Ó DÁLAIGH, Seosamh (1909–1992)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Bhí sé ar dhuine den bheagán bailitheoirí lánaimseartha a chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann ag obair i dtríochaidí an 20ú haois. ‘Tharrtháil sé ó dhíchuimhne na huaighe cuid an-mhór de shibhialtacht shinseartha ár muintire’, a dúirt Éamonn Ó hÓgáin san aitheasc a thug sé ag uaigh Sheosaimh 17 Deireadh Fómhair 1992 (in Feasta, Samhain 1992). Meastar gur líon a shaothar bailithe 60,000 leathanach lámhscríofa, rud ab ionann agus seasca leabhar. Tá cuntas ar a shaol: ag Bo Almqvist in Béaloideas, 1992-93; in Abair Leat Seosamh Ó Dálaigh ag caint le Pádraig Tyers, 1999; ag Micheál Ó Dubhshláine in An Baol Dom Tú? Muintir Chorca Dhuibhne agus an Ghaeilge 1860-1940 (2000). Ba é an seachtú mac é a rugadh i mBaile an Bhiocáire, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, um Nollaig 1909 do Sheán Ó Dálaigh (‘Common Noun’), máistir scoile Dhún Chaoin, agus a bhean Néaraí (nó Nóra) Ní Mhurchú. Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin go 1927, agus chaith bliain ina dhiaidh sin i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré, agus bliain eile in Beaufield (tá cuntas ag Patricia Lysaght ar an scoil ullmhúcháin sin in Western Folklore 57, earrach agus samhradh 1998, iris chumann béaloidis California; is ann a bhí Seán Ó Súilleabháin tamall freisin) i gContae Mhaigh Eo, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge in 1932; b’éigean dó cuid mhór de 1930 a chaitheamh sa bhaile de dheasca breoiteachta. Ní raibh d’fhostaíocht le fáil aige ach poist mar ionadaí anseo is ansiúd ar fud na Mumhan agus i gCiarraí go háirithe: chuirfeadh sé an taisteal sin chun tairbhe ar ball agus é ag bailiú ábhair sna háiteanna sin. Tairgeadh post buan dó i Scoil na mBráithre Críostaí i Sraith an Iarthair, Baile Átha Cliath, ach ag an bpointe sin i 1936 a casadh Séamus Ó Duilearga air agus ceapadh ina bhailitheoir béaloidis é gur thosaigh ar an gceird nua sin 1 Lúnasa 1936. B’fhéidir a rá go raibh sé láncháilithe chun na hoibre ó dhúchas agus ó oiliúint; údar ar stair, ar sheanchas agus ar Ghaeilge ba ea a athair agus bhí meas ar a mháthair mar scéalaí. Deir Almqvist go raibh aige na buanna atá riachtanach do bhailitheoir an bhéaloidis, cúirtéis agus cumas éisteachta. Rud eile ar chabhair é an dúil a bhí aige sa teanga; d’fhiafraigh Tyers de cén rian a d’fhág a shaol mar bhailitheoir air agus d’fhreagair sé: ‘Dh’fhoghlaimíos mórán Gaeilge cé gur cheart go mbeadh sí go léir agam agus níl sí go léir fós agam agus táim ag foghlaim fós.’

An chéad tasc a tugadh dó na scéalta a bhí taifeadta ag an Duileargach le héideafón a scríobh amach. D’ordaigh an scoláire sin dó gach blúire seanchais a bhí ag Peig Sayers a bhailiú. Deir Almqvist: ‘Is é an sméar mhullaigh ar fad an t-ábhar a bhailigh Joe ó Pheig. Is air ar dtús a thit an crann saol pinn agus páir a thabhairt don chnuasach mór scéalta agus amhrán a bhí taifeadta ar an éideafón ag Robin Flower ón sárscéalaí mná sin. Mura mbeadh Joe, is deimhin go mbeadh an stóras mór sin imithe ar feo go brách.’ Nuair a d’fhiafraigh Tyers de cérbh é an scéalaí ab fhearr nó an té ba mhó béaloideas a casadh air d’fhreagair sé: ‘Caithfidh mé a rá gurb í Peig Sayers an duine sin. Bhailíos a lán Éireann scéalta uaithi, agus eachtraithe agus amhráin. Agus bhailíos, b’fhéidir ... idir trí chéad agus ceithre chéad píosa seanchais ó Pheig Sayers go raibh teideal orthu.’ Thaistil sé cuid mhaith den Mhumhain. I mBéarla a bhí ar bhreac sé i dTiobraid Árann Thuaidh, sa Teampall Uachtarach agus i gCill Chuimín go háirithe, in 1940. ‘Ba bhreá liom bheith ann, dúthaigh poitín, dúthaigh cnoc agus dúthaigh chomh fial, is dócha, agus a gheofá. Gach aon chontae gur chuas bhí na daoine an-fhial ach mharóidís le féile i dTiobraid Árann tú’ (Abair Leat). Sna Déise bhí sé ar lóistín i gColáiste na Rinne agus thaifid ábhar ó Mhicheál Turraoin (Maidhc Dhá) agus a dheartháir Dixon. In éineacht le Kevin Danaher thaifead sé ábhar i nGaeilge i gceantair Thuar an Fhíona agus Charraig na Siúire d’fhonn teacht ar fhuaimeanna na teanga iontu. Tá cuntais ar a thamall sa Rinn ag Máirtín Verling in An Linn Bhuí 3, 1999 agus in uimhir a 6 (2002) den iris sin.

Thiteadh sé air ábhar i nGaeilge a bhailiú in áiteanna ar bheag den teanga a bhí fanta iontu, Brosnach i gCiarraí agus baill aistreánacha in iarthar Chorcaí. Bhain cruatan leis an obair: bheadh air an t-éideafón trom a iompar go teach ar bharr cnoic nuair nárbh fhéidir carr a thabhairt ann; ar rothar ab éigean dó taisteal i rith chogadh 1939-45; san oíche ba mhinice é ag obair agus gan de sholas aige ach an tine, b’fhéidir. Dúirt sé le Tyers: ‘Ní raibh aon tsaoire ann. Ní raibh aon stad ann ach seacht lá na seachtaine, agus déarfainn ceithre huaire fichead. Obair lánaimseartha ab ea í agus bí siúrálta go raibh sí lánaimseartha mar nuair ná bímís amuigh ag bailiú bhímís ag scríobh istigh ... Ní gheibhimís aon chúiteamh as an Satharn ná as an Domhnach, is ní bhfuaireamar riamh.’

D’éirigh sé as an mbailiú lánaimseartha 4 Samhain 1951. Bhí sé pósta ar Pheig Ní Chonchubhair ón gCeathrúin agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu; ní raibh pinsean le fáil ag na bailitheoirí san am sin agus is amhlaidh a d’fhill sé ar an múinteoireacht, i Lios Bhearnáin i dTiobraid Árann (1951-52) agus ansin i mBaile na hEaglaise láimh leis an bhFianait i gCiarraí (1952-63 agus 1964-75). Athrú an-mhór ba ea é don té nach raibh aon taithí aige ar a bheith ag fanacht in áit amháin. ‘Is mó d’fhonn a bhí orm bheith ag insint scéalta do na páistí ná bheith á múineadh’ (Abair Leat).

Bhí liosta focal agus cabhair eile tugtha aige d’fhoireann English-Irish Dictionary (1959) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe agus bhí sé tamall de 1963-64 ar fhoireann an Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) mar Eagarthóir Cúnta ag Niall Ó Dónaill. Faoi 1975 bhí sé imithe amach ar pinsean agus ina chónaí arís i nDún Chaoin. Bhí 10,000 leagan tugtha aige do Chartlann na gCanúintí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ina aitheasc luaigh Éamonn Ó hÓgáin, foclóirí, gur chabhraigh sé leis féin ar feadh na mblianta fada ina chuid iarrachtaí chun focail agus a mbríonna i gCorca Dhuibhne a bhailiú agus a dheimhniú; bhí cabhair tugtha aige breis is caoga bliain roimhe sin do Phádraig Ó Siochfhradha agus Triocha-chéad Chorca Dhuibhne ... (1939), leabhar ar logainmneacha agus ar ainmneacha, á scríobh aige. Bhí ‘Cúinne Joe’ aige go rialta ar Raidió na Gaeltachta. ‘Fairis sin, bhí sé de shíor ag cur comhairle ar mhic léinn ó institiúidí ard-oideachais in Éirinn agus thar lear. Nuair a d’eagraigh Roinn Bhéaloideas Éireann scéim fístaifeadta, bhí Joe chun tosaigh ann, agus dar liom ná faighfear sárú an agallaimh a chuir sé lena linn sin ar Shéamas Ó Cíobháin ó Ghleann Loic’ (Almqvist). Bhronn Ollscoil na hÉireann céim dochtúra sa dlí honoris causa air i dTeach Eathach i mBaile Átha Cliath 13 Márta 1986. D’éag sé 15 Deireadh Fómhair 1992.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú