Ó DÁLAIGH, Pádraig (1873–1932)

Scríobh Liam Bulfin an méid seo ina thaobh in United Irishman agus tugadh mar athfhriotal é san Irish Peasant (21 Aibreán 1906): “This is Pádraig Ó Dálaigh, General Secretary, a southerner. He can work 12 and 15 hours a day. He has a perfect constitution. With care he may live to eat square meals in the 21st century. He seems to have lived a long time already although his face is under the 30 limit. It is his brain that is old. His heart and all the rest of him are young ... Under my personal observation he has repeatedly performed the following things simultaneously: written letters, spoken in Irish and English, checked branch reports, read press notices – and smiled ... When anyone with a grievance comes in and threatens to wreck the movement he is folded in the magic of the Secretary’s smile and his anger is put to sleep. When any man of an enquiring mind comes to know if Irish can be written or to ask some monumentally idiotic question, he is not to be scalped. He is merely smiled upon ... If he is not found wanting he is taken in hand and the purifying waters of knowledge pumped into him by the gallon. O’Daly encompasses him, overshadows him, fills the sky over him, cooes to him, explains to him, fills the pockets and the breast of his shirt with pamphlets, gives him names and addresses by the dozen, tells him how to start branches, classes, etc., hypnotises him, takes out the patient’s brains, scours, scrapes, disinfects and puts them back again, smiling all the time. Then he waves one of his fingers and the re-born individual wakes up a thinking being and a Gaelic Leaguer. And O’Daly, still smiling all over the landscape, conducts him to the door and sends him forth upon the world an intelligent enthusiast and an earnest worker. There you have the General Secretary of the Gaelic League to the life”.

Sa phortráid in The Irish Peasant tugadh le tuiscint gur rugadh é Lá Fhéile Pádraig 30 bliain roimhe sin i nDún na Mainistreach, Dún Garbhán. Ach níor rugadh aon Phádraig Ó Dálaigh i nDún na Mainistreach aon Lá Fhéile Pádraig idir 1861 agus 1881 (ná ar aon lá eile cés moite de 18 Deireadh Fómhair 1873), dar le clár na mbaistí i nDún na Mainistreach. 1874 an bhliain atá ag Muiris Ó Droighneáin. Ar 18 Deireadh Fómhair 1873 rugadh Patrick Daly áirithe do John Daly agus Mary Daly, dar le clár úd na mbaistí, agus b’fhéidir gurbh eisean an Pádraig s’againne. Ach mar bharr air sin is ar 21 Samhain a rugadh an Pádraig sin do John Daly agus Mary Daly, dar le clár na mbreitheanna. Oibrí feirme i mBurgáiste i bparóiste Dhún na Mainistreach an John Daly sin. John an t-ainm a bhí ar an aon deartháir amháin a bhí ag Pádraig. Bhí cailíní sa chlann freisin ach níor luadh a n-ainmneacha i dtuairiscí na sochraide i 1932.

Bhí sé ar scoil i nGarraí na gCaorach (níl an scoil sin ann anois) agus ag na Bráithre Críostaí i nDún Garbhán. Bhí Gaeilge á teagasc i nGarraí na gCaorach agus in 1889 chuir Pádraig agus ógánach eile geasa orthu féin í a labhairt le chéile. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga as ‘Keating’ for students of Gaelic le P. W. Joyce. Ní foláir nó bhí an teanga le cloisteáil aige timpeall Dhún na Mainistreach agus istigh i nDún Garbhán. “Bhí sí aige ón gcliabhán”, a dúirt Pádraig Ó Duinnín in Scéala Éireann i gcuntas iarbháis. “Bhí sé ar a chumas Gaeilge a scríobh go hálainn ...” Dúirt Fiachra Éilgeach go raibh sé “oilte i bprós na Gaeilge agus go háirithe i saothar Chéitinn”.

In oifig aturnae i nDún Garbhán, J. F. Williams, a bhí a chéad phost aige. Ba chúnamh dó sa phost sin an líofacht Ghaeilge a bhí aige agus chuir sé aithne ar gach duine sa cheantar.

In 1893 bhuaigh sé ceann de chúig dhuais a thairg The Shamrock ar aistí ar eachtraí áirithe staire. Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i nDún Garbhán toghadh é ina leasuachtarán. Bhí sé ag gníomhú mar rúnaí an chuid is mó den am. Bhí aithne ag Domhnall Ó Cionnfhaolaidh, Dún na Mainistreach, Dún Garbhán, ar ghaolta le Pádraig Ó Dálaigh agus dúirt sé linn gur ar 18 Meitheamh 1873 a rugadh an Pádraig seo a bhí ina rúnaí ar Chonradh na Gaeilge agus gurbh fheirmeoir i mBaile na Cúirte a athair. Bhíodh sé i mbun ranga, ag tabhairt léachtaí, agus ag scríobh i nGaeilge don pháipéar áitiúil. Bhí sé ar dhuine díobh sin a d’eagraigh an fheis san Aird Mhór, ceann de na feiseanna ba thúisce agus ba mhó sa Mhumhain. Bhí baint aige freisin le heagrú Fhéile na nDéise. Ag Oireachtas 1901, bhain sé ceann de na duaiseanna £1 le haiste ar Sheán Pléimeann. Bhí tosaithe aige i 1900 ar aistí agus gearrscéalta a scríobh in An Claidheamh Soluis. Chum sé roinnt mhaith dánta freisin: “Dúthaigh Déiseach” is minice a luaitear.

Sa Chlaidheamh Soluis ar 7 Meán Fómhair 1901 agus arís ar 21 Meán Fómhair fógraíodh go raibh sé ceaptha mar Rúnaí Cúnta ag an gConradh i Londain. Ach ní dheachaigh sé i mbun an phoist sin mar ar 9 Samhain fógraíodh go raibh sé ceaptha mar Ard-Rúnaí ag an gConradh. Ba é an chéad rúnaí ar phá é. Lean sé sa phost sin go dtí 1915. I ndiaidh a bháis dúirt an Craoibhín: “Bhí na mílte rud le déanamh ag an Ard-Rúnaí agus do dhéanadh Pádraig iad gan cosúlacht ró-oibre ná ró-dheifre do bheith air. Bhíodh sé i gcónaí go fáilteach croíúil agus níor theip air riamh an rud ceart agus an rud cineálta a rá” (Scéala Éireann 6 Meitheamh 1932). Dúirt an Duinníneach: “Is minic nár réitíos féin leis i dtaobh ghnótha na hoibre ach ní miste liom a rá nach raibh a shárú ar m’aithne sna blianta sin ar dhúthracht ná ar mhacántacht”. Agus dúirt Cormac Breathnach: “Taca na lag ab ea Pádraig agus is mó fear fónta a bhí faoi chomaoin aige ... is mór an méid féile agus flaithiúlachta a cuireadh faoi chré i nDún Garbhán.”

In An Claidheamh Solais: 30 blian de Chonnradh na Gaedhilge (1955) deir Aindrias Ó Muimhneacháin: “Sa bhliain 1905 thug Oifig an Phoist dúshlán an Chonartha le riail nua á fhógairt nárbh fholáir seoladh Béarla bheith feasta ar gach aon phacáid phoist. Má dhein ba ghairid an mhoill ar an gConradh é faoi threoir-cheannas Phádraig Uí Dhálaigh, an tArd-Rúnaí, na cosa a bhaint ón riail sin i gcás go mb’éigean í a tharraingt siar”.

Obair an Chonartha a bhac air tabhairt faoi aon mhórshaothar scríbhneoireachta. Ach nocht Seán Ó Ciarghusa an tuairim seo in The Leader, 11 Meitheamh 1932: “Cé gur Gaeilgeoir líofa agus scoláire oilte Gaeilge Pádraig níor scríobh sé mórán den teanga ach amháin le haghaidh na bpáipéar. Is é is dóigh liomsa gurbh amhlaidh go raibh sé tar éis oiread sin litríochta a léamh i dteangacha eile gur thuig sé ró-mhaith cad is litríocht ann chun aon taidhbhse a bheith air féin mar scríbhneoir”.

Bhí spéis mhór aige sna hamhráin. “Chonacsa uair é i gcuideachtain shéimh i bhfochair sean-Watty Power ó Chill na bhFraochán i nDéiseachaibh agus gachra amhrán acu agus b’in é an uair a thuigeas i gceart cad is Gaeil agus Gaelachas ann”, a dúirt Seán Ó Ciarghusa.

I 1915, fuair sé post stiúrthóra sa Chomhlacht Oideachais agus bhí cúram na leabhar Gaeilge air. I gcomhpháirt le Séamus Ó Duirinne scríobh sé The educational pronouncing dictionary of the Irish language (1922).

Bhí baint aige leis an gConradh sna 1920idí. Bhí sé ag an gcomhdháil speisialta a tionóladh ar 8 Eanáir 1925 agus toghadh é ar an gcoiste chun “córú agus bealach nua gluaiseachta a cheapadh amach”. Óráidí cumasach a bhí ann agus labhair sé ag roinnt cruinnithe poiblí de chuid an Chonartha thart faoin am sin.

D’éag sé i mBaile Átha Cliath ar 29 Bealtaine 1932 agus adhlacadh é i reilig Dhún na Mainistreach. Níor phós sé riamh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú