Ó DÁLAIGH, Seán (1861–1940) Seán Ó DÁLAIGH Common Noun 1861 1940 Baile an Ghleanna, Co. Chiarraí M Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I measc na scoláirí a bhí ag foghlaim uaidh bhí Vernon Hull [q.v.], Tomás Ó Rathile [q.v.], Osborn Bergin [q.v.] agus D. A. Binchy [q.v.]. B’in iad na “propers”, an fáth ar roghnaigh sé “An Common Noun” mar ainm cleite. Baisteadh é ar 13 Iúil 1861. Ba é tuairim a mhic, an béaloideasaí cáiliúil Seosamh Ó Dálaigh, gurbh i ndeireadh an Mheithimh a rugadh é: bhí sé de nós Seán a thabhairt ar mhic a shaolaítí sa Mheitheamh. Micil Ó Dálaigh, iascaire i nDún Chaoin, a athair agus ba í Máire Ní Mhuircheartaigh a mháthair. Bhí siad ina gcónaí i mBaile an Ghleanna. Rugadh beirt mhac eile dóibh: Peats Beag agus Micil. Fuair an mháthair bás ar an tríú leanbh, Micil. Fuair an t-athair bás i ndóiteán. Rinne an sagart paróiste bailiúchán chun cabhrú leis na dílleachtaí a thógáil.

Uncail do Sheán ba ea Dónall Ó Muircheartaigh, máistir scoile Dhún Chaoin. I ndiaidh bheith ina mhonatóir, fuair sé an scoil ar bhás Dhónaill. Lean a mhac Muiris é féin nuair a d’éirigh sé as an bpost i 1927. Chaith Seán bliain i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Tá cuntas ag Peig Sayers[q.v.] in Peig ar an tamall a chaith sí sa rang aige.

Meastar go raibh scríobh na Gaeilge ag Dónall Máistir agus gur uaidh a d’fhoghlaim Seán é. Tá an t-ainm “John Daly, National School, Vicarstown, Dingle’ ar liosta na síntiúsóirí sa chéad imleabhar de Irisleabhar na Gaedhilge. Tá litir uaidh i gcló in Mise agus an Conradh ag tagairt do cheann de leabhair an Chraoibhín: “Tá cion agus meas air ag sean agus óg agus cuid de na seandaoine nár fhoghlaim riamh an Ghaeilge a léamh bheadh iontas ort chomh bréan díobh féin agus atá siad. Ba leor de dheimhniú ar seo dá bhfeictheá na daoine ag dul ó bhaile go baile ag iarraidh iasachta an leabhair ... D’fheicfeá na sluaite díobh sna páirceanna, fiche nó deich ar fhichid acu le chéile á léamh”. Bhí an chéad aiste i gcló aige in An Claidheamh Soluis i 1906. Cnuasaíodh a chuid aistí agus scéalta in Clocha Sgáil (1930) agus in Timcheall Chinn Sléibhe (1933).

Scríobh Tomás Luibhéid [q.v.] aiste ina thaobh in Feasta Samhain 1977: “Strapaire d’fhear scafánta ba ea é ina mheánaois, é leathanghuailleach, deásheasaimh, uaisleacht agus uaibhreacht ina chló agus é ag cur an bhóthair de le maorgacht phrionsa ... B’é Prionsa an pharóiste é, é íseal uasal, bá aige leis an uile dhuine, leagadh faoi leith aige le cainteoirí deaslabhartha a mbíodh an focal cruinn ceart i gcónaí ar bharr a dteanga acu”. Ag caint dó ar chineál salon a bhíodh ar siúl i dteach an mháistir, deir Luibhéid: “Ní fheadar arbh í Scoil Dhún Chaoin, faoi stiúradh Sheáin Uí Dhálaigh, an chéad institiúid léinn a chuir staidéar extra mural ar fáil dá hiarscoláirí”. Agus sa dán a scríobh an Dr Pádraig de Brún [q.v.] i gcuimhne (Comhar, Meitheamh 1942) Uí Dhálaigh deir sé:

Dá mbeadh abairt le múnladh,

Nó fadhb in amhrán nó in aoir,

Cé bheireadh chuige an fhoghlaim

Ach máistir Ollscoil Dhún Chaoin?

Phós sé Néaraí Ní Mhurchú ó Ghleann Fán tuairim 1887. Rugadh beirt iníonacha agus seachtar mac dóibh. D’éag sé ar 27 Feabhra 1940 agus cuireadh é i seanreilig Dhún Chaoin ar 29 Feabhra. B’in í an chuimhne a bhí ag Seosamh Ó Dálaigh[q.v.], gurbh ar an lá bisigh a adhlacadh é. Sin é an t-eolas atá le baint as mír nuachta in Scéala Éireann ar 4 Márta 1940 freisin. Ach ar an leacht i seanreilig Dhún Chaoin, tá 14 Feabhra agus de réir taifid an pharóiste fuair sé bás ar 4 Feabhra agus cuireadh é ar 6 Feabhra. Mar bharr ar an ngreann is é 4 Feabhra 1939 a chuir Dr Pádraig de Brún i dteideal a dháin chaointe. Tá breis eolais le fáil in An Baol Dom Tú?: Muintir Chorca Dhuibhne agus an Ghaeilge 1860-1940, 2000 le Micheál Ó Dubhshláine.