Mar ‘Enyes O Dalye, of Palees’ (1598) agus mar ‘Enos O Dalie’ of ‘Pallice’ (1601) a luadh é i gcáipéisí stáit (‘Irish Poets, Historians, and Judges in English Documents, 1538–1615’ le Tomás Ó Rathile in Proceedings of the Royal Irish Academy XXXVI, C, 1922). I dtuaisceart Loch Garman atá an Phailís. Seo é an file a chum an dán ‘Dia libh, a laochruidh Gaoidhiol!’ (in eagar ag Seán Mac Airt in Leabhar Branach: the Book of the O’Byrnes, 1944), atá ar an dán Gaeilge den 16ú haois is mó a chuaigh i gcion ar ghlúnta de náisiúnaithe na hÉireann. In Catalogue of Irish MSS, in the British Museum, Iml. I, 1926 is é a thug Standish Hayes O’Grady air ‘Poem of incitement addressed to the Irish in general, but in particular to the O’Byrnes-Ranallach’. Chuir James Hardiman i gcló é in Irish Minstrelsy. D’aistrigh Samuel Ferguson é faoin teideal ‘God be with the Irish Host’. Faoin gceannteideal ‘God assist you. Heroes of Irishmen’ chuir Mac Tíre (Seosamh Laoide) i gcló é in Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1899 agus níorbh fholáir leis a rá faoin bhfile: ‘He appears to be animated by hope and trust in God, and by deep love of his own country and nation. If he were to come to life again and meet the present Anglicised descendants of the sturdy warriors of Ballinacor, what would he think? To use his own words, do cuirfidhe a mheanma i míneart.... Most of this poem could be applied to the present time.’ Tá sé ag Tomás Ó Flannghaile in Seacht Sárdhánta Gaedhilge, 1908 agus ag Pádraig Mac Piarais tá sé ar cheann de na 14 dánta in Songs of the Irish Rebels, 1918. Pléann Marc Caball é i gcomhthéacs pholaitíocht na haimsire inar chum Ó Dálaigh é in Poets and Politics..., 1998. Tá cúig cinn eile de na dánta a chum sé do Bhranaigh in Leabhar Branach. In Éigse, geimhreadh 1942 (‘A Poem for Felim O’Toole’) tá an dán ‘Ná diúlt mh’ionmhuine, a Fhéilim’ in eagar ag Éamonn Ó Tuathail.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú