I gCoill na Gráinsí, Coill Mhic Thomáisín, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 7 Nollaig 1873. Feirmeoir a athair Michael Kiersey, agus Brigid Murphy, a raibh muileann ag a muintir, a mháthair. Aintín a thóg é féin agus a dheartháir, tharla na tuismitheoirí a bheith marbh. I gcaint raidió ar 20 Meitheamh 1955 dúirt sé go raibh an Ghaeilge á labhairt ag gach duine deich mbliana d’aois san am ach an dream óg ag tosú ar an mBéarla.

In ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 25 Meitheamh 1955) dúirt sé gur chuig scoil náisiúnta an Fhiadha a chuaigh sé. Tar éis bunoideachais d’fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí go raibh sé 16 bliana d’aois. In 1893 d’éirigh leis bheith ina Oifigeach Custaim is Máil. “Chuaigh sé chun Dáithí Ó Ceallaigh, an múinteoir a chuir i gcóir don scrúdú é, d’fheiceáil ... agus cad a bhí ar siúl aige ach an cruinniú inar bunaíodh Conradh na Gaeilge!” “Martin Kelly’s Civil Service Rooms”, 9 Sráid Saicfil Íochtarach, a bhí i gceist ag Seán, ní foláir, sa tagairt sin dó féin sa tríú pearsa agus é ag glaoch ar a mhúinteoir ar a bhealach trí Bhaile Átha Cliath dó (caint raidió 20 Meitheamh 1955). Chaith sé trí bliana in Hull agus ansin aistríodh go Forest Gate, Londain, é. Bhí craobh den Chonradh bunaithe ann le tamall. Bhí sé ina rúnaí acu sular aistríodh go Corcaigh é. Dúradh in An Claidheamh Soluis 17 Lúnasa 1901: “With much ability, persistence, and a highly genial enthusiasm, Mr O’Kiersey worked for the League in every direction. Secretary, organiser in the best sense, teacher, singer, and writer of Irish, it would be difficult to point out a task or emergency for which he was not thoroughly and easily ready ... London Gaels are intensely sorry that they are not going to Cork also – or otherwise homeward to that Ireland in which men of Mr O’Kiersey’s type are sure to have a happy and effective future”.

Ar 23 Samhain 1901 bhí fógra sa pháipéar céanna sin gur pósadh ‘Seaghán Ó Ciarsaigh’, Corcaigh, a bhíodh ina chónaí roimhe sin i gCoill na Gráinsí, ar Chaitlín Nic Chraith ó Bhaile na Cúirte, in Eaglais Naomh Eoin, Port Láirge, ar 16 Samhain. Bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu. Léiriú ar an gcaidreamh a bhíodh ag na fir chustaim is máil ar a chéile gur phós iníon leis mac leis an úrscéalaí Maurice Walsh.

Ní raibh sé ach leathbhliain i gCorcaigh nuair a aistríodh go Learpholl é. Chuir sé isteach ar phost i mBéal Feirste agus fuair é. Ocht mbliana a chaith sé ansiúd. Bhí Cú Uladh, Diarmuid Ó Foghludha agus Micheál Ó Gríofa ann tuairim an ama chéanna agus bhí Seán ar dhuine de na Muimhnigh úd a bhíodh ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Chomhghaill ann. Bhíodh sé sa Rinn gach samhradh ag foghlaim ón gcéad uair a cuireadh rang ar siúl ann i 1904.

Tamall i ndiaidh na ngunnaí a chur i dtír i Latharnach d’iarr sé go gcuirfí ó dheas é agus is mar sin a tharla ag obair don Chustam is Mál i Lána Naomh Eoin i mBaile Átha Cliath é. Chuaigh sé amach ar pinsean i 1937.

Bhí tosaithe aige ar aistí is scéalta a scríobh do na hirisí agus na páipéir chomh fada siar le 1898. Bhain sé an dara duais ag Oireachtas 1904 do “Stair achomair i gcóir leanaí”. Ó 1929 go 1936 bhí colún go rialta aige sa Leader. Bhí sé ina eagarthóir ar An Sguab ó 1924 go 1926. Léirigh an Comhar Drámaíochta a dhráma Na Díbeartaig ó Shean-Shasana ar 2 Samhain 1925. Ar na leabhair a tháinig uaidh tá: Geantraighe (1928), scéalta grinn a ghnóthaigh bonn óir dó i gcomórtais Aonach Tailteann; Onncail Searlaí (1930); Ar mo mharanadh dom (1933); Bun an dá abhann (1933); Cloch Labhrais (1943); Greann is gaois (1947); Dioghlaim, 1947 Cinneamhna Dé agus aistí eile (1953); Mórtas cine agus aistí eile (1957); Gearrscoil (1960). 'Leac Logha', 'Marbhán' agus 'Cloch Labhrais' na hainmneacha pinn a chleachtadh sé.

D’éag sé ina theach “Gúgán Barra”, Bóthar na Carraige, Dún Laoghaire, ar 3 Aibreán 1956. Cuireadh é i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú