MAC AN BHÁIRD, Conchúr (1889–1973)

Dhá rud a thuilleann clú don sagart Gaelach seo – is féidir a mhaíomh gurbh é an cainteoir dúchais deireanach i sean-Ghaeltacht Oiriall é, agus ba é a rinne léirmheas ar thrí leabhar le Seosamh Mac Grianna.

I gCorr Lí Ghoirm, Achadh an Bhrúim, Co. Mhuineacháin, a rugadh Edward Cornelius Ward ar an 2 Lúnasa 1889. ‘Corny’ nó Conor a thugtaí air. Bhain teaghlach Mhic an Bháird leis an dúiche sin leis na céadta bliain. Ba chainteoirí dúchais Gaeilge seanathair Chonchúir, Constantine, agus a bhean, Catherine Mc Cabe. Ba le Gaeilge a tógadh athair Chonchúir, Patrick, an mac is sine, ach ba le Béarla a tógadh an triúr eile. B’fheirmeoir é Patrick agus bhí clú air mar shaor adhmaid agus fear déanta cóistí. Bean tí a bhí i máthair Chonchúir, Eliza a raibh clú na carthanachta uirthi. Saolaíodh deichniúr páistí don lánúin seo, Mary Anne, Margaret, Elizabeth, Patrick, Owen, Thomas, Peter, Brigid, Conchúr agus Constantine (Conn). Nuair a pósadh Patrick Ward agus Eliza Ruddin ar an 28 Iúil 1870 chuaigh siad chun cónaithe le huncail le Patrick, Alexander Mc Cabe, ar fheirm a bhí i bhfoisceacht scread asail de theach Constantine. Is ann a d’fhás Conchúr aníos. Teaghlach poblachtach ab ea iad. Bhí Patrick gníomhach i gCogadh na Talún agus bhí deartháir óg Chonchúir, an Dr Conn Ward, gníomhach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad sa chéad seo a chuaigh thart. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil. Toghadh ina Theachta Dála é do Mhuineachán in 1932 agus bhí sé ina Rúnaí Parlaiminte don Roinn Sláinte.

D’éag máthair Chonchúir agus a leanbh nuabheirthe ar an 17 Samhain 1894 agus í in aois a 43 bliain agus gan Conchúr ach cúig bliana. Socraíodh go bhfanfadh Conn, an mac is óige sa bhaile ach go rachadh Conchúr a chónaí lena aintín Mary Duffy (née Ruddin) i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin. Cuireadh Conchúr ar Scoil Mhuire, Baile na Lorgan. In 1902, agus é 13 bliana d’aois, tharla bás tubaisteach eile nuair a d’éag Mary Duffy. D’fhill Conchúr abhaile agus d’fhreastail ar an Ardscoil Phaitríoch i gCarraig Mhachaire Rois. Bliain ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé chuig Coláiste Mhic Carthainn, gar do bhaile Mhuineacháin, áit ar fhan sé mar scoláire cónaithe idir 1903 agus 1907 agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chuig Coláiste Phádraig, Maigh Nuad le bheith ina shagart.

Chruthaigh sé ardacmhainn léinn sa diagacht, sa stair agus sa Ghaeilge i Maigh Nuad. Chothaigh Coláiste Phádraig an dúil a bhí aige sa teanga ach b’fhada roimhe sin ó céadlasadh a ghrá don Ghaeilge. Gaeilgeoirí dílse a bhí ina athair mór Constantine, agus ina athair féin Patrick, a n-insíonn a mhac siúd, Peadar dúinn faoi:

When, about sixty-two years of age, shortly after the Gaelic League Branches were established in the district, he took up the study of Irish and being a native speaker… learned to read it in a very short time and won the first prize for a speech in Irish at the Feis in Carrickmacross about the year 1906. (Peadar Mac an Bháird, ginealas neamhfhoilsithe a scríobhadh in 1945 agus a chuir Brian Mac an Bháird ar fáil don údar)

Bhí muintir Mhic an Bháird in Oirialla ón 15ú céad anall. Bhí eolas ag Conchúr ar na baill ba mhó sa teaghlach a thuill clú na filíochta i ndeireadh ré órga na Gaeilge Clasaicí: Fearghal Óg, Eoghan Rua, Aodh Buí agus go háirithe Diarmuid (Mac Laoisigh) a raibh nasc aige le dúiche Fhearnaí féin. Deir an tEaspag Seosamh Ó Dufaigh gur léirigh Conchúr Mac an Bháird suim mhór ina chuid taighde nuair a bhí sé ag cur eagar ar Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann. Ag fás aníos do Chonchúr i bparóiste Dhomhnach Maighean, bhí iarsmaí láidre de Ghaeltacht Fhearnaí fós beo agus díograiseoirí ag bailiú béaloidis – Seosamh Laoide, Énrí Ó Muirgheasa agus an tAthair Dan Ó Conchúir.

Oirníodh ina shagart é ar an Domhnach 17 Lúnasa 1913 i séipéal Naomh Muire, Baile na Lorgan. Ceapadh ina mhúinteoir le Gaeilge é i gColáiste Mhic Carthainn ó 1913 go dtí 1919. Múinteoir éifeachtach dúthrachtach a bhí ann, ach de réir an tseanchais bhí lúcháir ar na scoláirí nuair a aistríodh amach go paróiste é!

Fear láidir lúfar a bhí ann agus bhíodh sé féin agus a dheartháir Conn ag imirt leadóige le chéile. Peileadóir cumasach a bhí ann agus bhíodh sé gníomhach i mbun thraenáil na peile sa choláiste. Léiríodh sé dílseacht dá alma mater i dtólamh nuair a bhíothas ag cruinniú airgid don fhorbairt. In 1919 aistríodh go Cluain Eois é mar ar chaith sé trí bliana ina shagart cúnta ó go 1922. Ansin aistríodh go hInis Ceithleann é, áit ar fhan sé go dtí 1929. Bhíodh sé gníomhach i mbun na staire le linn an ama a chaith sé in Inis Ceithleann. Thug sé sraith léachtaí ar ábhar seandálaíochta agus staire, agus bhí sé féin agus an tAthair Mac Cionnaith i dteagmháil leanúnach le chéile faoi chúrsaí staire agus seandálaíochta. Ar na léachtaí a thug sé bhí, ‘The Coming of the Celts’, ‘The Five Fifths of Ireland’, ‘Bronze Age Pottery’, ‘The Bronze Age in Ireland: Ornaments and Implements found in Fermanagh and Tyrone’, ‘The Red Branch Knights and the Great Ulster Epic’, ‘Pre-Celtic Ireland: Social Organisation’, ‘Religion and Disposal of Dead in Pre-Celtic Ireland’. Gach samhradh ba ghnách leis imeacht chuig Coláiste Bhríde in Ó Méith Mara (agus i ndiaidh 1926 i Rann na Feirste). D’fhill sé ar Choláiste Mhic Carthainn in 1929 agus ceapadh ina leas-phríomhoide é. Ba le linn an ama seo a scríobh sé na tuairiscí ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna don Ghúm. In 1939 ceapadh é ina riarthóir paróiste i Leatón agus ansin in 1941 rinneadh sagart paróiste de agus d’fhan sé ann go 1960. Ar an 7 Feabhra 1942 cheap an Déan Patrick Keown, biocáire ginearálta dheoise an Chlochair, an tAthair Conchúr Mac an Bháird mar chomharba air féin mar Phrióir ar Loch Dearg. Mhair Conchúr ina phrióir go dtí 1961. Rinne sé forbairt mhór ar an oilithreacht agus is mar aitheantas ar a shaothar a bronnadh gradam moinsíneora air.

In 1960 aistríodh ar ais go Cluain Eois ina shagart paróiste é. Faoin am seo bhí sé corradh le trí scór go leith bliain d’aois agus é ag cailleadh radharc na súl. Is beag a d’fhoilsigh sé le linn a shaoil. Ar ócáid cheiliúrtha céad bliain de Choláiste Mhic Carthainn in 1940 chum sé dán in ómós don scoil a foilsíodh in eagrán speisialta ag an am. Is mar mhac ag labhairt lena mháthair a bheannaíonn sé dá sheanscoil. Is suntasaí na léirmheasanna a rinne sé ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna. Scríobh sé cuntas géar binbeach ar Na Lochlannaigh:

Tchídtear damh-sa nach bhfuil an t-urradh agus an chéimidheacht ’na chuid Gaedhilge a bhíodh innte seal bliadhantach ó shoin… Is beag rud a léigh mé le fada ar lugha mo shuim ann de thairbhe an adhbhair de… ’Sé mo bharamhail nach bhfuil ins an láimh-sgríbhinn seo ach ramás de rud. Ní fiú cló a chur uirthe. (Cartlann an Ghúim, N0573)

Foilsíodh an leabhar in ainneoin a chomhairle. A mhalairt ar fad de chuntas a scríobh sé ar Mo bhealach féin:

... tá sí, gan aidhbhéil ar bith, ar an Ghaedhilg is fearr a scríobh Seosamh Mac Grianna ó chuaidh sé an chéad uair i gcionn an phinn… tharraing sé a sgéal ins an láimhsgríbhinn seo ar cineálacha arab annamh trácht orthu i nGaedhilg – samhailteacha, smaointeacha agus baramhlacha… agus ní fhuil aon chineál aca nár chuir sé canamhaint chomh nádúrtha dúthchasach sin leis go sílfeá gur as lár na Gaedhilge a fásgadh é an chéad uair … ’Sé mo bharamhail go bhfuil adhbhar leabhair ’san láimhsgríbhinn seo nach raibh a leithéid againn go fóill i nGaedhilg… Is beag leabhar den chineál seo i mbéarla fhéin, atá ionchurtha leis. (Cartlann an Ghúim, N0588)

Ba é a bharúil fosta gur chóir an saothar leathscríofa Dá mbíodh ruball ar an éan a fhoilsiú.

D’éag an Moinsíneoir Conchúr Mac an Bháird ar an 6 Deireadh Fómhair 1973 i dteach altranais Naomh Anna, i mBéal Átha Beithe, Co. Mhuineacháin. Píosa lom gonta, de réir a thola féin, atá greanta ar a thuama: ‘I ndíl-chuimhne an Monsignor Éamonn Conchúr Mac an Bháird, Sagart Paróiste Chluain Eois a rugadh 2adh Lúghnasa 1889 a d’éag 6adh Deireadh Fóghmhair 1973. Cuir paidir le hanam an tsagairt.’ Bhí ceithre bliana is ceithre scór slánaithe aige agus bhí tuairisc a bháis ar Northern Standard na seachtaine sin.

Tá alt faoi le Seán Mac Labhraí, ‘E.C. Mac an Bháird’, in Clogher Record, 2015.

Seán Mac Labhraí