Deirtear in DIB gurbh ar 18 Samhain 1886 a rugadh Philippa Marie Eleanor Knott. Ach in Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm Cille xxxv 2005, tá aiste chuimsitheach uirthi ag an Dr Eoin Mac Cárthaigh agus deir seisean gur rugadh í ar 18 Samhain 1887 de réir thaifead an bhaiste; ach oiread linn féin níor éirigh leis taifead beireatais a aimsiú. De réir Daonáireamh 1911 b’iníon í le John Freeman Knott, máinlia agus dochtúir, agus go raibh sí 24 bliana d’aois ar a breithlá deireanach. Ag Ardán Sallymount, Raghnallach, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu. B’as Kingsland, Co. Ros Comáin, don Dr Knott. Bhí cuid mhaith leabhar scríofa aige agus, faoin am a d’éag sé, timpeall 2,000 alt ar chúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Trí sheans ba é a lig an Chuntaois Markievicz agus a hoifigigh isteach i gColáiste na MáinliannaLuan Cásca 1916. Fuair céadbhean a hathar bás in 1879 agus phós sé Philippa Anne Balcombe in 1881; ní raibh acu ach an bheirt pháistí, Billie agus Eleanor. In Hull, Yorkshire, a rugadh Philippa ach is i gCorrán Marino i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí ar a muintir le tamall sular phós sí. Deirfiúr di ba ea Florence a bhí ag siúl amach le Oscar Wilde ach a phós Bram Stoker.

Tuairim 1900, bhí Eleanor ar scoil i gColáiste Abercorn, Sráid Fhearchair. Riamh ní dhearna sí aon cheann de scrúduithe na hÉireann. Tuairimíonn Mac Cárthaigh gurbh fhéidir gurbh iad scrúduithe Shasana a dhéanadh daltaí Abercorn. Le saoririseoireacht a chuaigh sí ar dtús i rith 1905-08 agus tá aistí léi le léamh in Ireland’s Own, Irish Packet (faoin ainm pinn ‘Finnéigeas’), Sinn Féin agus Irish Peasant. Mhisnigh an t-athair agus an mháthair í chun Gaeilge a fhoghlaim. Deirtear gurbh ón gCorn do mhuintir na máthar agus go raibh bá aici dá réir sin leis na teangacha Ceilteacha. Cheannaigh sí Simple Lessons Uí Ghramhnaigh in aois a 14 agus d’fhreastail ar rang Gaeilge a bhí ag Willie Pearse sa Choláiste Ealaíon. Ní deir Dáithí Ó hUaithne (Irish Times 13 Eanáir 1975) ach nach in aon ollscoil a fuair sí an oiliúint sa Ghaeilge a bhí faighte aici toisc nach raibh a leithéid le fáil in aon ollscoil san am. Is i Scoil an Léinn Ghaelaigh a tugadh an oiliúint sin di. R.I. Best a chomhairligh di freastal a dhéanamh ar Ard-Scoil an Léinn Ghaelaigh i 1907 agus níor iarradh táille na Scoile uirthi. Cé go raibh an Nua-Ghaeilge foghlamtha aici shíl sí go raibh eolas na Gréigise agus na Sanscraite riachtanach sula dtabharfadh duine faoin tSean-Ghaeilge. Faoi cheann trí bliana bhí dán sa dán díreach in eagar aici. Chaith sí tamall i mbun obair rúnaíochta na Scoile.

Tháinig a Foclóir d’Eisirt amach i 1910. Is i ngeall ar an obair a rinne sí do Mhuintir na Leabhar Gaeilge faoi stiúir Norma Borthwick ar théacsanna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire a fostaíodh í chun cabhrú le hobair an fhoclóra san Acadamh Ríoga. Chuir sí eagar ar thrí leabhar de chuid an Athar Peadar: Lughaidh Mac Con (1914), Táin Bó Cuailgne ‘na dhráma (1915) agus Aodh Ruadh (1929–31). Tá sí ainmnithe ag an sagart i measc a sheiceadóirí liteartha.

Bhí sí ar bhunaitheoirí an “Cuman um Leitiriú Shimplí” in éineacht le Risteard Ó Dálaigh, Shán Ó Cuív, Osborn Bergin agus Tomás Ó Rathile agus scríobh sí go leor litreacha chuig na nuachtáin ag moladh an chórais a bhí ceaptha ag an gCumann.

Thosaigh sí ag obair ar a heagrán de dhánta Thaidhg Dhaill Uí Uiginn i 1910. D’fhoilsigh Cumann Na Scríbheann Gaeilge é i 1922–6. Dúirt Binchy faoi: “It is, I think, generally agreed that these two volumes are the most valuable of all those issued by the Society. Gerard Murphy used to advise his students to read and re-read her Introduction as by far the best account of the life, training, conventions, strength and weakness of the Irish bardic order as a whole”. Ba é an saothar seo a thug áit di i measc mórscoláirí a linne. Moladh ar a saothar is mó atá in A New Introduction by Pádraig A. Breatnach to The Bardic Poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (1550–1591), 1996. Molann Pádraig Ó Macháin a saothar in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach, 1994 (‘Tadhg Dall Ó hUiginn: Foinse dá shaothar’).

Thosaigh sí ag obair ar fhoclóir Gaeilge an Acadaimh Ríoga mar chúntóir ag Marstrander i 1911. Dúirt Dáithí Ó hUaithne, duine dá mic léinn: “Eleanor Knott deserves most of the credit for the continuation of the Academy’s dictionary; after the departure of Marstrander from Ireland to those who worked on that great project during the last half-century she was its living embodiment”. I gcomhpháirt le Maud Joynt chuir sí eagar ar chodanna den fhoclóir agus deir D. A. Binchy fúthu: “Among the massive lexicographic works published by the Academy it seems to me that these three fasciculi will need the least amount of revision in the future: some additions undoubtedly, but very few corrections” (Ériu 26, 1975).

Foilsíodh a An Introduction to Irish syllabic poetry of the period 1200-1600 i 1928 agus i 1932 ghnóthaigh sí céim M.A. Ceithre bliana ina dhiaidh sin tháinig a heagrán de Togail Bruidne da Derga amach. Bhí sí ar fhoireann Choláiste na Tríonóide ó 1928 ar aghaidh agus i 1939 bunaíodh ollúnacht sa tSean-Ghaeilge go speisialta di. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. honoris causa uirthi an bhliain chéanna sin.

Tar éis don Acadamh Ríoga na rialacha a athrú, ba í Eleanor an chéad bhean riamh ar glacadh léi mar bhall nuair a toghadh í i 1949.

I 1957, foilsíodh Irish Classical Poetry, leabhar don phobal, agus i gcomhpháirt le Gearóid Ó Murchadha chuir sí Early Irish literature ar fáil i 1966. Tá aistí léannta aici in Hermathena, Gadelica, Éigse, Irish Book Lover, Irish Historical Studies, Galway Archaeological Society Journal, Irish Nation, agus Ériu . I gcomhpháirt le Bergin agus Ó Rathile chuir sí eagar ar imleabhair de Ériu. Tá ‘Liosta sealadach d’fhoilseacháin Eleanor Knott’ i gcló ag Mac Cárthaigh.

Bhí sé beartaithe aici eagar a chur ar dhánta a bhain le Colm Cille. Theip radharc na súl uirthi, áfach. Bhí sí dall ar feadh 20 bliain, beagnach, sular cailleadh í ar 4 Eanáir 1975 sa Molyneaux Home for the Blind Páirc Líosain, Baile Átha Cliath. Tá sí curtha i gCnocán Iaróm.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú