Aistritheoir, foclóirí, eagarthóir. I nDeilginis, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é 4 Nollaig 1921. B’as an mbaile sin dá mháthair, Mary Jane Brien, agus b’as an bhFiacail, Co. an Chláir, dá athair, Proinsias Ó Dúgáin, múinteoir náisiúnta. Cúigear clainne a bhí ag an lánúin, beirt chailíní agus triúr buachaillí. Cuireadh idir bhunoideachas agus mheánoideachas ar Shéamus i scoileanna na mBráithre Críostaí in Ascaill Eblana, Dún Laoghaire. Óg ina shaol a thosaigh an spéis sa léitheoireacht agus sa litríocht aige. Maidir leis an nGaeilge, b’fhéidir a rá go raibh Gaeilge le clos an uair sin i nDún Laoghaire agus i nDeilginis; bhí Tomás Tóibín, file, ag múineadh i gceardscoil an bhaile mhóir agus príomhoide i nDeilginis ba ea Diarmuid Ó hAlmhain. Níor dhíograiseoir creidimh gach duine a thaithíodh an chraobh den Réalt i nDún Laoghaire, agus i measc an chomhluadair ag Séamus ann bhí Nioclás Tóibín agus Seán Ó Ciarghusa agus scríbhneoirí óga mar Ghearailt Mac Eoin agus Lorcán Ó Treasaigh. Thaithigh Séamus club Ghasra an Fháinne san am sin chomh maith. Tréimhse foráis agus dóchais i stair na hathbheochana ba ea na 1940idí agus tús na 1950idí. Ach níorbh aon fhear mór coistíochta, eagraíochta ná bolscaireachta é Séamus ach fear óg a bhí faoi dhraíocht ag an teanga Ghaeilge go háirithe, agus ag an Spáinnis agus ag Béarla ghnáthmhuintir na hÉireann. D’fhoilsigh Comhar dánta le Lorca agus Jiménez a d’aistrigh sé ón Spáinnis. Tá péire dá aistriúcháin roghnaithe ag Séamas Ó Céileachair in Nuafhilí 3, 1979. D’aistrigh sé dánta ón Laidin freisin.

Chuaigh sé sa státseirbhís i ndiaidh dó an scoil a fhágáil agus bhí ar dtús sa Roinn Airgeadais agus ar feadh tamaill fhada ansin sa Roinn Rialtais Áitiúil i dTeach an Chustaim. I 1957, ar neamhchead don eaglais, d’fhreastail sé ar chúrsa Teastas i Léann na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Máirtín Ó Cadhain is minice a thugadh léacht i rith an dá bhliain den chúrsa sin ach thugadh David Greene agus Seán Beaumont léachtaí uair sa tseachtain freisin. Tairbhe mhór a bhain leis an dianfhoghlaim go dtéadh an Cadhnach ag ól i ndiaidh léachtaí go minic leis na mic léinn seo, ar dhaoine sna fichidí agus na tríochaidí a bhformhór.

Sciorta eile den ádh a bhí ar Shéamus gur cuireadh tús i 1959 leis an tionscnamh fíorthábhachtach úd de chuid na Roinne Oideachais, an Foclóir Gaeilge-Béarla. Bhí Séamus ar an mbeagán státseirbhíseach a earcaíodh chun bheith páirteach san fhiontar sin, mar aon le cuid de na scríbhneoirí, scoláirí agus cainteoirí dúchais ba mhó eolas ar an teanga, leithéidí Néill Uí Dhónaill, Thomáis de Bhaldraithe, Shéamuis Uí Ghrianna, Annraoi Uí Liatháin, Sheosaimh Uí Dhálaigh agus Phádraig Uí Mhaoileoin, gan ach na mairbh a lua. Cúrsa foghlama ag gach duine acu ba ea an obair sin agus is obair í a d’oir go seoigh do mheon ealaíonta Shéamuis.

Faoin am a foilsíodh an foclóir (1978) bhí Séamus ina Eagarthóir sa Ghúm. Bíonn cruinneas agus caighdeán i gceist go mór san fhoilsitheoireacht agus bhí spéis ar leith aige in ealaíona na péintéireachta agus an deartha, agus ba mhian leis go háirithe dea-chuma a bheith ar aon leabhar a d’fhoilseodh an Gúm. Chuaigh sé ar scor i 1984. Péire dá aistriúcháin is ea Leabhar Cheanannais (1983), arbh é an tArdeaspag Simms (1910-91) a scríobh an bunleabhar, agus Gairdín an Fhathaigh (1983), leagan Gaeilge den scéal cáiliúil The Selfish Giant a scríobh Oscar Wilde i gcomhair leanaí, obair dhúshlánach nuair is ag Simms is mó a bhí eolas údarásach ar an tseoid úd is Leabhar Cheanannais ann agus nuair is í a stíl liteartha bua mór Wilde. Mhaisigh Séamus roinnt leabhar freisin don fhoilsitheoir Coiscéim agus d’fhoilsitheoirí eile.

Ba iad na caithimh aimsire ba ansa le Séamus an cúpla pionta lena sheanchairde sa Druid’s Chair i gCill Iníon Léinín, an chnocadóireacht, an fhicheall, an snámh, agus an tumadóireacht. Mar bhall de chumann snámha Dheilginse ina óige bhuaigh sé Corn Pringle trí bliana as a chéile, rud a d’fhág buanseilbh ar an gcorn aige. Bhí sé pósta ar Mháire Nic Mhaoláin, scoláire, foclóirí agus aistritheoir, agus bhí beirt iníonacha acu, Eithne agus Fionnuala. D’éag Séamus 20 Eanáir 2004 agus cuireadh i Seangánach é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú