Comhar Samhain 1976 ag Breandán Ó hEithir).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú