Tá cuntas ar an amhránaí agus an rinceoir seo: ag Lillis Ó Laoire in Ar chreag i lár na farraige; amhráin agus amhránaithe i dToraigh, 2002; ag Diarmuid Ó Péicín agus Liam Ó Murchú in Islanders: the true story of one man’s fight to save a way of life, 1997. Mac ba ea é le John Shéamais John Ó Dúgáin agus Mary Bhilí Ghráinne. Bhí sé pósta ar Gráinne Phádraig Phaidí Uí Dhúgáin, ‘bean a bhfuil eolas maith aicí féin ar na hamhráin, mar is dual muintire di’ (Ó Laoire). Seachas cúpla tréimhse in Albain sna 1950dí, is ar an oileán a chaith sé a shaol. Chabhraigh sé go mór le Diarmuid Ó Péicín nuair a bhí an sagart sin ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí an oileáin. Bhuaigh sé an chéad duais i gcomórtas amhránaíochta na bhfear ag Oireachtas 1981. Is ar mhaithe le forbairt an oileáin a thoiligh sé páirt a ghlacadh sa chomórtas. Bhí stór maith amhrán ag Jimí, dar le Lillis Ó Laoire, agus stíl ar leith amhránaíochta aige. ‘Is é Jimí is mó a dhéanas an Maidrín Rua, meascán den amhránaíocht, den cheol agus den damhsa, a ndeirtear faoi gurbh é Séamas Mac a’ Bhaird a chum é .... Sa láithriú a níos Jimí ar an Mhaidrín Rua, nochtann sé an acmhainn iontach ghrinn atá ann, agus a chumas gáire a bhaint as daoine ...’. Deir Ó Laoire freisin: ‘Tá Jimí ar dhuine de “mháistrí na húire” chomh mhaith, na fir is sine de chlainn Uí Dhúgáin ar an oileán a bhfuil cead acu an úir bheannaithe a thógáil nuair a iarrtar orthu í de gheall ar Dhia.’ Bhí baint aige le Cumann Drámaíochta Thoraigh; bhuaigh siad an chéad duais ag féile drámaíochta 1981 in Amharclann Ghaoth Dobhair. D’éag sé 9 Bealtaine 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú