“B’é an chéad duine é a léirigh conas staidéar ealaíonta a dhéanamh ar fhoghraíocht na Gaeilge”, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin in aiste i dtaobh Choláiste na Mumhan (Feasta, mí Iúil 1954).

I Lower Indigo, Barnawatha, Victoria, an Astráil, a rugadh é ar 18 Samhain 1865 de réir chlár na mbaistí i Chiltern, Victoria. Patrick Daly agus Eleanor O’Leary a thuismitheoirí. Cainteoirí dúchais ó cheantar Dhúrois in iarthar Chorcaí iad, más fíor do chuntas in The Cork Examiner i ndiaidh bhás Risteaird. B’fhéidir gurbh in Éirinn a pósadh iad. Faoin am ar rugadh Risteard bhí feirm 50 acra ag Patrick Daly in Frying Pan Creek. Níor leor an méid sin talún chun muirín a thógáil agus ní foláir nó bhíodh sé ag obair d’fheirmeoirí eile nó go mbíodh sé ag tochailt don ór sna mianaigh sa cheantar. Fuair sé bás ar 24 Nollaig 1905 in aois 71 dó agus fuair a bhean bás ar 6 Bealtaine 1924 agus í 79 bliana. Ceathrar cailíní agus ceathrar nó cúigear buachaillí a bhí sa chlann. B’fhéidir gurbh in Éirinn a rugadh an duine ba shine, James (d’éag 15 Iúil 1949 in aois 85 dó), mar níl aon tuairisc ar a theastas baiste i Chiltern. Bhí buachaill eile díobh, Francis, beo go dtí 2 Márta 1953. Bhain deartháir eile, John, cáil náisiúnta amach faoin ainm ‘Professor Kemp’ mar mharcach rodeo. Cheangail beirt de na deirfiúracha le Siúracha na Trócaire.

Fuair Risteard oideachas i meánscoil na deoise, Coláiste Naomh Pádraig, Goulburn, New South Wales. Chaith sé tamall ag obair i dteach gnó i mbaile Albury (N.S.W.) sular chuir an tEaspag Ó Lanagáin chun Coláiste an Phropaganda sa Róimh é. Ann a oirníodh ina shagart é ar 30 Samhain 1892 de réir cuntais iarbháis in oifig Choiste Stair Dheoise Canberra agus Goulburn. Tá beagán amhrais i dtaobh an dáta sin agus tá tuairim gur in 1894 a oirníodh é. Meastar gurbh é an chéad duine riamh é dár rugadh san Astráil a oirníodh do dheoise Goulburn.

Ba léir go raibh spéis mhór aige i dteangacha. Dúradh an méid seo a leanas san Irish Peasant (1 Meán Fómhair 1906): “When a boy on the banks of the Murray, the future Irish headmaster already spoke three languages like a native viz. English, French and German. He next had the good fortune to spend some years at Saint Patrick’s College, Goulburn, under the erudite classical and modern linguistic tuition of its present bishop, then President of that college, and one of the best classical scholars in the Southern Hemisphere”. An tEaspag Ó Gallchóir a bhí i gceist. Deirtear san aiste seo gur fhreastail Risteard ansin ar Ollscoil Sydney agus gur bhuaigh sé boinn ann ar Laidin, Gréigis, Béarla, Fraincis, agus Gearmáinis ach ní dócha go raibh sé riamh san Ollscoil sin, dar le Brian Maher P.P., staraí na Deoise.

Diagacht agus fealsúnacht a bhí ar siúl aige sa Róimh ach arís luaitear gur bhuaigh sé boinn ar Eabhrais agus ar Arabais. Ní fhéadfadh sé stopadh ach ag foghlaim teangacha. Luaitear Gréigis na haimsire seo agus Sínis mar shamplaí. Ghnóthaigh sé dochtúireachtaí sa bhfealsúnacht agus sa diagacht.

Dar le Brian Maher go bhfuair sé post múinteora i gColáiste Phádraig nuair a d’fhill sé ón Róimh agus ina dhiaidh sin go raibh poist aige i bparóistí Goulburn, Yass agus Balldale. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 13 Eanáir 1906 gur ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i gcomharbacht ar Eoin Mac Néill. Deirtear ar 27 Eanáir gur shroich sé Baile Átha Cliath le dul i mbun a dhualgas nua. Coláiste Phádraig, Droim Conrach, an seoladh a bhí aige nuair a thug sé síntiús don bhailiúchan náisiúnta. Bhí drochshláinte air agus chuaigh sé chun na Róimhe. D’fhill sé abhaile um Meitheamh agus bhí baint aige le Coláiste Laighean ón uair a osclaíodh é 15 Deireadh Fómhair 1906. Fógraíodh 1907 é a bheith ina Leas-Phríomhoide agus ina Ollamh le Foghraíocht. I dtreoirleabhar Caitliceach na deoise don tréimhse 1902–11, tá sé liostaithe mar shagart ar saoire. Dar le tuairiscí an Irish Peasant agus an Cork Examiner gur ar mhaithe lena shláinte ab éigean dó an Astráil a fhágáil. Deir an Examiner go bhfuair sé post séiplínigh i Londain le clann a bhí an-mhaith as sa saol.

Chuir sé spéis sa Ghaeilge den chéad uair, más fíor don Irish Peasant, nuair a chuala sé Tomás Ó Domhnaill ag óráidíocht i nGaeilge Lá Le Pádraig 1902. Cheangail sé le craobh den Chonradh. Cormac Ua Conaill, úrscéal le Pádraig Ó Duinnín a foilsíodh an bhliain roimhe sin, a bhí á léamh sa rang. Deir tuairisc an Irish Peasant ansin: “While some who began with him were still stumbling at the threshold, Dr O’Daly had gone into the rich house and through the halls and rooms of this marvellous Irish speech and came out again without delay, speaking, lecturing and preaching in Irish as though he had spoken the language from the cradle”.

Fuair sé post an ardmháistir i gColáiste na Mumhan i 1905 mar is léir ón tagairt atá in Irisleabhar na Gaedhilge Lúnasa 1905: “Tá an tAthair Risteard Ó Dálaigh, Uachtarán Choláiste na Mumhan, ag cur amach leabhair ar fhuaimeannaibh na teangan Gaeilge” (l. 859). Bhí an fógra seo ag an gColáiste sa Leader ar 4 Lúnasa 1906: “Tá riarú na hoibre faoin nDochtúir ró-oirmhinneach Ó Dálaigh – an t-ughdar léannta ar fhuaimeanna teangacha – an rí-scoláire a chuireann oiread san brí agus crot oibre ar a cheachta ar fhuaimeannaí Teanga na Gaedhilge go dtagann na mic léinn céanna thar n-ais chuige fé dhó agus fé thrí agus ná beidís cortha go bráth de bheith ag éisteacht leis”. Cibé duine a scríobh an fógra is é an t-ainm “Risteárd Ua Dálaigh, Headmaster” atá leis!

Dar le hAindrias Ó Muimhneacháin gur lean sé sa phost gach samhradh go dtí 1917. Deir Aindrias freisin: “I nGabhgán Barra mar a raibh rang Gaeilge le dhá shamhradh roimhe sin ag an Athair Risteard Ó Dálaigh a mheasadar an Coláiste a bhunú ar dtúis”. Ba é Lámhbheartach Mac Cionnaith a bhí ina uachtarán ar Choláiste na Mumhan i 1911 nuair a bhí Risteard san Astráil. Ar éigean má luaitear an Dálach in An Claidheamh Soluis go dtí go raibh sé i láthair nuair a leag an tAthair Peadar Ó Laoghaire cloch bhoinn fhoirgneamh Choláiste na Mumhan 19 Aibreán 1914. Is cosúil gurbh é Risteard ba mhó a bhailigh airgead chun an foirgneamh nua a chur suas. Scríobh Domhnall Ó Laoghaire, Inse Geimhleach, amhrán i dtaobh Choláiste na Mumhan, agus tá an cheathrú seo ann: ‘Tá Coláiste Gaelach i mBéal Átha an Ghaorthaidh/ Agus sagart naofa dá múineadh/ Bráthair gaolmhar le Máire Ní Laoghaire/ B’í bláth is craobh na n-údar í’. Tá an t-amhrán sin i gcló in Béal Átha an Ghaorthaidh, 1922 leis an Athair Donnchadh Ó Donnchadha, an té a chuir eagar ar fhilíocht Mháire Bhuí. Tá nóta gairid aige i dtaobh an amhráin: ‘Tá gaol ag an Dochtúir Ó Dálaigh leis an mbanfhile’. Bhí sé cairdiúil go háirithe leis an Athair Éamonn Mac Gearailt, sagart cúnta i bparóiste Uíbh Laoghaire. Ba é ba mhó a ghríosaigh é chun leanúint den staidéar ar fhoghraíocht na Gaeilge, dar le J. C. Walsh in Farranferris: the heritage of Finbarr (1981). Bhí post aige i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath i rith na tréimhse sin. Thug sé cuairt abhaile i 1910/11. Dar le Brian Maher go raibh lua air san Albury News ar 22 Samhain 1910 agus arís ar 25 Márta 1911. Sa chéad mhír luaitear go ndeachaigh sé as a mheabhair (“deranged”) in Eaglais Naomh Peadar sa Róimh agus gur de dheasca dianstaidéir é. Deir an tAthair Ó Meachair go mbraitheann sé ar an tuairisc sin leide den fhrith-Chaitliceachas a bhí coitianta san Astráil san am sin. Is é atá sa dara mír cuntas ar sheanmóin bhreá a thug sé i Chiltern, Victoria. Deirtear freisin ann go raibh biseach ag teacht air.

In Éirinn tuairim an ama seo bhí sé i bpáirtíocht le Shán Ó Cuív, Tomás Ó Rathile, agus an Aimhirgíneach in obair an Chumainn Um Litiriú Shímplí. I 1910, foilsíodh An cónggar: Irish simplified Part 1 a d’ullmhaigh sé i bpáirtíocht le Shán Ó Cuív agus an Aimhirgíneach.

Luann an tuairisc san Cork Examiner go raibh sé ina ollamh le Rúisis i gColáiste Ollscoile Chorcaí tamall. Deir an tAthair Gearóid Ó Nualláin an rud céanna in Beatha dhuine a thoil. Níl a leithéid de chathaoir ann anois agus ní luaitear é in aon cheann d’fhéilirí an choláiste. Is é is dóichí go raibh sé fostaithe ann go páirtaimseartha chun an Rúisis a theagasc. Bhí sé ag teagasc Gaeilge i gColáiste Fhearann Phiarais ó 1915 go 1920. Níl dada ina thaobh i gcáipéisí an choláiste agus dhealródh sé nach post buan a bhí aige.

Dar leis an Cork Examiner gur staidéar ar Eabhrais agus ar an Tiomna Nua ba obair dá laethanta deiridh. Agus deirtear ann go bhfuair sé bás i dteach an Déin Sexton, sagart paróiste Naomh Pádraig i gCorcaigh. Bhí Sexton ina Uachtarán ar Choláiste Fhearann Phiarais ó 1907 go 1923.

Deir Gearóid Ó Nualláin go ndeachaigh Ó Dálaigh chun cónaithe i lóistín sa chathair tar éis dó éirí as an bpost i bhFearann Phiarais. “Ba ghearr ina dhiaidh san go dtáinig lagachar sláinte air agus bhí fhios aige – ar nós na gcéadta naomh eile – go raibh an bás ag druidim leis. Ba mhian leis le tamall gur i bhfochair Siúracha na Carthanachta a thiocfadh an bás air. Tráthnóna áirithe d’fhág sé a lóistín agus b’shiúd fé dhéin an Ospidéil sin é. Bhí an geata sroiste aige agus thit sé ar an dtalamh i riochtaí a bháis”. D’éag sé ar 23 Deireadh Fómhar 1930. Diabaetas a bhí air, dar leis an Nuallánach.

Bhí sé cairdiúil ina óige leis an Athair Hartigan (“John O’Brien”) agus sa bheathaisnéis a scríobh Frank Mecham (John O’Brien and the Boree Log, 1981) tá an cur síos seo ar an Dálach: “An erratic genius, so brilliant that he was teaching the Gaels of Ireland their Gaelic and discovering links with their tongue and the Basques of Spain; he was something of an escapologist and some of the most delightful of ‘John O’Brien’s’ stories were about this picturesque character”.

Bhí litir i gcló ag Frank Mecham in Footprints (iris staire na heaglaise Caitlicí san Astráil) i Márta 1979. “The boy from Barnawatha was shy and modest with dark hair and clear blue eyes. Dr Johnny Gallagher, a genius, taught a genius at Goulburn St Patrick’s College. Both Joseph Dwyer (later Bishop of Wagga Wagga) and Daly set out for Rome to study at Propaganda. Daly secured medals for most of the foreign languages. Later it would be said of him in Rome that he was the equal of the greatest linguist in the world, Cardinal Mezzofanti. After leaving Propaganda he apparently taught at the Cork University. He returned once to the diocese of Goulburn and was given priestly work at Henty and Lockhart. At the time of his death he was living with Mgr Sexton in Cork ... Like many geniuses he lacked a note of music. ‘Are they playing God save the King?’, he once asked, to which came the reply ‘What kind of an Irishman are you – they’re playing St Patrick’s Day!”

Ba é an tAthair Gearóid Ó Nualláin, Ollamh na Gaeilge i Maigh Nuad, a tháinig i gcomharbacht air i gColáiste na Mumhan agus dúirt sé an méid seo ina thaobh: “Fear fé leith riamh ab ea an Dochtúir Ó Dálaigh ... Admhaím go raibh saghas eagla orm roimis ar dtúis bhí sé chomh húdarásach sin ina thuairimí. Bhí taighde cruinn beacht déanta aige ar fhoghraíocht na Gaoluinne agus muna mbeadh é ar éigean a bheadh puinn trácht ar an bhfoghraíocht i gcoláistí na Gaoluinne inniu ... Ach ní den choitiantacht don Dochtúir Ó Dálaigh. Fear ana-dhíograisiúil ab ea é. Naomh ab ea é. Ach ina dhiaidh sin ní dóigh liom gur bhuail riamh umam duine a bhí chomh huaibhreach ag maíomh as a raibh de theangacha ar a thoil aige – ach níor mhaíomh ar fad é agus ar Dhia na Glóire a bhí a bhuíochas air ... Fear bocht a bhí ann riamh ach thugadh sé a mbíodh aige don té a bhíodh ina ghátar”.

I 1905, d’fhoilsigh an Eagle Printing Works i gCorcaighHow to speak Irish le Rev. Richard Daly agus foilsíodh paimfléad leis Phoneology or the science of phonetics i 1910.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú