Chuir Tomás Ó Raghallaigh eagar ar Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, 1930. Bhí ar a laghad cúigear filí den ainm agus den sloinne sin. San aiste ‘Duanta Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV: An Dán Díreach, 1994 deir Damien Ó Muirí faoi leabhar Uí Raghallaigh: ‘Tá 21 dán sa chnuasach sin, ach tá deacracht amháin againn sa mhéad go nglacann an t-eagarthóir leis gur Eoghan Ruadh mac Gofraidh a chum iad, ach fuair seisean bás sa bhliain 1609 agus aois mhór aige. Bhí, ar ndóiche, Eoghan Ruadh mac Uilliam Óig ann.’ Is dóigh leis gurbh é an fear seo againne a chum cibé dánta i gcnuasach Uí Raghallaigh ar féidir dátaí níos deireanaí ná 1609 a lua leo. Ach téann sé níos faide ná sin: ‘Má chuireann muid san áireamh gur cumadh na duanta uilig sa chnuasach i ndiaidh na bliana 1600, tá seans ann gur Eoghan Mac Uilliam a chum iad ar fad.’ Pléann sé 13 dán i gcomhthéacs stair na hÉireann agus mhuintir Uí Dhomhnaill ó 1601 amach. Cuireann Pádraig A. Breatnach in Éigse XXXI, 1999 (‘An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward and the Louvain Hagiographical Enterprise’) thar amhras gurbh Eoghan a bhí ar athair Aoidh Mhic an Bhaird agus gurbh í Máire Ní Chléirigh a mháthair (cáipéis i gcló ag D.J. O’Doherty in Archivium Hibernicum 2, 1913 atá mar fhianaise aige) agus meastar gurbh é an Eoghan sin an file aitheanta Eoghan Rua Mac an Bhaird.

In Measgra i gcuimhne Mhichil Uí Chléirigh, 1944 in eagar ag Sylvester O’Brien (‘Eoghan Ruadh Mac Uilliam Oig Mhic an Bhaird’) tá colas ag Cuthbert McGrath OFM. Tá cuntas gairid air in Imeacht na nlarlaí, 1972 ag na heagarthóirí. B’as Cill Bharrainn i gContae Dhún na nGall dó. Uilliam Óg Mac an Bhaird, file oidhreachtúil Uí Dhomhnaill (d’éag 1576), a athair. Deir Mhág Craith: ‘He may be among the following McAwards pardoned on 26 February 1603: Owen Roe, William oge, Owen and Conor Roe.... But there can be little doubt that it is Eoghan Ruadh who was commissioned to enquire into the boundaries of lands belonging to the Lord of Tirconnell. O’Doherty and O’Connor Sligoe on 26th Nov the same year. For the Owen Roe in question was a chronicler from Kilbarron.’

D’imigh sé thar sáile leis na hiarlaí i Meán Fómhair 1607. I bhFlóndras a d’fhan sé agus tugadh pinsean tríocha escudo sa mhí dó. Chuaigh sé as sin go dtí an Róimh agus thug Rí na Spáinne pinsean 25 choróin dó i 1612 agus ‘cuireadh dualgas éigin air a bhain le hArm na Spáinne’ (de Barra agus Ó Fiaich). Chuaigh sé ar ais chuig Flóndras an bhliain chéanna sin chun a bheith in éineacht le Róis Ní Dhochartaigh, baintreach Chafairr Uí Dhomhnaill, ach ní bhfuair sé aon deontas ansin. D’fhill sé ar an Róimh roimh Lúnasa 1613. Bhí sé ann go fóill thart ar Mheitheamh 1625 mar bhí sé i measc na ndaoine a thug tacaíocht do Bonaventure Magennis nuair a bhí easpag le ceapadh ar dheoise Dhúin. ‘Dominis Eugenius Vardeus, Nobilis Hibernus’ an cur síos a dhéantar air. ‘The title Nobilis Hibernus fixes him as the poet, for we know he became the chief of his name’, a deir Mhág Craith. Is dóigh gur sa Róimh a cailleadh é.

Scríobh Eoghan dán d’Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar a imeacht chun na Spáinne (‘Rob soraidh t’eachtra a Aoidh Ruaidh’). Scríobh sé dán dá dheartháir Ruairí nuair a chuaigh seisean go Baile Átha Cliath ag déanamh síochána leis an rialtas (‘Dána an turas trialltar sonn’). Chaoin sé Ruairí agus a dheartháir Cafarr i ndán a scríobh sé dá ndeirfiúr Nuala (‘A bhean fuair faill ar an bhfeart’). Bhunaigh James Clarence Mangan ‘O Woman of the piercing wail’ air sin. Chuir Eleanor Knott eagar air in Celtica V, 1960 (‘ Mac an Bhaird’s elegy on the Ulster Lords’). Deir si: ‘Eoghan Rua Mac an Bhaird’s address to Nuala, daughter of Aodh Dubh Ó Domhnaill, conceived as a solitary mourner at the tomb in Rome of her kinsmen is, I think from its subject and treatment, the noblest and most moving of all the known elegies in the classical style.’ Tugann an scoláire céanna ‘a thoughtful and graceful writer’ ar an bhfile in Irish Syllabic Poetry..., 1928.

Chuir sé dán (‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’) chuig Aodh Ó Domhnaill, mac le Ruairí, in éineacht le ‘leabhar ar riaghlachaibh et ar inneall an chogaidh’. Is dóigh le Mhág Craith gurb é atá ann aistriúchán ar A discourse of military discipline divided into three books ... leis an gCaptaen Gerat Barry. Agus é ag tagairt d’ionsaí ar Éirinn a bhí á bheartú 1625–27 deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is ar an ócáid sin, ceapaim, agus Aodh Ó Dónaill ag ullmhú chun tabhairt faoi Éirinn a scríobh Eoghan Rua Mac an Bhaird ... an dá dhán úd “Fogas furtacht don tír thuaidh” agus “A leabhráin ainmnighthear d’Aodh”.’ Tá an dara dán sin chomh maith le trí cinn eile le hEoghan Rua in eagar ag Osborn Bergin in Irish bardic poetry, 1970: ‘Dána an turas trialltar sonn’, ‘Rob soruidh t’eachtra, a Aodh Ruaidh’ agus ‘Truagh do chor a chroidhe tim’ (dán a chum sé nuair a chuala sé Ruairi Ó Domhnaill a bheith go dona tinn).

Leagtaí cuid de dhánta Aoidh Mhic Aingil air, ‘A fhir fhéachas uait an cnáimh’ agus ‘Dia do bheatha a naoidhe naoimh’, mar shamplaí. Agus deir McGrath: ‘In conclusion, it may be remarked that the very coupling of Eoghan Ruadh’s name with that of Mac Aingil in the headings of poems of such nature is possibly an indication that the scribes regarded both as members of the same profession. It might well have been some such notion which prompted another later scribe to write “An Sioguidhe Romhanach do réir Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird dochtúir san diadhacht”.’ Bhí an dara mac aige sna Froinsiasaigh, Fearghal Óg; d’fhill seisean ó Lováin agus crochadh é i 1642. Táthar le fada ag iarraidh a dheimhniú go ndeachaigh Eoghan Rua féin isteach sna Froinsiasaigh nó nach ndeachaigh. Bhí ráite ag McGrath in Measgra i gcuimhne Mhichil Uí Chléirigh nár chosúil gurbh ionann Eoghan Rua agus an tAthair Cornelius Mhac an Bhaird OFM. In Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 deir an scoláire céanna: ‘Idir an dá linn fuair mé tuilleadh eolais a thugas le tuiscint gur féidir gurb ionann Eoghan Ruadh agus Cornelius.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú