B’fhéidir gur leor de theistiméireacht ar a thábhacht gur roghnaíodh é féin agus Liam P. Ó Riain mar ábhar léachta sa tsraith léachtaí Dáibhíseacha The Shaping of modern Ireland (1960) in eagar ag Conor Cruise O’Brien. Dúirt Brian Inglis sa léacht sin: ‘If ever there was a man who spent his life trying to clear a nation’s mind of cant, it was D.P. Moran, the founder and for 36 years owner and editor of The Leader’.

Deirtear de ghnáth gurbh i gcathair Phort Láirge a rugadh é agus gur tógálaí ba ea James Moran, a athair. An t-aon David Moran sna taifid a bhfuil a dháta breithe ag réiteach le haois an Mhóránaigh s’againne (42 faoi Dhaonáireamh 1911) agus arbh é James Moran, tógálaí, a athair, ná an David a rugadh ar 22 Márta 1869 sa Mhainéar i bparóiste Naomh Eoin Lasmuigh. Ba í Elizabeth Casey a mháthairsean. Ar a theastas pósta is é James, tógálaí, an cur síos ar an athair. Bhí ar a laghad beirt deartháireacha aige, ar dhuine díobh E.P. Moran, duine de na dlíodóirí Meiriceánacha a mionteagascadh chun Pádraig Ó Domhnaill (a crochadh 17 Nollaig 1883) a chosaint, agus deirfiúr amháin, más fíor don Waterford News 7 Feabhra 1936. Dar le hiníon D.P., Nuala, go raibh sé ar scoil in acadamh príobháideach an Athar Joe Phelan agus i Scoil na mBráithre Críostaí i bPort Láirge sular cuireadh go Coláiste Chaisleán Cnucha é (Moran of the Leader, clár raidió Phroinsiais Uí Chonluain a craoladh 27 Meitheamh 1966). In 1888 thug an feisire T.P. O’Connor a chéad phost iriseora dó i Londain ina pháipéar The Star. Chaith sé 10 mbliana ag obair thall. Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Éireannach. Bhí sé cairdiúil le James G.O’Keeffe agus b’fhéidir gurbh eisean a thug isteach é i gConradh na Gaeilge. D’fhoghlaim sé a dhóthain den Ghaeilge chun go raibh ar a chumas í a léamh; is cosúil gurbh é Micheál Ó Súilleabháin an múinteoir a bhí aige. Ach ní raibh sé riamh in ann í a labhairt go líofa. Bhí sé i láthair ag Feis Ghobnatan, Baile Bhuirne, thar ceann Chonradh Londan, dar leis An Claidheamh Soluis 12 Lúnasa 1899, agus tuairiscíodh gur cláraíodh é mar bhall den Ard-Chraobh 13 Meán Fómhair na bliana céanna. ‘I am qualifying as quickly as I can to be Irish and it is slow progress as the dead weight of a West British youth is on me’, a scríobh sé in The Leader 8 Meán Fómhair 1900. Scríobhadh sé aistí an-ghéara in An Claidheamh Soluis. Shíl Alice Milligan gur cheart di litir a chur i gcló san iris sin 23 Meitheamh 1900 ag cosaint an Irish Literary Society i Londain ar fhogha ain-mheasartha a thug sé fúthu.

Tá léiriú ar a aigne le fáil sna haistí a scríobh sé faoin teideal ‘The Philosophy of Irish Ireland’ in New Ireland Review in 1899–1900 (foilsíodh iad mar leabhrán in 1905). An tAthair Tom Finlay (1848–1940) a mhol dó páipéar a chur ar bun. Dream amháin a ndeachaigh The Leader (1900–1973) i gcion ar chuid díobh ba ea a chomhoibrithe i gConradh Londan. Scríobh Seán Ó Ciarghusa (‘Marbhán’); ‘I gcionn tamaillín eile bhí an Leader againn agus b’fheas dúinn láithreach go raibh an fraoch trí thine sa mbaile in Éirinn. Ní fheadar an é sin a chuir inár gceann go léir filleadh abhaile ach pé scéal é d’fhill a lán againn agus dhineamar pé beag mór a d’fhéadaimis chun teagasc an Leader a chraoladh agus a chur i bhfeidhm’ (The Leader 8 Feabhra 1936). Ba é polasaí an pháipéir buillí marfacha a bhualadh ar an Éireannach stáitse, an seoinín, agus an ‘West Briton’, ceolta na hÉireann a chur in áit amhráin hallaí ceoil Londan, agus cabhrú le déantúsaíocht na hÉireann. Ní thugtaí fógraíocht sa Leader ach d’earraí na hÉireann amháin. Bhí feachtas ar siúl aige in aghaidh lucht deochanna meisciúla a dhíol agus ba eisean ba mhó faoi deara nár tugadh cead oscailte do thithe tábhairne Lá le Pádraig faoi Acht na Saorlaethanta Bainc (1903). Shíl Liam Ó Briain go raibh sé níos Caitlicí ná an Pápa féin ach níor dhóigh leis go raibh sé biogóideach. Tugadh comhdheis fostaíochta do Chaitlicigh sna bainc agus sna comhlachtaí ianróid nuair a d’áitigh an Leader orthu scrúdaithe earcaíochta a reáchtáil.

Deirtear gurbh é an Móránach a chum na téarmaí ‘Irish Ireland’ agus ‘West Briton’ agus a chuir an focal ‘seoinín’ i mbéal an phobail. Thug sé ‘Haoghaire Faoghaire’ ar George Russell. ‘Great Sourface Railway’ ar Mhór-Iarnród an Deiseirt nó an GSR, agus ‘The Bigots’ Dustbin’ ar an Irish Times. Ach b’fhéidir go ndeachaigh sé rófhada leis an magadh nuair a bhaist sé ‘The Green Hungarian Band’ ar Shinn Féin . Ba dhóigh le P.S. Ó hÉigeartaigh go ndearna sé dochar mór dá pháipéar nuair a lean sé lena fheachtas ‘Collar the King’ chun Caitlicigh a ghríosú le dílseacht don Rí a fhógairt: ‘He allowed his irritation at sunburstry to lead him into a depreciation of fundamental nationalist instincts and when he settled down to a weekly attack on tinpikery and the Green Hungarian Band...much of his support and much of the breath of life left the paper’ (Dublin Magazine, April–June 1936).

Tá cur síos ag Seán O’Casey in Drums under the windows (1945) ar an gcaoi ar caitheadh amach as mórshiúl an Chonartha é uair: ‘Here he comes, here’s the boyo, the greatest champion Ireland’s language has, who hardly knows a word of it himself...the one who said tinpike men and hillmen should be clapped in jail to keep them out of mischief; who says that the influence of England’s majesty shouldn’t be left to protestant sourfaces, and that the catholics must collar the King.... D.P. Moran proud on his seat in the vis-a-vis, wore a sober suit of Irish tweed, his head was nicely crowned in a bowler hat and a poplin tie of a dark green gave a gayer note to his sensible austerity that went well with the look of determined wisdom on his plumpish face... Suddenly... appeared the damned hurlers again who, at a sign from their leader, caught the bridle of the carriage’s horse and took it with such a sweep from the moving procession that no hesitating halt was made by the marchers’. I bhfad ina dhiaidh sin, timpeall 1924, d’éirigh idir O’Casey agus é féin i dtaobh ailt in Irish Homestead agus dúirt an Cathasach go mbeadh sé sásta díospóireacht a dhéanamh leis ach í a bheith i nGaeilge.

Scríobh sé an t-úrscéal Tom Kelly (1905) agus tá aiste dar teideal ‘The Battle of the two Civilizations’ aige in Ideals for Ireland (1901) in eagar ag an mBantiarna Gregory.

Phós sé Teresa Catherine O’Toole in Eaglais Chaitliceach Ráth Maonais ar 9 Eanáir 1901. Iníon í leis an ngníomhaire loingis Thomas Francis O’Toole a nglaoití ‘Captaen’ O’Toole air, rud a thabharfadh le tuiscint, b’fhéidir, go mba chaptaen loinge é tráth. Chaith an Captaen tamall ina mhéara ar chathair Phort Láirge agus dar leis an Waterford News 7 Feabhra 1936 go mba dhlúthchara le Parnell é.

In 1911 bhí cónaí ar an gclann ag 43 Bóthar Anglesea. Chuir D.P. síos i bhfoirm an Daonáirimh go raibh sé féin 42 bliana d’aois, go raibh a bhean, a rugadh i gcathair Phort Láirge freisin, 34 bliana d’aois agus go raibh Gaeilge acu beirt. Seisear leanaí a rugadh dóibh ach níor mhair díobh ach cúigear: Nuala (9); Ciarán O’Toole (7); Eoghan O’Shea (6); David (5) agus Thomas Séamas (3). Bhí post ag Nuala (a rugadh 21 Nollaig 1901 ag 47 Bóthar Labhráis, Cluain Tarbh) sa Roinn Oideachais agus ba í a bhunaigh faoi scáth Leigiún Mhuire an eagraíocht Ghaeilge, An Réalt. Choimeád sí The Leader á fhoilsiú go dtí 1973. D’éag sí 3 Meán Fómhair 1991. Fuair Ciarán agus Eoghan bás go luath i ndiaidh a chéile tamall roimh bhás D.P. ar 31 Eanáir 1936. Bhí cónaí air ag an am in ‘Beulah’, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Cill Fhionntain, Co. Bhaile Átha Cliath. Foilsíodh D.P. Moran (1995) le Patrick Maume sa tsraith Life and Times Series.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú