Sa Bhaile Thíos, Mionloch, Gaillimh, a rugadh an scéalaí seo. Is é atá ó thosach deireadh in Béaloideas Iml. XXIV 1955 (1957) seanchas a thóg Tomás Ó Broin síos uaidh, mar aon le cuntas ar a shaol agus ar Mhionloch. Saor báid ba ea a athair Donncha agus ba é Risteard an duine ab óige de dheichniúr. Chuaigh siad uile ar imirce ach amháin Risteard féin agus deirfiúr leis. Bhí sé ar scoil i gCúl-Loch ar dtús sular aistrigh sé go dtí Scoil Mhionlaigh. Trí Bhéarla a bhíodh an teagasc ar fad. Deir Tomás Ó Broin gur fhan Risteard dall ar an teanga sin ar feadh a shaoil. B’éigean dó an scoil a fhágáil chun cunamh a thabhairt dá athair nuair a bhí an chuid eile den chlann bailithe leo thar lear.

Bhí fonn air dul le ceird an athar ach is cosúil gurbh éigean dó glacadh le cibé obair a bhí le fáil láithreach. Leis an láí a thuilleadh sé a bheatha, é ag saothrú na talún nó mar oibrí coitianta sna scéimeanna móra tógála ar nós an duga nua i nGaillimh nó na heaglaise Doiminicí, nó ag obair sa choiléar marmair in aice le Mionloch.

Nuair a bhí tuairim daichead bliain d’aois aige phós sé Cáit Ní Fhathaigh. Bhí teach aicisean agus bhí Risteard i gcás idir dhá chomhairle ar cheart dó aistriú. Ní raibh an saol ag éirí leis. Ansin léigh fear siúil ón Spidéal an Mharthain Phádraig dó agus chomhairligh dó aistriú. Shíl Risteard nárbh aon droch-imirce é. ‘Thosaigh sé ag fairsingiú sa talamh, agus ag neartú bonn ar bhonn go dtí sa deireadh go raibh sé ina fheilméara láidir’, deir Tomás Ó Broin.

Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige. Fuair a bhean bás 1927. D’éag Risteard féin 4 Márta 1947.

Ó bhí sé seacht mbliana d’aois bhíodh sé ag dul isteach i dtithe tórraimh ag éisteacht leis na seandaoine. Seo é an cur síos a rinne Tomás Ó Broin ar a cuid scéalaíochta is amhránaíochta: ‘An litríocht a bhí ar a bhéal ag Risteard d’éirigh sí fite lena shaol agus lena phearsantacht fhéin. Dá bhrí sin, nuair a chuir sé scéal nó amhrán as, bhí cuid dá chroí is dá anam fhéin ann, agus ní raibh dada den choimhthíos ná den chur i gcéill ina chuid aithriseoireachta. Bhí sé ag cur síos ar dhráma a bhí á chruthú ina intinn fhéin. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá ar chan sé an t-amhrán, “Liam Ó Raghallaigh”. Séard atá ann caoineadh ar fhear a bádh ar Loch Coirib. In áit a aghaidh a thabhairt ormsa, d’iompaigh sé isteach sa gclúid rud beag mar dá mbeadh sé ag breathnú ar rud nach bhfaca mise chor ar bith. Ar éigean a chuala mé na focla, ach greamaíodh ar an láthair mé leis an olagán cráite ceolmhar a rinne sé, agus an chuma bhrónach a bhí air. Nuair a d’iompaigh sé arís orm, is cuimhin liom go ndearna mé ionadh nach bhfaca mé deora lena shúile’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú