Tá sé ar dhuine de mhórfhilí gairmiúla sin Chúige Uladh a chonaic an dá shaol; tugann a dhánta faisnéis ní hamháin ar dhearcadh an aosa léinn i leith chúrsaí 1585–1620, mar is léir ar Aisling Ghéar... (1996) le Breandán Ó Buachalla, agus ar Poets and Politics: Reaction and Continuity in Irish Poetry, 1558–1625 (1998) le Marc Caball, ach ar mheon an fhile agus ar fheidhmeanna na filíochta i rith na gcéadta bliain. Tá an dá thuairim ann i dtaobh fhiúntas a dhánta. Deir Eleanor Knott (Irish Syllabic Poetry..., 1928): ‘He was a voluminous composer of simple, if not very distinguished verse.’ Deir Osborn Bergin (Irish Bardic Poetry..., 1970): ‘Fearghal Óg is noted for his smooth and simple style...’. Tá tuairim trí scór dán leis ar marthain agus tá a bhformhór i gcló anseo is ansiúd... Dioghluim Dána (1938) agus Aithdhioghluim Dána (1939) in eagar ag Láimhbheartach Mac Cionnaith; Irish Bardic Poetry; Irish Syllabic Poetry; Leabhar Cloinne Aodha Buidhe (1931) in eagar ag Tadhg Ó Donnchadha. Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets... (2000) deir John Minahane go bhfuil na dánta neamhfhoilsithe bailithe le chéile ag Pádraig Ó Macháin i dtráchtas dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann.

Is beag atá foilsithe i dtaobh a shaoil. Sa chur síos gairid in Dán na mBráthar Mionúr [II] (1980) deir Cuthbert Mhág Craith gurbh é Fearghal Mac an Bhaird (d’éag 1550) a athair. Is insuime an cur síos a dhéanann Pádraig A. Breatnach (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997) ar a sheanaois i Lováin; tá sé le tuiscint ó dhán a scríobh sé timpeall an ama sin do Fhlaithrí Ó Maoilchonaire, ‘Éist rem éagnach, a fhir ghráidh’, go raibh siad beirt ar scoil le chéile. Bhí Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirdhealbhach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa. Cormac Ó hEadhra, agus Cúchonnacht Mag Uidhir i measc na bpátrún a bhí aige. Bhí sé fadsaolach mar fhile agus is cosúil gur timpeall 1577 a chuaigh sé i mbun na ceirde sin. In 1601 bhí sé ag iarraidh a bheith ina ollamh ag Aodh Rua Ó Domhnaill agus go mbronnfadh seisean fearann air (‘Ionnmhas ollaimh onóir ríogh’). Tá curtha síos ag Pádraig A. Breatnach in Proceedings of the Royal Irish Academy, 1983 (‘The Chief’s Poet’) ar a ghéire a theastaigh ollúnacht Uí Dhomhnaill uaidh agus ar a sheirbhe bhí sé, i ndiaidh bhás Aodha Rua, le Ruairí Ó Domhnaill nuair nach bhfuair í. Chaith sé cúpla tréimhse ar deoraíocht. In Albain a bhí sé in 1603 agus fuair pátrúnacht ann. Tá sé le baint as ‘Beannacht síar uaim go hÉirinn’ gur namhaid faoi deara dó Éire a fhágáil (‘Mo bheannacht ós aird uile / go hUlltaibh ach aonduine....). Chaith sé tamall i gCúige Mumhan (‘Slán agaibh, a fhiora Mumhan’) agus deir Mhág Craith go raibh sé pósta ar Mháire, deirfiúr le Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha, ollamh larla Thuamhumhan. Is cosúil gur cuireadh as seilbh é uair éigin i ndiaidh 1616. Chuaigh sé go dtí Lováin tuairim na bliana sin ag lorg pátrúnachta. Bhí sé bocht dealbh ann ar feadh tamaill agus scríobh cúpla dán impíocha chuig Flaithrí Ó Maoilchonaire. Tá ceann díobh (‘Fúaras iongnadh, a fhir chumainn’) i gcló ag Bergin. Tuairimíonn Breatnach gur malairt lóistín a bhí sé a iarraidh, i dteach aíochta na bhFroinsiasach, b’fhéidir, gur éist Flaithrí lena achainí agus mar chúiteamh is ea na dánta cráifeacha a chum sé. Is i Lováin a d’éag sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú