I measc na scoláirí a bhí ag foghlaim uaidh bhí Vernon Hull, Tomás Ó Rathile, Osborn Bergin agus D. A. Binchy. B’in iad na “propers”, an fáth ar roghnaigh sé “An Common Noun” mar ainm cleite. Baisteadh é ar 13 Iúil 1861. Ba é tuairim a mhic, an béaloideasaí cáiliúil Seosamh Ó Dálaigh, gurbh i ndeireadh an Mheithimh a rugadh é: bhí sé de nós Seán a thabhairt ar mhic a shaolaítí sa Mheitheamh. Micil Ó Dálaigh, iascaire i nDún Chaoin, a athair agus ba í Máire Ní Mhuircheartaigh a mháthair. Bhí siad ina gcónaí i mBaile an Ghleanna. Rugadh beirt mhac eile dóibh: Peats Beag agus Micil. Fuair an mháthair bás ar an tríú leanbh, Micil. Fuair an t-athair bás i ndóiteán. Rinne an sagart paróiste bailiúchán chun cabhrú leis na dílleachtaí a thógáil.

Uncail do Sheán ba ea Dónall Ó Muircheartaigh, máistir scoile Dhún Chaoin. I ndiaidh bheith ina mhonatóir, fuair sé an scoil ar bhás Dhónaill. Lean a mhac Muiris é féin nuair a d’éirigh sé as an bpost i 1927. Chaith Seán bliain i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Tá cuntas ag Peig Sayers in Peig ar an tamall a chaith sí sa rang aige.

Meastar go raibh scríobh na Gaeilge ag Dónall Máistir agus gur uaidh a d’fhoghlaim Seán é. Tá an t-ainm “John Daly, National School, Vicarstown, Dingle’ ar liosta na síntiúsóirí sa chéad imleabhar de Irisleabhar na Gaedhilge. Tá litir uaidh i gcló in Mise agus an Conradh ag tagairt do cheann de leabhair an Chraoibhín: “Tá cion agus meas air ag sean agus óg agus cuid de na seandaoine nár fhoghlaim riamh an Ghaeilge a léamh bheadh iontas ort chomh bréan díobh féin agus atá siad. Ba leor de dheimhniú ar seo dá bhfeictheá na daoine ag dul ó bhaile go baile ag iarraidh iasachta an leabhair ... D’fheicfeá na sluaite díobh sna páirceanna, fiche nó deich ar fhichid acu le chéile á léamh”. Bhí an chéad aiste i gcló aige in An Claidheamh Soluis i 1906. Cnuasaíodh a chuid aistí agus scéalta in Clocha Sgáil (1930) agus in Timcheall Chinn Sléibhe (1933).

Scríobh Tomás Luibhéid aiste ina thaobh in Feasta Samhain 1977: “Strapaire d’fhear scafánta ba ea é ina mheánaois, é leathanghuailleach, deásheasaimh, uaisleacht agus uaibhreacht ina chló agus é ag cur an bhóthair de le maorgacht phrionsa ... B’é Prionsa an pharóiste é, é íseal uasal, bá aige leis an uile dhuine, leagadh faoi leith aige le cainteoirí deaslabhartha a mbíodh an focal cruinn ceart i gcónaí ar bharr a dteanga acu”. Ag caint dó ar chineál salon a bhíodh ar siúl i dteach an mháistir, deir Luibhéid: “Ní fheadar arbh í Scoil Dhún Chaoin, faoi stiúradh Sheáin Uí Dhálaigh, an chéad institiúid léinn a chuir staidéar extra mural ar fáil dá hiarscoláirí”. Agus sa dán a scríobh an Dr Pádraig de Brún i gcuimhne (Comhar, Meitheamh 1942) Uí Dhálaigh deir sé:

Dá mbeadh abairt le múnladh,

Nó fadhb in amhrán nó in aoir,

Cé bheireadh chuige an fhoghlaim

Ach máistir Ollscoil Dhún Chaoin?

Phós sé Néaraí Ní Mhurchú ó Ghleann Fán tuairim 1887. Rugadh beirt iníonacha agus seachtar mac dóibh. D’éag sé ar 27 Feabhra 1940 agus cuireadh é i seanreilig Dhún Chaoin ar 29 Feabhra. B’in í an chuimhne a bhí ag Seosamh Ó Dálaigh, gurbh ar an lá bisigh a adhlacadh é. Sin é an t-eolas atá le baint as mír nuachta in Scéala Éireann ar 4 Márta 1940 freisin. Ach ar an leacht i seanreilig Dhún Chaoin, tá 14 Feabhra agus de réir taifid an pharóiste fuair sé bás ar 4 Feabhra agus cuireadh é ar 6 Feabhra. Mar bharr ar an ngreann is é 4 Feabhra 1939 a chuir Dr Pádraig de Brún i dteideal a dháin chaointe. Tá breis eolais le fáil in An Baol Dom Tú?: Muintir Chorca Dhuibhne agus an Ghaeilge 1860-1940, 2000 le Micheál Ó Dubhshláine.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú