Seo é an file a chum an t-amhrán ‘Eibhlín a rún’. In Nua-Dhuanaire I, 1971 deir na heagarthóirí: ‘Tá mórchuid filíochta curtha ina leith i lámhscríbhinní, ach is deacair a dhéanamh amach cé mhéid di a chum sé dáiríre.’ Gheofar cuntais air in An File: staidéar ar osnádúrthacht na filíochta sa traidisiún Gaelach , 1982 le Dáithí Ó hÓgáin, in Cearbhall Ó Dálaigh: An Irish poet in Romance and Oral Tradition, 1990 le James Doan mar a bpléitear traidisiúin a bhaineann le comhainmneacha an fhile. Tá cuntas ag Tomás Ó Rathile in Proceedings of the Royal Irish Academy Section C, 1922 (‘Irish poets, historians and judges in English documents, 1538–1615’). Tá eolas ar an amhrán ag R.A. Breatnach in Éigse, fómhar 1940 (‘The earliest version of Eibhlín a rúin’). Is in Walker’s Historical Memoirs of the Irish Bards, 1786 le Joseph Cooper Walker is túisce a bhí scéal an amhráin i gcló faoi mar a d’inis Cormac Common don údar é.

Tugadh pardúin do ‘Carrol O Dale’, an Phailís, Co. Loch Garman, 14 Samhain 1597 agus do Carroyle boye O Dalie, Loch Garman, 15 Bealtaine 1601 agus thuairimigh Ó Rathile gurb é seo, nó a mhac, file an amhráin úd. Luann sé dán, ‘Do mhúsgail mé d’éis luighe araoir go sámh’ a scríobh Cearbhall Ó Dálaigh d’Eileanóir, iníon le Sir Murchadh Caomhánach. Tá an Phailís tuairim ocht mile soir ó thuaidh ó Ghuaire. De réir an bhéaloidis d’éalaigh Cearbhall le Eileanóir an lá a bhí ceaptha di fear eile a phósadh agus gur leis an amhrán a mheall sé í. Is timpeall chaisleáin na gCaomhánach a insitear an scéal, ceann díobh i bPoll an Mhóintigh, Co. Loch Garman, cúig mhíle go leith soir ó thuaidh ó Ros Mhic Thriúin ar bhruach na Bearú, agus an caisleán eile i gCluain Muilinn, Co. Cheatharlach. Ghlac Sir Murchadh páirt in Éirí Amach 1641 agus maraíodh é i 1643 in aice le Ros Mhic Thriúin. I 1630 scríobh Padraigín Haicéad dán do Chearbhall Ó Dálaigh áirithe, arbh fhile agus ceoltóir é, agus scríobh Cearbhall Óg Ó Dálaigh freagra (í gcló ag Tadhg Ó Donnchadha in Saothar filidheachta an Athar Pádraigín hAicéad..., 1916.) Tá dán gairid dar céadline ‘Fada ar gcomhthrom ó chéile’ i gcló ag an Rathileach in Dánta Grádha, 1926 gan aon ainm aige leis, ach bhí scríofa aige i 1922: ‘A short poem beginning “Fada ar gcomhthrom ó chéile” is in at least one MS. entitled “a little love-lay addressed by Cearbhall Ó Dála to his lady-love Eleanor Cavanagh”.’ Deir an Rathileach: ‘There can be little doubt that the Cearbhall Ó Dálaigh who was in love with Sir Morgan Kavanagh’s daughter and who is traditionally said to have eloped with her, was either the Cearbhall (Buidhe) whom we find pardoned in 1597 and 1601 or [more probably] a son of his, Cearbhall Óg.’ Deir Ó hÓgáin: ‘I gCo. Loch Garman sa 17ú céad a mhair Eilíonóir  Chaomhánach, agus níl amhras ach gurb é an file Cearbhall Óg Ó Dálaigh a mhair i bPailís sa chontae sin atá i gceist sa scéal faoin éalú léi.’ Deir Seán Ó Tuama inAn Grá in Amhráin na nDaoine, 1960: ‘Más é Cearbhall Ó Dálaigh a cheap an t-amhrán sin [‘Eibhlín a rún’] – is ní dócha gur chóir a bheith in amhras ina thaobh ón uair go gcuireann ls. den dáta 1679 ina leith é – is deacair a chreidiúint, dar liom, gurb é a chum aon cheann de na gnáthleaganacha d’Eibhlín a Rún. Ba dhealraithí ar fad gurb é an leagan léannta (Laidineach) ‘Muimhneach’ a chumfadh sé, a bunaíodh, a déarfá, ar an seanamhrán simpli.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú